1. Togra ón gCoimisiún

    Tíolacann an Coimisiún Eorpach togra reachtach do Pharlaimint na hEorpa

    Gníomhaithe a bhfuil an ceart tionscnaimh acu:
    • An Banc Eorpach Infheistíochta
    • An Banc Ceannais Eorpach
    • Parlaimint na hEorpa
    • Tionscnamh ó na Saoránaigh de chuid Pharlaimint na hEorpa
    • An ceathrú cuid de na Ballstáit

    Tuairisc mhion:

    Spriocdhátaí

    Níl aon teorainn ama ann a mhéid a bhaineann le togra ón gCoimisiún a thíolacadh.

    Vótáil

    Déanann Coláiste na gCoimisinéirí na tograí ón gCoimisiún a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn (nach mbíonn aon phlé ag gabháil leis) nó trí nós imeachta ó bhéal (lena ngabhann plé). Má iarrtar vóta, déanann an Coimisiún a chinneadh trí thromlach simplí.

    Rannpháirtíocht na Saoránach

    1. Má mheasann tú féin gur cheart do AE reachtaíocht a thionscnamh, tá cúpla rud is féidir leat a dhéanamh:

      1. tús a chur le tionscnamh ó na saoránaigh - má bhailíonn tú 1 mhilliún síniú ar a laghad ó shaoránaigh AE ó sheacht mBallstát ar a laghad, agus é sin a dhéanamh laistigh de bhliain, is féidir leat a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach gníomhú i réimse a thagann faoina réimse freagrachtaí.
        Tá tuilleadh faoin tionscnamh ó na saoránaigh le fáil ar

      2. stocaireacht a dhéanamh ar Fheisirí, ar féidir leosan

        1. an próiseas a thionscnamh lena n-iarrann an Pharlaimint ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh. Ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin sna cásanna ina measann an Pharlaimint go bhfuil gá le reachtaíocht AE chun cabhrú le cur chun feidhme na gConarthaí. Má dhiúltaíonn an Coimisiún togra a thíolacadh, tá air míniú a thabhairt.

        2. a iarraidh go ndéanfaidh coiste Parlaiminteach tuarascáil féintionscnaimh a tharraingt suas, lenar féidir, a thúisce a bheidh sé formheasta ag an bParlaimint, brú a chur ar an gCoimisiún teacht suas le tograí nua. Ní tuarascáil cheangailteach í an tuarascáil féintionscnaimh.

        3. ceist a chur ar an gCoimisiún, agus d'fhéadfadh sé go mbreithneodh an Coimisiún ansin reachtaíocht a thabhairt isteach bunaithe ar an gceist sin.
          Tá tuilleadh faoi cheisteanna le fáil ar

      3. achainí a dhéanamh ar Pharlaimint na hEorpa.
        Tá tuilleadh faoi achainíocha le fáil ar

    2. A thúisce a chuireann an Coimisiún tús le reachtaíocht a ullmhú nó a athbhreithniú, is gnách leis comhairliúchán poiblí a oscailt a thugann deis do pháirtithe leasmhara agus do shaineolaithe a dtuairimí a thabhairt.
      Tá tuilleadh faoi chomhairliúcháin phoiblí le fáil ar

    An doiciméad a leanann as

    Is é a bhíonn sa doiciméad a chuireann an Coimisiún síos mar thogra: Togra le haghaidh rialachán (nó treoir nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le [hábhar].

    Is é atá i dtagairt an doiciméid: COM(an bhliain i 4 dhigit)uimhir i 4 dhigit

    Staidreamh

    thíolaic an Coimisiún faoi stiúir Jean-Claude Juncker (2014-2019) 396 thogra faoin ngnáthnós imeachta reachtach, a bhí níos lú ná an 584 thogra a thíolaic an dara Coimisiún faoi cheannas José Manuel Barroso (2009-2014), 508 dtogra chéad Choimisiún Barroso (2004-2009) agus an 432 thogra a thíolaic Coimisiún Romano Prodi (1999-2004).

    Léiríonn an líon níos ísle tograí cinneadh comhfhiosach Choimisiún Juncker ag tús an téarma “go mbeadh sé ag déanamh níos lú, ach (...) ar bhealach níos éifeachtaí”. Ag an am céanna, bhí líon suntasach díobh ina dtograí leathana trasbheartais nár mhór do dhá choiste pharlaiminteacha nó níos mó iad a scrúdú.

    Téacsanna iomlána

    Ullmhaíonn an Coimisiún Eorpach tograí reachtacha ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air ag institiúidí nó tíortha eile AE, nó tar éis tionscnamh ó na saoránaigh, agus is minic gur i ndiaidh comhairliúcháin phoiblí a dhéanann sé amhlaidh. Déantar an leagan deiridh den togra a chur ar aghaidh ag an am céanna chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na parlaimintí náisiúnta, agus, i gcásanna áirithe, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

    1. Cuirtear tús leis an ngnáthnós imeachta reachtach nuair a dhéantar togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    2. I láthair na huaire, tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach maidir le 85 réimse beartais sainithe a chuimsíonn an chuid is mó de réimsí inniúlachta AE.

    3. Is leis an gCoimisiún Eorpach a luíonn an ‘ceart tionscnaimh’. Is é atá freagrach as formhór na dtograí reachtacha a thíolacadh. Féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle, áfach, a iarraidh ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh agus i gcorrchás atá sainithe go maith féadann institiúidí eile teacht aníos le tograí.

    4. Féadann an Pharlaimint (trí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í) a iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh sna cásanna ina gceapann an Pharlaimint go bhfuil gá le reachtaíocht AE chun cabhrú leis na Conarthaí a chur chun feidhme. Má dhiúltaíonn an Coimisiún togra a thíolacadh, tá air míniú a thabhairt.

    5. Féadann an Chomhairle (ag gníomhú di trí thromlach simplí) a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun aon staidéir a mheasann na hairí a bheith fóinteach chun comhaidhmeanna a ghnóthú, agus aon tograí iomchuí a chur faoina bráid.

    6. Sna cásanna an-sonrach seo a leanas, ceadaíonn na Conarthaí an gnáthnós imeachta reachtach a sheoladh:

      • ar thionscnamh an cheathrú cuid de na Ballstáit (comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, comhar póilíneachta)

      • ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach (airteagail áirithe de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh)

      • arna iarraidh sin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (cúirteanna speisialaithe a bhunú a bheidh i gceangal leis an gCúirt Ghinearálta chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí áirithe a éisteacht agus a chinneadh ag an gcéad chéim, forálacha áirithe de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh)

      • arna iarraidh sin ag an mBanc Eorpach Infheistíochta

    7. Féadann togra ón gCoimisiún a bheith ann freisin i ndiaidh Tionscnamh ó Shaoránaigh na hEorpa.

    8. Is as próiseas comhairliúcháin fairsing a thagann togra ón gCoimisiún, ar próiseas é is féidir a sheoladh ar bhealaí éagsúla (measúnú tionchair éigeantach, tuarascálacha ó shaineolaithe, comhairliúchán le saineolaithe náisiúnta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus/nó le heagraíochtaí neamhrialtasacha, comhairliúchán trí Pháipéir Ghlasa agus trí Pháipéir Bhána etc.).

    9. Déantar próiseas comhairliúcháin a sheoladh freisin i measc na ranna éagsúla sa Choimisiún chun a áirithiú go gcuirtear gnéithe uile an ábhair i dtrácht san áireamh (comhairliúchán idir-seirbhíse).

    10. Is gnách gurb é Coláiste na gCoimisinéirí a ghlacann an togra ón gCoimisiún bunaithe ar nós imeachta i scríbhinn (gan aon phlé i measc na gCoimisinéirí) nó buanaithe ar nós imeachta ó bhéal (déanann Coláiste na gCoimisinéirí plé ar an sainchomhad), agus foilsítear an togra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    11. Déanann an Coimisiún a thogra reachtach (rialachán, treoir nó cinneadh de ghnáth) a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ach tíolacann sé freisin é do pharlaimintí náisiúnta uile AE agus, i gcás inarb infheidhme, do Choiste na Réigiún agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

    Ról na bparlaimintí náisiúnta
    1. De réir Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta agus Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, tá ocht seachtaine ag na parlaimintí náisiúnta le tuairim réasúnaithe a eisiúint má mheasann siad nach gcomhlíonann an dréachtreachtaíocht prionsabal na coimhdeachta. Tá dhá vóta ag gach parlaimint náisiúnta. I gcórais pharlaiminteacha ina bhfuil dhá sheomra, tá vóta amháin ag gach aon seomra.

    2. Má tá 1/3 ar a laghad de na parlaimintí náisiúnta den tuairim nach gcomhlíonann an dréachtreachtaíocht prionsabal na coimhdeachta, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtreachtaíocht sin (‘cárta buí’). Laghdaíonn an tairseach sin go dtí ¼ i gcás dréacht-togra reachtach arna thíolacadh ar bhonn Airteagal 76 CFAE (comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus comhar póilíneachta). I ndiaidh athbhreithniú ‘cárta bhuí’ a dhéanamh, féadann an institiúid um údarú (an Coimisiún de ghnáth) a chinneadh an reachtaíocht a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar.

    3. Ina theannta sin, faoin ngnáthnós imeachta reachtach, má mheasann tromlach simplí de na parlaimint náisiúnta nach gcomhlíonann dréacht-togra reachtach prionsabal na coimhdeachta, ní mór don Choimisiún an dréacht a athscrúdú (‘cárta flannbhuí’). Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadann an Coimisiún a chinneadh an togra a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar. Má chinneann an Coimisiún an togra a choinneáil, ní mór dó a sheasamh a dhlisteanú. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ansin, sula gcríochnófar an chéad léamh, a bhreithniú an gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Má mheasann an Pharlaimint trí thromlach simplí dá Feisirí nó an Chomhairle trí thromlach 55% dá comhaltaí nach gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta, ligtear an togra reachtach ar lár.

    4. Ní mór don Choimisiún agus don Chomhairle dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (CES) agus le Coiste na Réigiún (CnaR) maidir le saincheisteanna áirithe nó nuair a mheasann an Chomhairle gurb iomchuí é sin a dhéanamh. Mar shampla, ní mór do CES a thuairim a thabhairt ar an mbeartas eacnamaíoch agus sóisialta agus ní mór dul i gcomhairle le CnaR maidir le cúrsaí comhshaoil, oideachais agus iompair. Is féidir leis an gComhairle nó leis an gCoimisiún teorainn ama a leagan síos maidir le tuairimí a thíolacadh. Tá an rogha ag Parlaimint na hEorpa freisin dul i gcomhairle leis an dá Choiste. Sa bhreis air sin, is féidir leis na Coistí tuairimí a eisiúint ar a dtionscnamh féin.

