Nósanna imeachta cinnteoireachta idir-rialtasacha
Sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), chomh maith le réimsí eile amhail comhar feabhsaithe, ceapacháin áirithe agus athbhreithniú ar na conarthaí, tá an nós imeachta cinnteoireachta éagsúil lena bhfuil i réim sa ghnáthnós imeachta reachtach. Is í an ghné is láidre sna réimsí seo ná comhpháirt níos láidre den chomhar idir-rialtasach. Tá dúshlán na géarchéime fiachais phoiblí tar éis úsáid mhéadaithe na sásraí cinnteoireachta sin a spreagadh, go háirithe i gcreat rialachas eacnamaíoch na hEorpa.
Bunús dlí
Airteagail 20, 21-46, 48 agus 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE); Airteagail 2(4), 31, 64(3), 81, 89, 103(1), 113, 115, 118, 127, 153, 191(3), 192, 194(2), 215, 218, 220, 221, 312, 329 agus 333 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
Cur síos
A. An nós imeachta chun na Conarthaí a leasú (Airteagal 48 CAE)
- Togra: aon Bhallstát, an Pharlaimint nó an Coimisiún;
- Ról an Choimisiúin: comhairliúchán agus rannpháirtíocht sa chomhdháil idir-rialtasach;
- Ról na Parlaiminte: déantar comhairliúchán sula dtionóltar an chomhdháil idir-rialtasach (baineann an Pharlaimint leis na comhdhálacha féin ar bhonn ad hoc ach le tionchar méadaithe: ar feadh tréimhse áirithe rinne a hUachtarán nó beirt dá Feisirí ionadaíocht uirthi; ag an gcomhdháil idir-rialtasach is déanaí chuir sí triúr ionadaithe ar fáil);
- Ról Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh: comhairliúchán i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta;
- Cinneadh: comhthoil na rialtas maidir le leasuithe ar na Conarthaí, a chuirtear chun na mBallstát lena ndaingniú i gcomhréir lena riachtanais bhunreachtúla; roimhe sin, is gá cinneadh ón gComhairle Eorpach, trí thromlach simplí, maidir le Coinbhinsiún a thionól nó gan a thionól, tar éis thoiliú na Parlaiminte.
B. Nós imeachta chun clásail passarelle a ghníomhachtú
- An Chomhairle Eorpach: gníomhachtaíonn agus cinneann, d’aon toil, maidir le clásal ginearálta passarelle (Airteagal 48 CAE) agus an passerelle sonrach don chreat airgeadais ilbhliantúil (Airteagal 312 CFAE) a úsáid. Tá ceart ag aon pharlaimint náisiúnta an clásal ginearálta a chrosadh;
- An Chomhairle: is féidir leis an gComhairle clásail passerelle eile a chinneadh, ag gníomhú di d’aon toil nó trí thromlach cáilithe, ag brath ar an bhforáil ábhartha sna Conarthaí (Airteagal 31 CAE, Airteagail 81, 153, 192 agus 333 CFAE).
C. An nós imeachta aontachais (Airteagal 49 CAE)
- Iarratais: ó aon stát Eorpach a chomhlíonann prionsabail an Aontais (Airteagal 2 CAE); fógra a thabhairt do pharlaimintí náisiúnta agus do Pharlaimint na hEorpa; comhaontaíonn an Chomhairle Eorpach maidir le coinníollacha incháilitheachta;
- Ról an Choimisiúin: comhairliúchán; bíonn sé gníomhach le linn caibidlíochtaí a ullmhú agus a sheoladh;
- Ról na Parlaiminte: toiliú, trí thromlach glan de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint;
- Cinneadh: ón gComhairle, d’aon toil; cuirtear an comhaontú idir Ballstáit AE agus an stát iarratasóra, ina leagtar amach téarmaí aontachais agus na hoiriúnuithe is gá, chun na Ballstáit go léir lena dhaingniú i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla.
D. An nós imeachta aistarraingthe (Airteagal 50 CAE)
- Iarraidh: tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Chomhairle Eorpach faoina intinn, i gcomhréir lena riachtanais bhunreachtúla féin;
- Conclúid: bíonn sé i bhfoirm comhaontú aistarraingthe arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle tar éis toiliú a fháil ón bParlaimint, agus ag gníomhú di trí thromlach cáilithe (Airteagal 238(3)(b) CFAE); sainmhínítear é seo mar 72 % de chomhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht ar na Ballstáit rannpháirteacha (i.e. gan an stát atá ag imeacht san áireamh), a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra na mBallstát sin.
