Seachtain Eorpach um Chomhionannas Inscne
9-15 Nollaig 2024
Seachtain um Chomhionannas Inscne: Cearta na mban a chur chun cinn
Cosnaíonn Parlaimint na hEorpa cearta na mban ar fud an Aontais. Tá reachtaíocht shuntasach mar thoradh ar a cuid iarrachtaí chun comhionannas inscne a áirithiú ag an obair, sa pholaitíocht agus i réimsí eile. Cumhdaítear raon leathan saincheisteanna le bearta nua atá ceangailteach ó thaobh dlí: cabhrú le deireadh a chur le pá éagothrom, deireadh a chur le hidirdhealú bunaithe ar inscne, borradh a chur faoi láithreacht na mban ar bhoird chorparáideacha agus dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban.
Gach bliain tionólann an Pharlaimint Seachtain um Chomhionannas Inscne chun a bhfuil bainte amach a mheas agus chun bearta nua a shainaithint chun cearta na gcailíní agus na mban a chur chun cinn agus chun comhionannas inscne a áirithiú. Is iad coistí, toscaireachtaí, grúpaí polaitiúla agus lucht riaracháin na Parlaiminte a eagraíonn imeachtaí. Tionóladh an chéad eagrán in 2020, ar thionscnamh an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne.
In 2024, is é príomhábhar na Seachtaine Eorpaí um Chomhionannas Inscne ná Mná sa Saol Digiteach: Sábháilteacht agus Cumhachtú. Is mian leis an bParlaimint aird a tharraingt ar shaincheist an chiaptha ar líne agus an chibearfhoréigin, atá ag dul i méid, agus réitigh a lorg uirthi.