  2. An chéad léamh sa Pharlaimint

    Le linn na chéad léimh, scrúdaíonn Parlaimint na hEorpa togra an Choimisiúin agus féadfaidh sí é a fhormheas gan aon mhodhnuithe nó é a leasú.

    Tuairisc mhion:

    Spriocdhátaí

    Níl aon teorainn ama ann do chéad léamh na Parlaiminte.

    Vótáil

    Is tromlach simplí de na vótaí a chaitear a bhíonn i gceist sna vótaí i gcoiste agus sna vótaí sa suí iomlánach.

    Rannpháirtíocht na Saoránach

    Nuair a chuirtear togra chuig an bParlaimint, is gnách go gcuireann an rapóirtéir agus na ‘scáthrapóirtéirí’ (Feisirí arna gceapadh de ghnáth ag gach ceann de na grúpaí polaitiúla chun nós imeachta a leanúint) tús le tuairimí a bhailiú ó pháirtithe lena mbaineann. Is féidir leatsa do thuairim féin a chur chucu, chuig aon chomhalta eile den choiste, nó chuig aon Fheisire.

    I gcéim an choiste, ní féidir ach le lánchomhalta nó comhalta ionaid den choiste lena mbaineann leasuithe a chur síos. Caithfidh an coiste atá freagrach, grúpa polaitiúil, nó 36 Fheisire ar a laghad (an fichiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint) leasuithe sa suí iomlánach a chur síos.

    Uaireanta, eagraíonn coistí éisteachtaí poiblí, a bhféadfadh tusa freastal orthu.

    Déantar cruinnithe coiste agus an suí iomlánach a chraoladh beo trí shruthú gréasáin. Is féidir leat féachaint ar an sruthú sin beo ar

    An doiciméad a leanann as

    Glacann an Pharlaimint Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh.

    Staidreamh

    Le linn an 8ú téarma reachtach (2014-2019) bhí an coiste um shaoirsí sibhialta i gceannas ar 13% de na gnáthchomhaid nós imeachta reachtacha go léir, agus an coiste um ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta ina dhiaidh sin a bhí freagrach as 12% de na comhaid go léir. Dhéileáil an coiste comhshaoil agus an coiste iompair araon le 11% de na comhaid go léir.

    I gcomparáid leis sin, sa 7ú téarma reachtach (2009-2014) chuaigh 14% de chomhaid chomhchinnteoireachta /gnáthnós imeachta reachtach chuig an gcoiste comhshaoil, 11% chuig an gcoiste eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus 10% chuig na coistí idirnáisiúnta um thrádáil agus saoirsí sibhialta.

    Téacsanna iomlána

    Tarchuireann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an togra chuig coiste parlaiminteach, agus ceapann an coiste sin rapóirtéir a mbíonn sé de fhreagracht air nó uirthi dréacht-tuarascáil a tharraingt suas ina mbíonn leasuithe ar théacs an togra. Vótálann an coiste ar an tuarascáil sin agus ar aon leasuithe ar an tuarascáil a chuireann Feisirí eile an choiste síos. Ansin, déanann Parlaimint na hEorpa plé agus vótáil ar an togra reachtach i suí iomlánach bunaithe ar an tuarascáil ón gcoiste agus ar na leasuithe. Is é an toradh atá air sin ná an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh. Is féidir leis an bParlaimint glacadh leis an togra gan aon athruithe ná aon leasuithe a dhéanamh. Is féidir léi freisin diúltú don togra ón gCoimisiúin agus iarraidh ar an gCoimisiún é a tharraingt siar. Déantar an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle.

    1. A luaithe a thagann togra reachtach ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, déanann an tUachtarán, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis na seirbhísí teicniúla ábhartha, an togra a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

    2. Roghnaítear an coiste ag brath ar an ábhar a chuimsítear sa togra.

    3. D’fhéadfadh sé go dtabharfaí an deis do choistí eile a dtuairim a thabhairt má bhaineann an t-ábhar leosan chomh maith.

    4. Má bhíonn coinbhleacht ann i dtaobh inniúlachta, mar shampla más ábhar é a thagann mórán ar aon chéim faoi inniúlachtaí dhá choiste nó níos mó, is é Comhdháil na nUachtarán a chinneann an nós imeachta bunaithe ar mholadh ó Choiste Chathaoirligh na gCoistí.

    5. Féadtar díospóidí maidir le hinniúlacht a réiteach trí nósanna imeachta a mbíonn coistí comhlachaithe páirteach iontu nó le cruinnithe agus vótaí i gcoiste comhpháirteach.

    6. Oibríonn coiste comhlachaithe ar an togra ag an am céanna leis an gcoiste freagrach agus leantar clár ama atá comhaontaithe go comhpháirteach acu. Sainaithníonn na rapóirtéirí sa dá choiste cad iad na réimsí den téacs a thagann faoina n-inniúlacht eisiach nó a bhfuil inniúlacht roinnte ag gabháil leo agus comhaontaíonn siad eatarthu an chaoi a gcomhoibreoidh siad lena chéile. Coinníonn na rapóirtéirí a chéile ar an eolas agus ba cheart go mbeadh na téacsanna a mholann siad do na coistí agus an seasamh a ghlacann siad i ndáil le leasuithe comhaontaithe go comhpháirteach acu. Ba cheart go nglacfadh an coiste freagrach, gan vótáil, le leasuithe ó choiste comhlachaithe i gcás ina mbaineann siad le nithe a thagann faoi inniúlacht eisiach an choiste chomhlachaithe.

    7. Más rud é nach mbíonn coiste freagrach agus coiste comhlachaithe aontaithe i dtaca le hinniúlacht, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a rialú cé acu inniúlacht a ghabhann le cén coiste, nó is féidir léi a shocrú go mbeadh cruinnithe coiste comhpháirteacha ann má bhíonn an inniúlacht mórán comhionann ag an dá choiste.

    8. Sa chás gur ann do chruinnithe coiste comhpháirteacha, déanann na rapóirtéirí lena mbaineann dréacht-tuarascáil aonair a tharraingt suas, a ndéanann na coistí atá páirteach i gcruinnithe comhpháirteacha faoi chomhchathaoirleacht í a scrúdú agus vótáil uirthi.

    9. Déanann an coiste parlaiminteach atá freagrach bunús dlí an togra a fhíorú ar dtús. Is féidir leis a iarraidh ar an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla a thuairim a thabhairt, agus is féidir leis an gcoiste sin, ar a thionscnamh féin, a chinneadh an bunús dlí a sheiceáil.

    10. Más rud é go mbíonn impleachtaí airgeadais ag an togra, ní mór don choiste freagrach a fhíorú freisin go bhfuil sé ag luí leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, i.e. go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ann. Is féidir leis an gcoiste atá freagrach as gnóthaí buiséadacha freisin seiceáil den sórt sin a dhéanamh ar a thionscnamh féin.

    11. Má mheasann an coiste atá freagrach, grúpa polaitiúil, nó 36 Fheisire ar a laghad nach gcomhlíonann an togra nó codanna de cearta bunúsacha AE, is féidir é a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as cearta bunúsacha a chosaint (an coiste um shaoirsí sibhialta) .

    12. A luaithe a thugtar freagracht as an togra do choiste, ceapann sé rapóirtéir as measc a chomhaltaí féin. I gcleachtas, is iad na comhordaitheoirí is ionadaithe ar na grúpaí polaitiúla a chinneann cé acu grúpa polaitiúil a bheidh ag déileáil leis an tuarascáil. Molann an grúpa sin rapóirtéir as measc a chomhaltaí coiste nó a bhuanchomhaltaí ionaid.

    13. Féadtar rapóirtéirí a roghnú roimh ré bunaithe ar chlár reachtach bliantúil an Choimisiúin, rud a thugann deis dóibh a bheith ag faire an togra i rith na céime ullmhúcháin sula ndéantar é a thíolacadh don Pharlaimint.

    14. Féadann grúpaí polaitiúla eile scáthrapóirtéir a cheapadh, arb é nó í sin a bhíonn freagrach as seasamh an ghrúpa a ullmhú agus as faireachán a dhéanamh ar obair an rapóirtéara.

    15. Stiúrann an rapóirtéir an togra trí na céimeanna éagsúla den nós imeachta, agus é nó í ag cur comhairle ar an gcoiste (le linn an bhreithnithe ag céim an choiste) agus ar an bParlaimint ina hiomláine (ag céim an tsuí iomlánaigh) maidir leis an gcur chuige ginearálta.

    16. Is é nó í an rapóirtéir atá freagrach as dréacht-tuarascáil a thíolacadh don choiste, ina mbíonn a chuid/cuid leasuithe ar an togra ón gCoimisiún.

    17. Is iondúil go mbíonn roinnt cruinnithe éagsúla ag an gcoiste parlaiminteach chun an dréacht-tuarascáil a scrúdú.

    18. Nuair a bhíonn sainchomhaid chonspóideacha nó ‘theicniúla’ ann, ní hannamh go n-eagraítear éisteachtaí le saineolaithe nó go ndéantar staidéir nó measúnuithe tionchair a choimisiúnú.

    19. Le linn díospóireachtaí coiste, féadann an Coimisiún a thogra a chosaint agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste a fhreagairt.

    20. Ós rud é go bhfaigheann an Chomhairle an togra ón gCoimisiún ag an am céanna leis an bParlaimint, agus go dtosaíonn sí ag obair air ag an am céanna freisin, is nós leis an gcoiste a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle é a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an togra sa Chomhairle agus ina meithleacha.

    21. Déanann coistí comhlachais agus coistí a thugann tuairim a gcuid tuairimí a chur faoi bhráid an choiste ceannais.

    22. Féadann aon chomhalta iomlán nó aon chomhalta ionaid den choiste leasuithe a chur síos faoin spriocdháta atá leagtha síos ag an gcoiste atá freagrach. Ní mór vótáil ar na leasuithe uile sa choiste freagrach, agus is le tromlach simplí a dhéantar an vótáil ann.

    23. Sula ndéanann an coiste freagrach an vótáil chríochnaitheach ar thogra le haghaidh gníomh reachtach, iarrann sé ar an gCoimisiún an seasamh a ghlacann sé maidir leis na leasuithe uile arna nglacadh ag an gcoiste a chur in iúl agus iarrann sé ar an gComhairle a bharúil ina leith a thabhairt.