E. Nós imeachta smachtbhannaí maidir le sárú tromchúiseach agus leanúnach ar phrionsabail an Aontais ag Ballstát (Airteagal 7 CAE)
1. Príomhnós imeachta
- Togra le haghaidh cinnidh lena gcinntear go bhfuil sárú tromchúiseach agus leanúnach ann: aon trian de na Ballstáit, nó an Coimisiún;
- Toiliú na Parlaiminte: arna ghlacadh ag tromlach dhá thrian de na vótaí a caitheadh, agus a bheidh ionann le tromlach na bhFeisirí (Riail 83(3) de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte);
- Cinneadh lena gcinntear go bhfuil sárú ann: arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach, d’aon toil, gan rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann, tar éis di cuireadh a thabhairt don Stát atá i gceist a bharúlacha a chur isteach ar an ábhar;
- Cinneadh chun cearta áirithe den Bhallstát lena mbaineann a fhionraí: arna ghlacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe (gan rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann).
2. D’fhorlíon Conradh Nice an nós imeachta seo le córas réamhchúraim
- Togra réasúnaithe le haghaidh cinneadh lena gcinntear go bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaidh Ballstát sárú tromchúiseach ar phrionsabail an Aontais: ar thionscnamh ón gCoimisiún, ón bParlaimint nó ó aon trian de na Ballstáit;
- Toiliú na Parlaiminte: arna ghlacadh ag tromlach dhá thrian de na vótaí a caitheadh, agus a bheidh ionann le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint;
- Cinneadh: arna ghlacadh ag an gComhairle trí thromlach ceithre chúigiú dá comhaltaí, tar éis an Ballstát i gceist a éisteacht. Féadfaidh an Chomhairle moltaí a chur chun an Bhallstáit sula ndéanfar cinneadh den sórt sin.
F. Nós imeachta an chomhair fheabhsaithe
1. Rialacha ginearálta (Airteagal 20 CAE, Airteagal 329(1) CFAE)
- Togra: ceart eisiach an Choimisiúin; Is féidir le Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhar feabhsaithe a bhunú iarraidh a chur chun an Choimisiúin chuige sin;
- Ról na Parlaiminte: toiliú;
- Cinneadh: ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.
2. Comhar i réimse CBES (Airteagal 329(2) CFAE)
- Iarraidh chun na Comhairle ag na Ballstáit lena mbaineann;
- Cuirtear an togra ar aghaidh chun Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Ardionadaí), a thugann tuairim;
- Faisnéis don Pharlaimint;
- Gníomhaíonn an Chomhairle ar bhonn aontoilíochta.
Tá nós imeachta comhchosúil ann chun comhoibriú struchtúrtha a thionscnamh sa bheartas cosanta a thug Conradh Liospóin isteach (5.1.2).
G. Nós imeachta maidir le cinntí i ngnóthaí eachtracha
Dhíothaigh Conradh Liospóin struchtúr trí cholún na gconarthaí roimhe sin, ach choinnigh sé an beartas eachtrach ar leithligh ó bheartais eile AE. Tá cuspóirí agus forálacha CBES san áireamh sa Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá siad dréachtaithe ar bhealach níos fearr agus is comhleanúnaí iad anois ná mar a bhí sna conarthaí roimhe seo.
Athrú mór institiúideach ná oifig an Ardionadaí a chruthú, a fhaigheann cúnamh ó Sheirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí nua agus ar féidir léi tionscnaimh a mholadh faoi CBES. Tá CBES comhtháite i gcreat an Aontais ach leanann sé rialacha agus nósanna imeachta sonracha (Airteagal 24(2) CAE).