    24. A thúisce a bhíonn an tuarascáil glactha sa choiste, cuirtear ar an gclár oibre don suí iomlánach í.

    25. Féadann grúpa polaitiúil de 36 Fheisire ar a laghad leasuithe ar an tuarascáil a chur síos agus iad a chur faoi réir vótála sa suí iomlánach. Mar riail ghinearálta, is é an sprioc-am chun leasuithe nua a chur síos sa suí iomlánach ná meán lae ar Chéadaoin na seachtaine roimh an seisiún.

    26. Pléitear an togra reachtach sa suí iomlánach bunaithe ar an tuarascáil a bhíonn tarraingthe suas ag an gcoiste freagrach, lena n-áirítear aon leasuithe molta, dréacht-rún reachtach agus, más iomchuí, ráiteas míniúcháin ón rapóirtéir.

    27. Le linn na díospóireachta sa suí iomlánach roimh an vótáil, déanann an Coimisinéir a bhíonn i láthair seasamh an Choimisiúin i dtaca le haon leasuithe atá curtha síos a fhógairt agus míníonn sé nó sí an seasamh sin. Déanann Coláiste na gCoimisinéirí seasamh an Choimisiúin maidir le leasuithe na Parlaiminte a fhormheas.

    28. Ar dtús, vótálann an Pharlaimint ar na leasuithe ar an togra ón gCoimisiún. Ansin, vótálann sí ar an togra, bíodh sé leasaithe nó ná bíodh, agus ina dhiaidh sin arís vótáiltear ar na leasuithe ar an dréacht-rún reachtach, más ann dó. Is é a mbíonn sa rún reachtach ná ráiteas á rá cibé an ndéanann an Pharlaimint an togra a fhormheas, an ndiúltaíonn sí dó nó an leasaíonn sí é. D’fhéadfadh iarratais shonracha a bheith ann, a dhírítear de ghnáth chuig na hinstitiúidí eile, nó soiléirithe.

    29. Is trí thromlach simplí a dhéantar an vótáil ar fad atá liostaithe thuas, i.e. tromlach de na vótaí a chaitear.

    30. Is féidir leis an bParlaimint na nithe seo a dhéanamh:

      • diúltú don togra ina iomláine

      • an togra a fhormheas gan aon leasuithe a dhéanamh

      • é a fhormheas le leasuithe

    31. Sula ndéantar vótáil ar aon leasuithe, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar an gCoimisiún a sheasamh a lua agus a iarraidh ar an gComhairle tuairim a thabhairt.

    32. Má ghlactar tairiscint chun diúltú don togra, arna chur síos ag an gcoiste atá freagrach, grúpa polaitiúil nó 36 Fheisire ar a laghad, iarrfaidh Uachtarán na Parlaiminte ar an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar. Má dhéanann an Coimisiún amhlaidh, tagann deireadh leis an nós imeachta reachtach. Má dhiúltaíonn an Coimisiún, féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh an t-ábhar a tharchur ar ais chuig an gcoiste parlaiminteach. Féadfaidh sé a chinneadh freisin é a dhéanamh mura bhfaighidh an togra ón gCoimisiúin, arna leasú nó a mhalairt, tromlach na vótaí a caitheadh a fháil.

    33. Déanann an tUachtarán téacs an togra, arna fhormheas ag an bParlaimint, agus an rún a bhíonn ag gabháil leis, a chur ar aghaidh, mar sheasamh na Parlaiminte, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

    34. A luaithe a bhíonn an chéad léamh críochnaithe ag an bParlaimint, féadann an Coimisiún 'togra modhnaithe' a ghlacadh ina gcorpraítear líon áirithe de leasuithe na Parlaiminte.

    35. Ní leagtar síos aon teorainn ama sa Chonradh le haghaidh an chéad léamh sa Pharlaimint.

    Caibidlíocht idir an Pharlaimint agus an Chomhairle
    1. Ó tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm, táthar in ann an gnáthnós imeachta reachtach a thabhairt chun críche ar an gcéad léamh. Le blianta beaga anuas, is mó atá comhaontuithe á ndéanamh ar an gcéad léamh. Chun déanamh amhlaidh, caithfidh na comhreachtóirí (an Pharlaimint agus an Chomhairle) dul i mbun caibidlíochta mura bhformheasann siad araon togra an Choimisiúin gan leasuithe nó má aontaíonn siad le mionleasuithe teicniúla nach gá idirbheartaíocht a dhéanamh ina leith.

    2. Más mian leis an gcoiste dul i mbun caibidlíochta leis an gComhairle i bhfianaise comhaontú ar an gcéad léamh, féadfaidh sé freisin, tar éis dó a thuarascáil a ghlacadh, cinneadh a ghlacadh chun caibidlíocht a dhéanamh trí thromlach glan.

    3. Is é tuarascáil an choiste an sainordú agus fógraítear é sa suí iomlánach. Ansin bíonn 24 uair an chloig ag na Feisirí agóid a dhéanamh. Mura mbeidh aon agóidí ann laistigh den spriocdháta, féadfaidh an coiste tús a chur leis an gcaibidlíocht. Má dhéantar agóid, déanfar vótáil ar an sainordú sa suí iomlánach: féadfaidh tromlach simplí d’Fheisirí na Parlaiminte an sainordú a fhormheas. Má dhiúltaítear don sainordú, cuirtear tuarascáil an choiste agus aon leasuithe ar chlár oibre an tseisiúin iomlánaigh ina dhiaidh sin, inar féidir leis an bParlaimint a seasamh ar an gcéad léamh a ghlacadh, nó an togra a tharchur ar ais chuig an gcoiste lena chaibidliú (ar bhonn na leasuithe a bheidh curtha síos sa suí iomlánach) nó le hathmhachnamh a dhéanamh air.

    4. Mar mhalairt air sin, d’fhéadfadh an coiste féachaint le sainordú a fháil láithreach ón suí iomlánach. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an coiste a thuarascáil síos sa suí iomlánach, ar féidir leis a chinneadh, sula dtabharfaidh sé vóta na Parlaiminte ar an gcéad léamh chun críche, an comhad a tharchur ar ais chuig an gcoiste lena chaibidliú, mar aon le haon leasuithe arna nglacadh ag an suí iomlánach.

    5. Maidir le caibidlíocht idirinstitiúideach ar thograí reachtacha, bíonn foireann chaibidlíochta na Parlaiminte faoi stiúir chathaoirleach an choiste atá freagrach, agus bíonn ról ceannasach ag rapóirtéir an chomhaid shonraigh maidir le seasamh na Parlaiminte a chosaint. Cuimsíonn an fhoireann na scáth-rapóirtéirí ó na grúpaí polaitiúla freisin.

    6. I gcás ina mbíonn rath ar na caibidlíochtaí, seolann cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (Coreper),a ullmhaíonn cinntí na Comhairle, litir chuig cathaoirleach an choiste fhreagraigh sa Pharlaimint ina ngeallann an Chomhairle go ndéanfaidh sí leasuithe na Parlaiminte a fhormheas má tá siad ag teacht leis an gcomhréiteach atá sainaitheanta go comhpháirteach ag an gComhairle agus ag an bParlaimint.

    7. Ní mór an comhaontú sealadach a fhormheas sa choiste atá freagrach trí vóta le tromlach simplí. Cuireann an coiste atá freagrach síos ansin é sa suí iomlánach.

    8. Tugtar tosaíocht do chomhaontuithe sealadacha sa suí iomlánach ;. Tarlaíonn vótaí ar chomhaontuithe den sórt sin tar éis aon vótaí ar thogra í gcomhair diúltú, ach go ginearálta roimh na vótaí sin ar leasuithe.

  3. An chéad léamh sa Chomhairle

    Le linn a chéad léimh, féadann an Chomhairle a chinneadh go nglacann sé leis an seasamh ón bParlaimint agus sa chás sin glactar an gníomh reachtach, nó féadann sí an seasamh ón bParlaimint a leasú agus an togra a chur ar ais chuig an bParlaimint le haghaidh an dara léamh.

    Tuairisc mhion:

    Spriocdhátaí

    Níl aon teorainn ama ann do chéad léamh na Comhairle.

    Vótáil

    Déanann an Chomhairle a chinneadh trí thromlach cáilithe, mura rud é go bhfuil an seasamh a ghlacann sí éagsúil ón seasamh atá ag an gCoimisiún, agus sa chás sin ní mór go ndéantar an cinneadh d'aon ghuth.

    Rannpháirtíocht na Saoránach

    Faigh amach cén seasamh atá á ghlacadh ag an rialtas sin agatsa maidir le reachtaíocht atá molta agus seol do chuidse barúlacha agus ábhair imní chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha.

    An doiciméad a leanann as

    Má ghlacann an Chomhairle an seasamh ón bParlaimint gan aon athrú a dhéanamh, glactar an gníomh reachtach agus foilsítear é mar threoir (nó rialachán nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Má mholann an Chomhairle athruithe a dhéanamh ar an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh, is é an doiciméad a leanann as sin: Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.

    Staidreamh

    Le linn théarma reachtach 2014-2019, comhaontaíodh 89% de na comhaid ar an gcéad léamh, i gcomparáid le 85% i dtéarma reachtach 2009-2014, 72% in 2004-2009 agus 29% in 1999-2004.

    Ba é an meán-am chun togra ón gCoimisiún a ghlacadh ar an gcéad léamh - ón bhfoilsiú go dtí an síniú tar éis gníomh a ghlacadh ar dtús - ná díreach faoi bhun 18 mí i dtéarma reachtach 2014-2019, i gcomparáid le 17 mí i dtéarma 2009-2014, 16 mhí i dtéarma 2004-2009 agus 11 mhí i dtéarma 1999-2004.

    Téacsanna iomlána

    Déantar obair ullmhúcháin sa Chomhairle san am céanna leis an gcéad léamh sa Pharlaimint, ach ní fhéadfaidh an Chomhairle a céad léamh a dhéanamh go foirmiúil bunaithe ar sheasamh na Parlaiminte. Is féidir leis an gComhairle: glacadh leis an seasamh ón bParlaimint, agus sa chás sin glactar an gníomh reachtach; nó athruithe ar an seasamh ón bParlaimint a ghlacadh, as a leanann an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, agus a chuirtear chuig an bParlaimint le haghaidh an dara léamh.

    1. Cuirtear an togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle ag an am céanna agus a théann sé chuig Parlaimint na hEorpa.

    2. Dá réir sin, bíonn an obair ullmhúcháin ar siúl sa Chomhairle ag an am céanna le Parlaimint na hEorpa, ach ní fhéadann an Chomhairle a sheasamh a ghlacadh go dtí go mbíonn gníomh déanta ag an bParlaimint.

    3. Spreagtar na hinstitiúidí le faisnéis a mhalartú maidir leis an dul chun cinn agus le tráthchlár na gcaibidlíochtaí faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh

    4. Dála na Parlaiminte, níl aon teorainn ama ann don chéad léamh sa Chomhairle.

    5. Déantar cinntí na Comhairle a ullmhú laistigh de mheithleacha sonracha atá comhdhéanta d'ionadaithe na mBallstát agus arb é an t-ionadaí ón tír ag a bhfuil an uachtaránacht uainíochta sé mhí a bhíonn ina chathaoirleach, le cúnamh ó rúnaíocht na Comhairle. Tuairiscíonn na meithleacha chuig Coiste na mBuanionadaithe (Coreper, Cuid I nó Cuid II), a ullmhaíonn gach cinneadh ón gComhairle a ghlactar ar leibhéal aireachta.

    6. Sula dtagann sé ar sheasamh don chéad léamh, féadfaidh an Chomhairle teacht ar chomhaontú i bprionsabal, ar a dtugtar cur chuige ginearálta de ghnáth.

      1. Is é a d’fhéadfadh a bheith ansin ná sainordú na Comhairle maidir le caibidlíocht leis an bParlaimint.

      2. Níos minice, glacann an Chomhairle sainorduithe caibidlíochta i gCoiste na mBuanionadaithe (Coreper). A luaithe a bhíonn an chaibidlíocht leis an bParlaimint críochnaithe, nó nuair nach mbíonn aon chaibidlíocht ann, tagann an Chomhairle ar “chomhaontú polaitiúil” ar dtús, ar comhaontú é lena leagtar síos imlíne leathan a seasaimh bheartaithe don chéad léamh. Ansin déanann an mheitheal mionsonraí an chomhaontaithe sin a thabhairt chun críche, arna bhfíorú ag dlítheangeolaithe (saineolaithe dlí do gach teanga a dhéanann maoirseacht ar chruinneas dlíthiúil agus teanga na dtéacsanna) agus a ghlacann an Chomhairle go foirmiúil mar sheasamh ar an gcéad léamh ag cruinniú ina dhiaidh sin.

      Sa dá chás sin, ní thugann an Chomhairle a seasamh chun críche ach amháin tar éis di leasuithe na Parlaiminte ar an gcéad léamh a fháil mar aon leis an togra leasaithe ón gCoimisiún a thagann as.

    7. Féadtar seasamh ar an gcéad léamh a ghlacadh gan aon díospóireacht más rud é gur thángthas ar chomhaontú ag an gcéim ullmhúcháin (ítim “A” ar an gclár oibre) nó le díospóireacht (ítim “B”) nó, i gcásanna eisceachtúla, trí nós imeachta i scríbhinn. Sa chéad dá chás a luaitear anseo, bíonn na pléití go poiblí.

    8. Déanann an Chomhairle a cinneadh trí thromlach cáilithe ach amháin i gcás tograí a bhaineann le cánachas, le slándáil shóisialta, leis an mbeartas eachtrach, le cosaint agus le comhar póilíneachta oibriúcháin, mar a mbíonn gá le comhaontú d’aon toil.

    9. Tá ceithre rud is féidir tarlú ag an gcéad léamh sa Chomhairle:

      1. Mura bhfuil aon leasuithe glactha ag an bParlaimint agus mura mian leis an gComhairle an togra ón gCoimisiún a athrú, is féidir léi an gníomh a fhormheas le tromlach cáilithe. Ansin, glactar an gníomh.

      2. Má tá leasuithe tugtha isteach ag an bParlaimint, bíonn glacadh an ghnímh ag brath ar an gComhairle na leasuithe uile a fhormheas trí thromlach cáilithe más rud é go mbíonn na leasuithe sin curtha isteach ina thogra leasaithe ag an gCoimisiún, nó d'aon toil mura mbíonn sé sin déanta ag an gCoimisiún. Má fhormheasann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte, glactar an gníomh.

      A luaithe a bhíonn gníomh glactha, déantar é a thíolacadh d’Uachtaráin agus d’Ard-Rúnaithe na Parlaiminte agus na Comhairle i gcomhair a shínithe, agus foilsítear é san Iris Oifigiúil.

      1. Cé nach bhfuil sé leagtha síos go sainráite sa Chonradh, glactar leis go coitianta go bhféadann an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, diúltú don togra ón gCoimisiún ina iomláine.

        Féadann an Coimisiún, tráth ar bith le linn an chéad léimh, a chinneadh go ndéanfaidh sé a thogra a tharraingt siar nó a athrú.

      2. Mura nglacann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte nó más mian léi a cuid athruithe féin a thabhairt isteach, glacann sí seasamh ar an gcéad léamh.

    10. Cuirtear téacs an tseasaimh ar an gcéad léamh chuig an bParlaimint, in éineacht le ráiteas de na cúiseanna, mar aon le haon ráiteas a dhéanann an Chomhairle agus/nó an Coimisiún i gcomhair mhiontuairiscí na Comhairle. Cuireann an Coimisiún a sheasamh féin in iúl don Pharlaimint.

    11. Cuirtear an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh in iúl i bhfógra don Pharlaimint de ghnáth ag an seisiún iomlánach a bhíonn ann tar éis an seasamh sin a ghlacadh go foirmiúil. Cuirtear tús leis an teorainneacha ama a leagtar síos sa Chonradh maidir leis na céimeanna den nós imeachta a bhíonn ann ina dhiaidh sin tar éis don Pharlaimint a fhógairt sa suí iomlánach go bhfuil an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh faighte aici (an lá tar éis na fógartha, a dhéantar de ghnáth ar an Déardaoin).

    12. I gcás inar féidir é, bíonn teagmhálacha neamhfhoirmiúla ann le linn na tréimhse idir an comhaontú polaitiúil agus an fógra foirmiúil de sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh d’fhonn comhaontú (luath) ar an dara léamh a éascú (ar a dtugtar freisin “seasamh caibidlithe ar an gcéad léamh”).

    Caibidlíocht idir institiúidí AE

    Nuair a bhíonn sé mar aidhm ag na comhreachtóirí comhaontú ar an gcéad léamh a bhaint amach, eagraíonn siad cruinnithe neamhfhoirmiúla ar a bhfreastalaíonn ionadaithe ón bParlaimint (rapóirtéir agus scáthrapóirtéirí), ón gComhairle (cathaoirleach Uachtaránachta na meithle agus/nó Coreper, aire uaireanta), agus ón gCoimisiún (an roinn atá freagrach as an sainchomhad, uaireanta an Coimisinéir freagrach freisin). Cruinnithe tríthaobhacha a thugtar ar na cruinnithe sin.

    Is é an aidhm atá ann a áirithiú go mbíonn leasuithe na Parlaiminte, arna nglacadh sa suí iomlánach, inghlactha don Chomhairle. Is minic a bhíonn ról idirghabhála ag an gCoimisiún maidir le téacsanna comhréitigh.

    Is minic a bhíonn na comhreachtóirí i mbun caibidlíochta tar éis an chéad léamh ón bParlaimint ach sula nglacann an Chomhairle a seasamh ag an gcéad léamh. Má éiríonn leis an gcaibidlíocht sin, is é a leanann astu ná luath-chomhaontuithe ar an dara léamh, mar a thugtar orthu, a bheidh comhionann le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh, rud a chuirfidh clabhsúr leis an nós imeachta reachtach.

    Murab ionann is an chaibidlíocht ag céim an chéad léimh, is é a bheidh i sainordú na Parlaiminte ná a seasamh ag an gcéad léamh. Sa chás go n-éireoidh leis an gcaibidlíocht, seolfaidh cathaoirleach an choiste pharlaimintigh atá freagrach litir chuig cathaoirleach Coreper, ina ngeallann an Pharlaimint leasuithe na Comhairle a fhormheas má tá siad i gcomhréir leis an gcomhréiteach comhaontaithe.

    Ní mór an comhaontú sealadach a fhormheas sa choiste atá freagrach trí vóta le tromlach simplí. Cuireann an coiste atá freagrach síos ansin é sa suí iomlánach.

    Na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann:

    •  
      Glactha:

      Tá an togra reachtach glactha.

      Glactar formhór mór na dtograí ag an bpointe seo

    •  

      Bogann an togra reachtach ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile

  4. An dara léamh sa Pharlaimint

    Scrúdaíonn an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle agus déanann sí é a fhormheas, agus sa chás sin beidh an gníomh formheasta ; nó diúltaíonn sí dó, agus sa chás sin ní thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm agus cuirfear deireadh leis an nós imeachta iomlán; nó molann leasuithe agus cuireann sí an togra ar ais chuig an gComhairle le haghaidh an dara léamh.

    Tuairisc mhion:

    Spriocdhátaí

    Bíonn trí mhí ag an bParlaimint chun an dara léamh a sheoladh, ach gur féidir an tréimhse sin a fhadú aon mhí amháin.

    Vótáil

    Déanann an coiste parlaiminteach atá freagrach a chinneadh trí thromlach simplí de na vótaí a chaitear.

    Gníomhaíonn an suí iomlánach trí thromlach simplí de na vótaí a chaitear más rud é go bhformheasann sé an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh gan aon leasuithe a dhéanamh. Maidir le haon leasuithe ar an seasamh ón gComhairle, nó maidir le diúltú don seasamh, ní mór iad sin a fhormheas trí thromlach glan de na Feisirí.

    Rannpháirtíocht na Saoránach

    Is fíorbheag deis atá ann athruithe a dhéanamh ar an dréacht-téacs. Ní féidir a dhéanamh leis na leasuithe ach amháin leasuithe a mhol an Pharlaimint roimhe sin a thabhairt ar ais arís, lena léirítear comhréiteach idir an Pharlaimint agus an Chomhairle nó lena léirítear staid dhlíthiúil nua. Fós féin is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Fheisirí agus a iarraidh orthu vótáil i bhfabhar nó i gcoinne aon leasuithe agus i bhfabhar nó i gcoinne na tuarascála.

    An doiciméad a leanann as

    Má fhormheasann an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, glacann sí Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh. Glactar an gníomh reachtach agus foilsítear é mar Threoir (nó rialachán nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Má vótálann Parlaimint na hEorpa chun an seasamh ón gComhairle a mhodhnú, glacann sí Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an dara léamh.