- Togra: aon Bhallstát, an tArdionadaí nó an Coimisiún (Airteagal 22 CAE);
- Ról na Parlaiminte: curtha ar an eolas go rialta ag an Uachtaránacht agus dulta i gcomhairle léi maidir leis na príomhghnéithe agus na roghanna bunúsacha. Faoin gcomhaontú idirinstitiúideach maidir le maoiniú CBES, is imeacht bliantúil é an próiseas comhairliúcháin seo ar bhonn doiciméad ón gComhairle;
- Cinneadh: An Chomhairle Eorpach nó an Chomhairle, ag gníomhú dóibh d’aon toil. Sainmhíníonn an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí agus leasanna straitéiseacha AE; déanann an Chomhairle cinntí nó gníomhaíochtaí. Cuireann an tArdionadaí agus na Ballstáit na cinntí sin i bhfeidhm, ag úsáid acmhainní náisiúnta nó acmhainní an Aontais. Féadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a thionól má éilíonn forbairtí idirnáisiúnta amhlaidh.
H. Bearta reachtacha eile (2.6.8)
Coimeádtar cinnteoireacht idir-rialtasach freisin i réimsí sonracha áirithe de bheartas AE atá íogair ó thaobh na polaitíochta de, go háirithe sna réimsí seo a leanas:
- Ceartas agus gnóthaí baile: bearta maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, comhar breithiúnach (Airteagal 89 CFAE);
- An margadh inmheánach: srianta ar ghluaiseacht chaipitil (Airteagal 64(3) CFAE), an beartas iomaíochta (Airteagal 103(1) CFAE), bearta um chomhchuibhiú cánach (Airteagal 113 CFAE), comhfhogasú dlíthe a dhéanfaidh difear do bhunú an mhargaidh inmheánaigh (Airteagal 115 CFAE), cearta maoine intleachtúla (Airteagal 118 CFAE);
- Beartas airgeadaíochta: cúraimí maoirseachta stuamachta sonracha a thabhairt don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) (Airteagal 127 CFAE);
- Réimsí beartais eile, amhail, bearta sóisialta agus fostaíocht (Airteagal 153 CFAE), fuinneamh (Airteagal 194(2) CFAE) nó comhshaol (Airteagal 191(3) CFAE).
I. Bainistiú géarchéime airgeadais (2.6.8)
Tar éis do dheacrachtaí tromaí airgeadais teacht go roinnt Ballstát in 2010, bhí sé riachtanach teacht i gcabhair orthu ar shlite éagsúla. Bainistíonn an tAontas roinnt comhpháirteanna den phacáiste cabhrach, mar shampla, an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach. Íocann na Ballstáit an phríomhchuid go díreach, go háirithe na ranníocaíochtaí leis an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF). Is ‘feithicil shainchuspóireach’ é an EFSF arna chruthú ag comhaontú idir-rialtasach i measc Bhallstáit an limistéir euro. Mar sin, níor mhór na cinntí ba ghá le haghaidh na mbeart idir-rialtasach sin a dhéanamh ar leibhéal na Comhairle Eorpaí, nó Chinn Stáit nó Rialtais an Ghrúpa Euro, lena n-áirítear daingniú sna Ballstáit i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla náisiúnta. Dhá chúis thábhachtacha leis an bhforbairt seo ná clásal an toirmisc ar tharrtháil airgeadais (Airteagal 125 CFAE) agus doicheall roinnt cúirteanna bunreachtúla náisiúnta i dtaobh aistriú breise cumhachtaí airgeadais agus buiséadacha chun an Aontais Eorpaigh.
Ghlac an Chomhairle Eorpach leasú ar Airteagal 136 CFAE (comhordú beartais eacnamaíoch) an 25 Márta 2011, faoin nós imeachta simplithe um athbhreithniú na gConarthaí, gan Coinbhinsiún a thionól (Cinneadh 2011/199/AE ón gComhairle Eorpach). Tháinig sé i bhfeidhm i mí Aibreáin 2013, rud a chumasaigh buansásraí coiscthe géarchéime amhail an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) teacht i ngníomh. Cruthaíodh an dara ceann le conradh idir-rialtasach idir baill an limistéir euro, a tháinig i bhfeidhm an 27 Meán Fómhair 2012. I measc na nósanna imeachta vótála a úsáidtear sa bhord feidhmiúcháin tá ‘nós imeachta éigeandála’, mar a thugtar air, a fhorálann do thromlach cáilithe 85 % má cheapann an Coimisiún agus BCE go bhfuil gá le cinneadh práinneach a bhaineann le cúnamh airgeadais. Ar deireadh, tharraing rialtais na mBallstát suas an Conradh maidir le Cobhsaíocht, Comhordú agus Rialachas (TSCG) san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013, tar éis do 12 pháirtí chonarthacha a bhfuil an euro mar airgeadra acu a n-ionstraim daingnithe a thaisceadh. Déanfar foráil sa chonradh, go háirithe, do riail an bhuiséid comhardaithe i ndlíchórais intíre (an Comhshocrú Fioscach). As measc na 25 pháirtí chonarthacha in TSCG, tá 22 díobh san iomlán faoi cheangal an Chomhshocraithe Fhioscaigh (na 19 mBallstát atá i limistéar an euro, móide an Bhulgáir, an Danmhairg agus an Rómáin).