    Staidreamh

    I dtéarma reachtach 2014-2019, rinneadh 41 as 401 comhad críochnaithe faoin ngnáthnós imeachta reachtach (10%) a ghlacadh i luath-chomhaontuithe ar an dara léamh, mar a thugtar orthu, nuair a ghlacann an Pharlaimint seasamh réamhshocraithe (idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún) ar an gcéad léamh ón gComhairle gan leasuithe, rud a chiallaíonn go bhfuil an gníomh glactha. Is é 27 mí a bhí i meántréimhse ama an nós imeachta le haghaidh luath-chomhaontú ar an dara léamh.

    I dtéarma 2009-2014., glacadh 8% de na comhaid i luath-chomhaontú ar an dara léamh, rud a ghlac 32 mhí ar an meán. I dtéarma 2004-2009 , glacadh 10% de na comhaid i luath-chomhaontú ar an dara léamh, rud a ghlac 25 mhí ar an meán. I dtéarma 1999-2004, glacadh 25% de na comhaid i luath-chomhaontú ar an dara léamh, rud a ghlac 23 mhí ar an meán.

    Téacsanna iomlána

    Bíonn 3 mhí (ar féidir é a fhadú go 4 mhí) ag Parlaimint na hEorpa chun an seasamh ón gComhairle a scrúdú. Cuirtear an seasamh ón gComhairle ar dtús chuig an gcoiste freagrach, agus ullmhaíonn an coiste sin moladh do dhara léamh na Parlaiminte. Déantar vótáil sa suí iomlánach ar an moladh agus d'fhéadfadh sé go ndéanfaí vótáil freisin ar líon teoranta leasuithe ar an moladh. Tá ceithre thoradh éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ar an dara léamh: Formheasann an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle agus glactar an gníomh; Ní ghlacann an Pharlaimint cinneadh laistigh den teorainn ama, agus sa chás sin glactar an gníomh mar a leasaigh an Chomhairle é ar an gcéad léamh sa Chomhairle; Diúltaíonn an Pharlaimint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, agus sa chás sin ní ghlactar an gníomh agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta; Molann an Pharlaimint leasuithe ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh agus cuireann sí a seasamh féin ar aghaidh chuig an gComhairle don dara léamh.

    1. Mura gcomhaontaíonn an Chomhairle le seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, glacann sí seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a chuirtear ar aghaidh chuig an bParlaimint. Faigheann an Pharlaimint teachtaireacht ón gCoimisiún freisin ina mínítear an seasamh atá ag an gCoimisiún i leith an tseasaimh ón gComhairle agus an chúis atá aige le tacú leis an seasamh sin nó cur ina choinne.

    2. Is é a bhíonn sa doiciméadacht a fhaigheann an Pharlaimint:

      • Seasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh

      • na dearbhuithe uile a rinneadh i miontuairiscí na Comhairle nuair a bhí an seasamh á ghlacadh

      • na cúiseanna a bhí ag an gComhairle lena sheasamh a ghlacadh

      • An seasamh ón gCoimisiún

    3. Ar an doiciméadacht a fháil agus tar éis a fíoraithe, déanann an tUachtarán fógra sa suí iomlánach lena n-admhaítear go bhfuarthas an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh mar aon leis an teachtaireacht ón gCoimisiún ina leith. Cuirtear an comhad ar aghaidh go huathoibríoch chuig an gcoiste freagrach, arb é an coiste céanna é a bhí freagrach don chéad léamh. Bíonn na doiciméid ar fáil sna teangacha oifigiúla uile.

    4. Murab ionann agus don chéad léamh, bíonn an dara léamh faoi réir teorainneacha diana ama. Caithfidh an Pharlaimint gníomhú laistigh de thrí mhí (is féidir leis an bParlaimint nó leis an gComhairle fadú a iarraidh go ceithre mhí). Is é an dáta tosaigh ná an fógra faoin seasamh ón gComhairle ar an chéad léamh sa suí iomlánach.

    5. Bíonn an dara léamh sa choiste mórán mar a chéile leis an nós imeachta don chéad léamh, ach gurb é an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an téacs atá le leasú seachas an togra ón gCoimisiún. Ní ullmhaíonn ach an coiste atá freagrach tuarascáil; Ní bhíonn aon tuairimí ann ó choistí eile.

    6. Féadfar a iarraidh ar an gComhairle cur i láthair a dhéanamh ar an seasamh atá aici ag an gcéad chruinniú den choiste freagrach.

    7. Déanann an rapóirtéir (de ghnáth an Feisire céanna a tharraing suas an tuarascáil ar an gcéad léamh) dréacht de ‘mholadh’ a tharraingt suas, i.e. tuarascáil ar an dara léamh.

    8. Bíonn ar áireamh sa dréachtmholadh leasuithe atá á moladh ag an rapóirtéir. Is iad lánchomhaltaí nó buanchomhaltaí ionaid an choiste fhreagraigh, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh leasuithe breise a chur síos.

    9. Bíonn srianta i bhfeidhm ar leasuithe don dara léamh sa choiste agus sa suí iomlánach. Is incheadaithe iad sa chás amháin go bhféachann siad leis an méid seo a leanas a bhaint amach:

      • an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh a aisriú go hiomlán nó go páirteach

      • teacht ar chomhréiteach idir an Pharlaimint agus an Chomhairle

      • leasú a dhéanamh ar chuid de théacs na Comhairle nach raibh sa togra bunaidh ón gCoimisiún nó atá éagsúil ó thaobh inneachair de leis an togra sin

      • fíric nua nó staid nua dlí a tháinig chun cinn ó tugadh an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh a chur san áireamh.

    10. Rialaíonn cathaoirleach an choiste fhreagraigh ar inghlacthacht na leasuithe.

    11. Má tharla toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ón gcéad léamh, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh nach bhfuil feidhm ag na srianta.

    12. Cinneann an coiste ar na leasuithe agus ar an moladh don dara léamh trí thromlach simplí.

    13. I ndiaidh na vótála sa choiste, cuirtear an moladh ar aghaidh chuig an suí iomlánach.

    14. Moltar sa rún go ndéanfar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a fhormheas, a leasú nó diúltú dó agus bíonn réasúnú gearr ann maidir leis an gcinneadh a mholtar.

    15. Déantar an seasamh ón gComhairle agus moladh an choiste ar an dara léamh a chur go huathoibríoch ar an dréacht-chlár don seisiún iomlánach i gcomhair na Céadaoin roimh an sprioc-am le haghaidh an dara léamh sa Pharlaimint, ach is féidir déileáil leis i seisiún iomlánach níos túisce ná sin.

    16. Féadfaidh an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire aonair ar a laghad leasuithe a chur síos don suí iomlánach.

    17. Bíonn feidhm ag na srianta céanna maidir le leasuithe sa suí iomlánach agus a bhfuil feidhm acu maidir le céim an choiste. Rialaíonn Uachtarán na Parlaiminte ar inghlacthacht leasuithe a chuirtear síos don suí iomlánach. Níl dul thar chinneadh an Uachtaráin.

    18. Sula ndéantar vótáil ar aon leasú sa suí iomlánach, féadann an tUachtarán a iarraidh ar an gCoimisiún a thabhairt le fios cibé an mbeadh sé toilteanach glacadh leo nó nach mbeadh.

    19. Sna cásanna sin, tugann an Coimisinéir freagrach míniú ar sheasamh an Choimisiúin i leith na leasuithe le linn na díospóireachta sa suí iomlánach roimh an vótáil. Faoi mar a bhí ag an gcéad léamh, is é an grúpa um chaidreamh idir-institiúideach a ullmhaíonn seasamh an Choimisiúin agus déanann na Coimisinéirí an seasamh sin a dhaingniú ina dhiaidh sin.

    20. Féadtar a iarraidh freisin ar an gComhairle a barúlacha a thabhairt.

    21. I measc na dtorthaí a d’fhéadfadh a bheith ar an dara léamh, tá siad seo a leanas:

      1. diúltú don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh

      2. ní bhíonn vótáil na Parlaiminte ann laistigh den teorainn ama

      3. formheastar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh gan aon leasú a dhéanamh (comhaontú luath ar an dara léamh)

      4. molann an Pharlaimint leasuithe ar sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh

    22. Is féidir leis an gcoiste freagrach, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad a mholadh go ndiúltófar don seasamh ón gComhairle. Ní mór an moladh sin a ghlacadh le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann Parlaimint na hEorpa - i.e. tromlach glan. Caitear vóta ar aon togra den sórt sin sula leantar den vótáil ar na leasuithe.

    23. Má dhiúltaítear don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, cuirtear deireadh leis an nós imeachta reachtach: ní féidir an nós imeachta sin a athsheoladh ach amháin le togra nua ón gCoimisiún.. I mí Iúil 2005 dhiúltaigh tromlach mór de na Feisirí do sheasamh na Comhairle maidir leis an treoir um paitinní bogearraí (treoir maidir le hinphaitinneacht aireagán arna gcur chun feidhme ar bhonn ríomhaireachta), a chuir deireadh leis an togra. D’ardaigh sé sin an cheist i dtaobh an féidir leis an gCoimisiún togra a tharraingt siar tar éis don togra sin a bheith imithe tríd an gcéad léamh. Cé go maíonn an Coimisiún go bhfuil an ceart aige a thogra a tharraingt siar tráth ar bith, áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle a luaithe a bhíonn a seasamh ar an gcéad léamh glactha ag an gComhairle gurb é an téacs sin agus nach é an togra ón gCoimisiún atá mar bhonn don chuid eile den nós imeachta; agus dá thoradh sin, nach féidir leis an gCoimisiún téacs a tharraingt siar nach bhfuil ‘úinéireacht’ a thuilleadh aige air.

    24. Más rud é nach ndéanann an Pharlaimint cinneadh faoin sprioc-am, meastar an gníomh a bheith glactha i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.

    25. Mura ndéantar aon leasuithe ná togra i gcomhair diúltú a chur síos nó a ghlacadh, ní fhógraíonn an tUachtarán ach go bhfuil an gníomh beartaithe glactha (ní bhíonn aon vóta foirmiúil ann).

    26. Nuair a bhíonn gníomh reachtach glactha, déantar é a thíolacadh d’Uachtaráin agus d’Ard-Rúnaithe na Parlaiminte agus na Comhairle i gcomhair a shínithe, agus foilsítear é san Iris Oifigiúil.