J. Ceapacháin
- Ceapann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an tUachtarán, an Leas-Uachtarán agus ceithre chomhalta eile Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ar mholadh ón gComhairle agus tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint (Airteagal 283(2) CFAE);
- Ceapann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Airteagal 18(1) CAE); ina cháil nó ina cáil mar Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún, tá an tArdionadaí, mar sin féin, faoi réir vóta toilithe ag Parlaimint na hEorpa, in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin agus comhaltaí eile de chuid an Choimisiúin;
- Ceapann Rialtais na mBallstát, de chomhthoil, breithiúna agus abhcóidí ginearálta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta (roimhe seo an Chúirt Chéadchéime) (Airteagal 19(2) CAE);
- Ceapann an Chomhairle Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí trí thromlach cáilithe, ar mholadh gach Ballstáit agus tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint (Airteagal 286(2) TFEU).
Ról Pharlaimint na hEorpa
Roimh Chomhdháil Idir-Rialtasach 1996, d’éiligh an Pharlaimint cheana féin go ndéanfaí ‘comhphobalú’ ar an dara agus an tríú colún, ionas go mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta cinnteoireachta is infheidhme faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir leo freisin.
Tar éis iarrachtaí leanúnacha na Parlaiminte i rith an Choinbhinsiúin Eorpaigh go ndéanfaí an dara agus an tríú colún, mar a bhíodh, a thabhairt isteach mar chuid de struchtúr an Aontais (1.1.4), leathnaigh Conradh Liospóin cinnteoireacht fhornáisiúnta go dtí an tríú cholún (ceartas agus gnóthaí baile), mar a bhíodh, agus thug sé isteach creat institiúideach comhleanúnach maidir le beartas eachtrach agus slándála, le nuálaíochtaí tábhachtacha amhail Uachtarán fadtéarmach na Comhairle Eorpaí agus post mar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
I gcomhthéacs idir-rialtasú a mhéadú maidir le rialachas eacnamaíoch agus fioscach, rinne an Pharlaimint a cion féin chun rannpháirtíocht chuí institiúidí AE a áirithiú sa chaibidlíocht ar an gconradh idirnáisiúnta a luaitear thuas i roinn I.
I mí Feabhra 2019, ghlac an Pharlaimint rún maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha i dtaca le comhar feabhsaithe[1], ina d’eisigh sí moltaí maidir le forbairt comhar feabhsaithe amach anseo. Go háirithe, mheas an Pharlaimint gur ghá nós imeachta a cheapadh chun údarú comhar feabhsaithe i réimsí le suntasacht ard pholaitiúil a chur i gcrích laistigh d’achar ama níos giorra ná fad dhá uachtaránacht as a chéile sa Chomhairle. D’iarr sí freisin ar an gCoimisiún rialachán a mholadh chun an creat dlíthiúil ábhartha maidir le comhar feabhsaithe a shimpliú agus a aontú.
I rún uaithi an 13 Feabhra 2019, ar staid na díospóireachta ar Thodhchaí na hEorpa[2], thacaigh an Pharlaimint le gníomhachtúchán de clásail passarelle (Airteagal48 (7)(1) agus 48(7)(2) de CAE) agus clásail passarelle áirithe eile chun teacht slán ó dhúsháinn na vótála d’aon toil gan bheith réitithe idir-rialtasacha taobh amuigh de raon feidhme na gConarthaí a lorg. Sa tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, a cuireadh faoi bhráid Uachtaráin na dtrí institiúid an 9 Bealtaine 2022, tugtar chun suntais a thábhachtaí atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar na próisis chinnteoireachta atá bunaithe ar an aontoilíocht. An 11 Iúil 2023, ghlac an Pharlaimint rún[3] maidir le clásail passerelle i gconarthaí an Aontais a chur chun feidhme.
Eeva Pavy