    27. Ar deireadh, d’fhéadfadh an Pharlaimint leasuithe a mholadh ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh Bíonn ar na leasuithe sin na critéir don dara léamh a chomhall agus ní mór gach ceann díobh a fhormheas le tromlach glan de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint.

    28. Cuirtear toradh an vótála in iúl i bhfógra don Chomhairle agus don Choimisiún.

    29. Ceanglaítear go sonrach sa Chonradh go dtabharfaidh an Coimisiún tuairim i scríbhinn i dtaobh leasuithe na Parlaiminte agus cinntear leis sin an cineál vótála atá riachtanach sa Chomhairle: más rud é, mar shampla, gur mian leis an gComhairle leasú de chuid na Parlaiminte a ghlacadh a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh, ní mór an leasú sin a ghlacadh d'aon toil.

    Caibidlíocht idir institiúidí AE
    1. Chun an chaibidlíocht a thabhairt chun críche go rathúil roimh chomhréiteach, ní mór don Pharlaimint agus don Chomhairle dul i mbun caibidlíochta nuair a bhíonn an togra fós ag fanacht le dara léamh na Parlaiminte. Bíonn idirbheartaíocht ar siúl le linn cruinnithe neamhfhoirmiúla tríthaobhacha (cruinnithe tríthaobhacha) lena n-áirítear an Coimisiún. Bíonn foireann chaibidlíochta na Parlaiminte faoi stiúir chathaoirleach a choiste atá freagrach, agus bíonn ról ceannasach ag rapóirtéir an chomhaid shonraigh maidir le seasamh na Parlaiminte a chosaint. Cuimsíonn an fhoireann na scáth-rapóirtéirí ó na grúpaí polaitiúla freisin. Déanann cathaoirleach Uachtaránachta mheitheal ábhartha na Comhairle nó Coreper ionadaíocht don Chomhairle - nó aire uaireanta - agus tugann riarachán na Comhairle cúnamh dó. Is iondúil go ndéanann na hoifigigh atá i gceannas ar an sainchomhad ionadaíocht ar an gCoimisiún (an Coimisinéir atá freagrach uaireanta), le cúnamh ó Ard-Rúnaíocht agus Seirbhís Dlí an Choimisiúin.

    2. Is é sainordú na Parlaimint ag an gcaibidlíocht sin ná a seasamh ar an gcéad léamh.

    3. Is é is cuspóir do na teagmhálacha sin ná teacht ar chomhaontú maidir le pacáiste leasuithe atá inghlactha don Chomhairle agus don Pharlaimint. Tá tábhacht freisin le tuairim an Choimisiúin, mar gur leis an tuairim sin a chinntear an cineál vótála sa Chomhairle a bheidh riachtanach i dtaobh leasuithe na Parlaiminte.

    4. I gcás ina mbíonn rath ar na caibidlíochtaí, seolann cathaoirleach Coreper litir chuig cathaoirleach an choiste fhreagraigh sa Pharlaimint ina ngeallann an Chomhairle go ndéanfaidh sí leasuithe na Parlaiminte a fhormheas má tá siad ag teacht leis an gcomhréiteach atá sainaitheanta go comhpháirteach ag an gComhairle agus ag an bParlaimint.

    5. Ní mór an comhaontú sealadach a fhormheas sa choiste atá freagrach trí vóta le tromlach simplí. Cuireann an coiste atá freagrach síos ansin é sa suí iomlánach.

    Na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann:

  5. An dara léamh sa Chomhairle

    Scrúdaíonn an Chomhairle an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh agus déanann sí leasuithe uile na Parlaiminte a fhormheas, rud a chiallaíonn go nglactar an gníomh, sin nó ní fhormheasann sí na leasuithe uile agus as sin déantar Coiste Idir-réitigh a chomóradh.

    Tuairisc mhion:

    Spriocdhátaí

    Bíonn 3 mhí ag an gComhairle chun an dara léamh a sheoladh, ach gur féidir an tréimhse sin a fhadú aon mhí amháin.

    Vótáil

    Vótálann an Chomhairle trí thromlach cáilithe ar leasuithe na Parlaiminte a bhfuil tuairim dheimhneach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh, agus vótálann sí d'aon ghuth ar na leasuithe a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh.

    Rannpháirtíocht na Saoránach

    Is ar leasuithe na Parlaiminte amháin a fhéadann an Chomhairle freagairt. Is féidir leat an seasamh atá agat féin i leith na leasuithe ar leith a chur in iúl do do rialtas.

    An doiciméad a leanann as

    Má fhormheasann an Chomhairle an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh, glactar an gníomh reachtach agus foilsítear é mar Threoir (nó rialachán nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Mura gceadaíonn an Chomhairle an seasamh ón bParlaimint ag an dara léamh, leanann an nós imeachta reachtach ar aghaidh le céim an chomhréitigh.

    Staidreamh

    I dtéarma reachtach 2014-2019, níor comhaontaíodh ach ceithre chomhad as gach 401 chomhad reachtacha (1%) ag an dara léamh (gan luath-chomhaontuithe ar an dara léamh a chur san áireamh), i gcomparáid le 5% i dtéarma 2009-2014, 13% i dtéarma 2004 -2009 agus 24% i dtéarma 1999-2004.

    Ba é meánfhad chun an nós imeachta sa dara léamh a ghlacadh le linn théarma reachtach 2014-2019 (gan comhaontuithe ag an dara léamh a chur san áireamh) ná 40 mí. Ba é an meánfhad i dtéarma 2009-2014 agus i dtéarma 2004-2009 ná 32 mhí, agus i dtéarma 1999-2004 24 mhí a bhí i gceist.

    Téacsanna iomlána

    Bíonn 3 mhí (ar féidir é a fhadú go 4 mhí) ag an gComhairle chun an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh a scrúdú. Déantar an seasamh ón gCoimisiún Eorpach i dtaobh leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh a chur in iúl freisin don Chomhairle Déanann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte a fhormheas, agus sa chás sin glactar an gníomh reachtach, sin nó ní fhormheasann sí na leasuithe uile. Sa chás nach bhformheasann sí na leasuithe eile, déanann Uachtarán na Comhairle, i gcomhaontú le hUachtarán na Parlaiminte, cruinniú den Choiste Idir-réitigh a chomóradh.

    1. Ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar an dara léamh a fháil go hoifigiúil, sna teangacha oifigiúla uile, tosaíonn an tréimhse ama atá ag an gComhairle don dara léamh.

    2. Bionn trí mhí (nó ceithre mhí má chuirtear fad leis) chun gníomhú.

    3. Féadfaidh an Chomhairle leasuithe na Parlaiminte a ghlacadh nó diúltú dóibh. Sula ndéanann sí a cinneadh, faigheann sí tuairim ón gCoimisiún ina dtaobh.

    4. Tá an nós imeachta comhchosúil leis an ullmhúchán don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh: déanann an mheitheal inniúil seasamh a ullmhú a thíolactar chuig Coreper agus a ndéanann an Chomhairle é a ghlacadh.

    5. Braitheann an líon vótaí a bhfuil gá leis sa dara léamh ag an gComhairle ar an tuairim ón gCoimisiún maidir le leasuithe na Parlaiminte. Is féidir leasuithe a dtugann an Coimisiún tuairim dhearfach orthu a fhormheas trí thromlach cáilithe sa Chomhairle. Bíonn gá le formheas d’aon toil sa Chomhairle maidir le leasuithe a dtugann an Coimisiún tuairim dhiúltach ina dtaobh.

    6. Má dhéanann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte ar an dara léamh a fhormheas, meastar go bhfuil an gníomh reachtach glactha. Síníonn Uachtaráin agus Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an téacs reachtach agus foilsítear san Iris Oifigiúil é.

    7. Mura bhformheasann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte, déanann Uachtarán na Comhairle i gcomhaontú le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa cruinniú den Choiste Idir-réitigh a chomóradh laistigh de shé seachtaine (ar féidir an tréimhse sin a fhadú dhá sheachtain) ón tráth a dhéanann an Chomhairle an diúltú.

    Na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann:

  6. Idir-réiteach

    Féachann an Coiste Idir-Réitigh, atá comhdhéanta de líon Feisirí is comhionann le líon na n-ionadaithe ón gComhairle, le teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach. Mura n-éiríonn leis sin, ní thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm agus cuirfear deireadh leis an nós imeachta iomlán. Má chomhaontaítear téacs comhpháirteach, cuirtear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle é le haghaidh an tríú léamh.

    Tuairisc mhion:

    Spriocdhátaí

    Ní mór an Coiste Idir-réitigh a chomóradh laistigh de 6 seachtaine (ar féidir é a fadú go dtí ocht seachtaine). Bíonn sé seachtaine (nó ocht seachtaine má chomhaontaítear é sin go comhpháirteach) ag an gcoiste le téacs comhpháirteach a chomhaontú.

    Vótáil

    Formheasann toscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach trí thromlach glan (14 vóta ar a laghad de 27 faoi láthair), agus vótálann ionadaithe na Comhairle de ghnáth trí thromlach cáilithe.

    Rannpháirtíocht na Saoránach

    Is ar éigean má tá deis ar bith ann le leasuithe a thabhairt isteach, ach is féidir leat na pointí a chreideann tú féin nár cheart a bheith curtha sa téacs reachtach críochnaitheach a chur in iúl do na Feisirí atá rannpháirteach sa choiste idir-réitigh agus do do rialtas.

    An doiciméad a leanann as

    Má thagtar ar chomhaontú, cuireann an coiste "téacs comhpháirteach" nó (an teideal iomlán) "Téacs comhpháirteach a d'fhormheas an Coiste Idir-Réitigh" i dtoll a chéile.

    Staidreamh

    Le linn théarma reachtach 2014-2019, ní raibh aon nósanna imeachta idir-réitigh ann. Dheimhnigh sé sin treocht a bhí le feiceáil le linn téarmaí parlaiminteacha níos luaithe: i dtéarma 2009-2014, chuaigh 2% de na comhaid (9 comhaid) chun idir-réitigh, síos ó 5% de na comhaid (24 chomhad) le linn théarma 2004-2009 agus 20% le linn théarma 1999-2004.

    Níor éirigh leis an gCoiste Comhpháirteach téacs comhpháirteach a fhormheas orthu seo a leanas:

    • Guth-theileafónaíocht, in 1994

    • An Coiste um Urrúis in 1998

    • An Treoir maidir le hAm Oibre in 2009

    • An Rialachán maidir le Bianna Núíosacha in 2011

    Téacsanna iomlána

    Laistigh de shé seachtaine (agus fadú féideartha go hocht seachtaine) tar éis an dara léamh ón gComhairle a thabhairt chun críche (nach nglacann sí le leasuithe uile na Parlaiminte ar an dara léamh), comórann Uachtaráin na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa an Coiste Idir-réitigh, agus an líon céanna Feisirí agus ionadaithe ón gComhairle. Tá sé seachtaine ag an gCoiste Idir-réitigh (le fadú féideartha go hocht seachtaine) chun cinneadh a dhéanamh ar théacs comhpháirteach bunaithe ar na seasaimh ón bParlaimint agus ón gComhairle ar an dara léamh. Más rud é nach bhformheasann an Coiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach, titeann an gníomh reachtach ar lár agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Más rud é go bhformheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach, cuirtear an téacs ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle le haghaidh an tríú léamh.

    1. Mura bhformheasann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte ar an dara léamh, déantar Coiste Idir-réitigh a chomóradh.

    2. Faoi chuimsiú an Choiste Idir-réitigh, déanann an dá chomhreachtóir – Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle – caibidlíocht dhíreach agus é mar aidhm acu teacht ar chomhaontú i dtéacs comhpháirteach.

    3. Ní foláir an Coiste Idir-réitigh a chomóradh laistigh de shé seachtaine (nó ocht seachtaine, má bhíonn fadú comhaontaithe) ón tráth a thugann an Chomhairle an dara léamh chun críche agus fógra oifigiúil a bheith curtha chuig an bParlaimint á chur in iúl di nach nglacfaidh an Chomhairle le leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh.

    4. Déantar gach togra reachtach a bhfuil gá le hidir-réiteach lena aghaidh a phlé ar leithligh laistigh de Choiste Idir-réitigh atá ann go sonrach chuige sin.

    5. Is é Uachtarán na Comhairle, le comhaontú Uachtarán na Parlaiminte, a dhéanann an Coiste Idir-réitigh a chomóradh. Meastar é a bheith comórtha nuair a bhíonn céad chruinniú an Choiste ann.

    6. Ó lá an chéad chruinnithe, bíonn sé seachtaine aige (is féidir a fhadú dhá sheachtain ar a mhéad ar thionscnamh na Parlaiminte nó na Comhairle agus de chomhthoil a chéile) chun caibidlíocht a dhéanamh ar an téacs comhpháirteach agus chun é a fhormheas.

    7. Sula gcuireann an coiste tús go hoifigiúil lena chuid oibre, bíonn cruinnithe tríthaobhacha réamhullmhúcháin agus cruinnithe teicniúla ann a thúisce is léir nach mbeidh an Chomhairle in ann glacadh le leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh. Féadtar briseadh a ghlacadh ó chruinnithe an Choiste Idir-réitigh freisin agus caibidlíochtaí i gcruinnithe tríthaobhacha a bheith ann idir an dá linn.

    8. Sna cruinnithe tríthaobhacha agus teicniúla, tugtar le chéile foirne beaga de chaibidleoirí ón bParlaimint, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, a dtuairiscíonn gach foireann díobh ar ais chuig a dtoscaireacht laistigh den Choiste Idir-réitigh.

    9. Sna cruinnithe tríthaobhacha, is iad cathaoirleach na toscaireachta chuig an gCoiste Idir-réitigh, cathaoirleach an choiste fhreagraigh sa Pharlaimint agus an rapóirtéir, a fhaigheann cúnamh ó chomhaltaí rúnaíocht idir-réitigh na Parlaiminte agus, más gá, comhalta den tseirbhís dlí a dhéanann ionadaíocht ar an bParlaimint.

    10. Déanann comhalta den Chomhairle nó comhalta ionaid nó buanchomhalta (cathaoirleach Coreper I nó II faoi seach) an Bhallstáit ag a bhfuil an Uachtaránacht ionadaíocht ar an gComhairle, agus faigheann sé cúnamh ó chomhaltaí rúnaíocht na Comhairle, lena n-áirítear a seirbhís dlí.

    11. Déanann an Coimisinéir nó a ionadaí ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh (Ard-Stiúrthóir na rannóige atá i gceannas ar an sainchomhad), le cúnamh ó shaineolaithe, a sheirbhís dlí agus an riarachán.

    12. Is iondúil go mbíonn saineolaithe agus seirbhísigh shibhialta ó na trí institiúid i láthair ag cruinnithe tríthaobhacha teicniúla.

    13. Bíonn na caibidlíochtaí sa chruinniú tríthaobhach bunaithe ar 'dhoiciméad ceithre cholún’ ina leagtar amach na seasaimh a ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle.

      1. Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh

      2. Leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh

      3. An Seasamh ón gComhairle ar leasuithe na Parlaiminte (glacadh, diúltú nó téacs comhréitigh féideartha)

      4. An seasamh ó thoscaireacht na Parlaiminte ar mholtaí na Comhairle.

    14. I rith na gcaibidlíochtaí, féachann an dá thoscaireacht le teacht ar chomhréiteach ar leasuithe nach bhfuil lánaontú fós ann ina dtaobh. Chun na críche sin, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar mheithleacha beaga, bídís ar an leibhéal polaitiúil nó ar an leibhéal teicniúil, obair bhreise maidir le dréachtú mionsonraithe a dhéanamh.

    15. Déanann na caibidleoirí faoi seach na torthaí ó gach cruinniú thríthaobhach a thíolacadh i gcomhair a bhformheasta do thoscaireachtaí na Parlaiminte agus na Comhairle: i gcás inar gá sin, déantar socrú le haghaidh tuilleadh cruinnithe tríthaobhacha nó cruinnithe neamhfhoirmiúla eile.

    16. Is é a bhíonn sa Choiste Idir-réitigh féin dhá thoscaireacht atá ar cóimhéid: ceann ó Pharlaimint na hEorpa agus ceann ón gComhairle.

      1. Bíonn toscaireacht na Comhairle comhdhéanta d'ionadaí amháin ó gach Ballstát (airí, nó níos iondúla, ionadaithe Coreper na mBallstát). Is é an t-aire in oifig sa Chomhairle ar a bhfuil cúram an tsainchomhaid a bhíonn ina chathaoirleach ar thoscaireacht na Comhairle. Gníomhaíonn an toscaireacht le tromlach cáilithe (ach amháin i gcás sainchomhad a gceanglaítear aontoilíocht ina dtaobh de réir an Chonartha).

      2. Bíonn toscaireacht na Parlaiminte comhdhéanta de líon comhionann Feisirí – 27 – móide 27 gcomhalta ionaid (nach féidir leo sin vótáil ach amháin nuair a bhíonn comhalta dá ngrúpa polaitiúil as láthair). Tá triúr de leas-uachtaráin na Parlaiminte ina mbuanchomhaltaí den Choiste Idir-réitigh agus is ar bhonn uainíochta a dhéanann siadsan comhchathaoirleacht air. Is iad na grúpaí polaitiúla a cheapann na 24 Fheisire eile sa toscaireacht, i gcomhréir le méid gach grúpa laistigh den Pharlaimint. Tagann an móramh de ghnáth ón gcoiste parlaiminteach atá freagrach as an sainchomhad. I bhformhór na gcásanna, féachann an toscaireacht a chuid oibre a dhéanamh ar bhonn comhthola. Sa chás go mbíonn vótáil ann, glactar cinntí na toscaireachtaí trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í (i.e. 14 vóta i láthair na huaire). Tá tuilleadh faisnéise faoi thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh le fáil anseo thíos.

      3. Déanann an Coimisiún, arb é an Coimisinéir atá freagrach as an sainchomhad a fhónann mar ionadaí air i bprionsabal, páirt a ghlacadh freisin in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh d'fhonn na seasaimh a ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle a thabhairt le chéile.

    17. Mar is amhlaidh leis na cruinnithe tríthaobhacha, is é an phríomhuirlis oibre a bhíonn ann ná an doiciméad i gceithre cholún (féach pointe 13), agus é aistrithe go dtí na teangacha oifigiúla uile. Bíonn ag an gcoiste freisin an togra ón gCoimisiún agus an tuairim ón gCoimisiún maidir le leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh.

    18. Is leas-uachtarán de chuig na Parlaiminte agus aire de chuid an Bhallstáit ag a bhfuil an Uachtaránacht a dhéanann cathaoirleacht go comhpháirteach ar an gCoiste Idir-réitigh. Bíonn na cruinnithe gach re sea in áitreamh na Parlaiminte agus in áitreamh na Comhairle, agus iad sin sa Bhruiséil den chuid is mó.

    19. Tosaíonn formhór na gcruinnithe Coiste Idir-réitigh le cruinniú tríthaobhach ina soiléiríonn an dá chomhreachtóir an seasamh atá acu féin, bunaithe ar an sainordú atá faighte acu óna n-institiúidí faoi seach. Fónann an Coimisiún mar éascaitheoir.

    20. Bíonn an institiúid a óstaíonn an chéad chruinniú den Choiste Idir-réitigh freagrach as eagar a chur ar an téacs comhpháirteach agus as an litir a chuirfear ar aghaidh, agus, tar éis an gníomh reachtach a bheith glactha go cinntitheach ag an bParlaimint agus ag an gComhairle, is í an institiúid sin atá freagrach as an gníomh a fháil sínithe ag Uachtaráin an dá institiúid agus as a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    21. Mura dtagann toscaireachtaí na Parlaiminte agus na Comhairle ar chomhaontú sa Choiste Idir-réitigh, titeann an togra ar lár. Is bunaithe ar thogra nua ón gCoimisiún, agus é sin amháin, a fhéadfaidh nós imeachta nua a bheith. Amhail ó Eanáir 2020, ní raibh ach ceithre chás ann nuair nár éirigh leis an gCoiste Idir-réitigh teacht ar chomhaontú maidir le comhthéacs, eadhon “Guth teileafónaíochta” (1994), “Coiste um Urrúis” (1998), “An Treoir maidir le hAm Oibre ” (2009) agus "An Rialachán maidir le Bianna Núíosacha”

    22. Má thagann na toscaireachta ón bParlaiminte agus an toscaireacht ón gComhairle ar chomhréiteach, caithfidh an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach a fhormheas. Formheasann toscaireacht na Comhairle é trí thromlach cáilithe (nó aontoilíocht i gcásanna a shonraíonn an Conradh) agus vótálann an toscaireacht ón bParlaimint trí thromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

    23. A luaithe a thagtar ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir-réitigh (nó ina dhiaidh sin i malartú litreacha idir comhchathaoirligh an Choiste), ullmhaíonn Rúnaíocht Ghinearálta na hinstitiúide inar tionóladh an chéad chruinniú, an dréacht-téacs reachtach, sa teanga a úsáidtear le linn na caibidlíochta i bprionsabal. Cuirtear leagan sealadach ar shuíomh Gréasáin na Parlaiminte a luaithe is féidir tar éis dheireadh na caibidlíochta. .

    24. I ndiaidh athbhreithniú dlíthiúil/teanga a bheith déanta ar an doiciméad, cuirtear ar fáil é i dteangacha oifigiúla uile AE.

    25. Déanann comhchathaoirligh an Choiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach, mar aon le litir chumhdaigh, a sheoladh chuig Uachtarán na Parlaiminte agus chuig Uachtarán-in-oifig na Comhairle. Bíonn aon dearbhuithe ó na hinstitiúidí ag gabháil mar iarscríbhinn leis an litir sin. Déantar an litir a dhíriú freisin, chun críocha faisnéise, chuig ionadaí an Choimisiúin a ghlac páirt sa Choiste Idir-réitigh.

    26. Bíonn ar an bParlaimint agus ar an gComhairle an comhaontú ar thángthas air sa Choiste Idir-réitigh a dheimhniú. Déanann an dá institiúid vótáil ar leithligh ar an téacs comhpháirteach mar atá sé, agus ní bhíonn aon deis acu é a leasú tuilleadh.

    Toscaireacht na Parlaiminte san Idir-réiteach
    1. Is toscaireacht atá comhdhéanta de líon Feisirí is comhionann le líon comhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht ar an bParlaimint sa nós imeachta idir-réitigh. Déantar an toscaireacht a cheapadh go leithleach le haghaidh gach nós imeachta idir-réitigh. Is é is cúram dó ionadaíocht a dhéanamh ar an bParlaimint ina hiomláine le linn na gcaibidlíochtaí leis an gComhairle.

    2. Ag tús gach téarma pharlaimintigh, nó ag tráth eile i rith an téarma pharlaimintigh má tharlaíonn mórathruithe i gcomhdhéanamh polaitiúil foriomlán Pharlaimint na hEorpa, déanann Comhdháil na nUachtarán comhdhéanamh polaitiúil na dtoscaireachtaí chuig an gCoiste Idir-réitigh a chinneadh ag teacht leis an neart coibhneasta atá ag na grúpaí polaitiúla.

    3. Déantar an triúr leas-uachtarán ag a bhfuil freagracht speisialta don idir-réiteach a áireamh i ngach toscaireacht agus i gcuóta na gcomhaltaí ó gach grúpa polaitiúil. Duine den triúr a bhíonn ina chathaoirleach ar gach ceann de na toscaireachtaí: socraíonn siad ina measc féin cé acu a bheidh freagrach as cén nós imeachta idir-réitigh agus dá thoradh sin cé acu a bheith ina chathaoirleach ar cén toscaireacht. Is comhaltaí ex officio den toscaireacht freisin iad an rapóirtéir/na rapóirtéirí agus cathaoirleach an choiste pharlaimintigh atá freagrach, agus áirítear iad sin i gcuóta a ngrúpa pholaitiúil.

    4. Is iad gach grúpa polaitiúil a cheapann an chuid eile de chomhaltaí na toscaireachta le haghaidh nós imeachta idir-réitigh ar leith. Tagann a bhformhór díobh ón gcoiste freagrach nó ó na coistí a thugann tuairim. Más rud é go mbíonn feidhm ag an nós imeachta le coistí comhlachaithe, ní mór go mbeadh an rapóirtéir ó aon choiste comhlachaithe san áireamh ar thoscaireacht na Parlaiminte. Ní mór do na grúpaí polaitiúla líon comhionann de chomhaltaí ionaid a cheapadh freisin, a fhéadann páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí na toscaireachta ach nach bhféadann vóta a chaitheamh ach amháin nuair a ghníomhaíonn siad mar ionadaí do lánchomhalta.

    Eagar na toscaireachta
    1. Bíonn cruinniú bunaitheach ag toscaireacht na Parlaiminte chun sainordú a thabhairt don fhoireann chaibidlíochta – ar gnách gurb iad sin an leas-uachtarán atá ina chathaoirleach ar an toscaireacht, cathaoirleach an choiste fhreagraigh agus an rapóirtéir/na rapóirtéirí – ionas gur féidir tús a chur le cruinnithe tríthaobhacha.

    2. Bíonn an Coimisiún i láthair ag an gcruinniú sin agus ag gach cruinniú eile ina dhiaidh sin a bhíonn ag toscaireacht na Parlaiminte. Bítear ag súil go ndéanfaidh ionadaithe an Choimisiúin tuairim an Choimisiúin i dtaobh leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh a chur i láthair agus a mhíniú agus b’fhéidir freisin faisnéis a thabhairt faoi aon rud nua ina leith seo atá ag tarlú sa Chomhairle agus a bhfuil siad ar an eolas fúthu.

    3. Déanann comhaltaí na toscaireachta faireachán ar an dul chun cinn sa nós imeachta idir-réitigh, agus ar bhonn leanúnach ag cruinnithe ina dhiaidh sin.

    4. Is é príomhaidhm na gcruinnithe toscaireachta ná nuashonrú a dhéanamh ar shainordú na foirne caibidlíochta agus plé a dhéanamh ar aon téacsanna comhréitigh. Aontaítear le leasuithe áirithe nó le moltaí comhréitigh, faoi réir a gcomhaontaithe ar an iomlán. Má bhíonn ceisteanna fós le réiteach, tugann an toscaireacht teagasc don fhoireann chaibidlíochta faoin gcaoi le leanúint de na caibidlíochtaí leis an gComhairle. Breithníonn toscaireacht na Parlaiminte freisin saincheisteanna a bhaineann leis an nós imeachta, mar shampla, cibé ar cheart cruinniú tríthaobhach eile a eagrú nó cibé an féidir Coiste Idir-réitigh a chomóradh agus, más féidir, cathain.

    5. Ag deireadh an nós imeachta, déanann an toscaireacht an comhaontú ar thángthas air san idir-réiteach a fhormheas go foirmiúil nó diúltú dó. Bíonn sé mar aidhm ag an toscaireacht gníomhú ar bhonn comhthola. Má bhíonn gá le vótáil, áfach, bíonn gá le tacaíocht ó thromlach glan de na comhaltaí (14 ar a laghad as líon féideartha de 27) chun formheas a dhéanamh

    6. Faigheann an toscaireacht cúnamh ó sheirbhís thiomnaithe de riarachán na Parlaiminte, an tAonad um Ghnóthaí Reachtacha, agus seirbhísí speisialaithe: e.g. an tseirbhís dlí, dlítheangeolaithe agus an tseirbhís preasa.

    Na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann:

  7. An tríú léamh i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle

    • An triú léamh sa Pharlaimint:

      Déanann Parlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach a scrúdú, agus vótáil air, sa suí iomlánach. Ní féidir léi an fhoclaíocht sa téacs comhpháirteach a athrú. Má dhiúltaíonn sí dó, nó má mhainníonn sí gníomhú ar an téacs, ní ghlactar an gníomh agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Má dhéanann an Pharlaimint agus an Chomhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas, glactar an gníomh.

    • An tríú léamh sa Chomhairle:

      Scrúdaíonn an Chomhairle an téacs comhpháirteach. Ní féidir léi an fhoclaíocht a athrú. Má dhiúltaíonn sí dó, nó neachtar acu, go mainníonn sí gníomhú ar an téacs, ní ghlactar an gníomh agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Má fhormheasann sí an téacs, agus go bhformheasann an Pharlaimint freisin é, glactar an gníomh.

    Tuairisc mhion:

    Spriocdhátaí

    Tá sé seachtaine ag an bParlaimint agus ag an gComhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas, tréimhse a d’fhéadfaí a fhadú go dtí ocht seachtaine, má aontaíonn an dá institiúid. Má dhiúltaíonn an Pharlaimint nó an Chomhairle don téacs, nó nach bhformheasann siad in am é, tagann deireadh leis an nós imeachta gan an reachtaíocht a ghlacadh.

    Vótáil

    Formheasann an Pharlaimint an seasamh comhpháirteach trí thromlach simplí de na vótaí a chaitear. Formheasann an Chomhairle an téacs comhpháirteach trí thromlach cáilithe.

    Rannpháirtíocht na Saoránach

    Ní féidir an téacs comhpháirteach a athrú. Níl tú in ann a dhéanamh ach a iarraidh ar na Feisirí agus/nó ar do rialtas an téacs comhpháirteach a fhormheas nó diúltú dó.

    An doiciméad a leanann as

    Glacann Parlaimint na hEorpa rún reachtach maidir leis an téacs comhpháirteach a d'fhormheas an Coiste Idir-Réitigh ina ndéanann sí an téacs comhpháirteach a fhormheas nó diúltú dó.

    Ní chuireann an Chomhairle aon doiciméad oifigiúil ar fáil.

    Má dhéantar an téacs comhpháirteach a fhormheas, glactar an gníomh reachtach agus foilsítear é mar threoir (nó rialachán nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Staidreamh

    Go dtí seo, tá diúltaithe ag an bParlaimint do thrí théacs chomhpháirteacha.

    • Cosaint aireagán biteicneolaíoch i 1995

    • Tairiscintí táthcheangail in 2001

    • Seirbhísí Calafoirt in 2003

    Níor dhiúltaigh an Chomhairle do théacs comhpháirteach riamh.

    Téacsanna iomlána

    Cuirtear an téacs comhpháirteach chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle ag an am céanna lena fhormheas. Níl aon ord ar leith leagtha síos ina gcaithfidh na comhreachtóirí a gcinneadh a dhéanamh. Bíonn sé seachtaine (nó ocht seachtaine má chomhaontaítear é sin go comhpháirteach) acu le cinneadh a dhéanamh agus ní féidir leo an téacs a mhodhnú Sa Pharlaimint, bíonn díospóireacht sa suí iomlánach ann sula gcaitear vóta ar an téacs comhpháirteach. Má dhéanann an Pharlaimint agus an Chomhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas, glactar an togra reachtach. Má dhiúltaíonn ceann díobh nó an péire acu dó, nó mura dtugann siad freagairt in am, titeann an reachtaíocht ar lár agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Ní féidir é a atosú ach amháin le togra nua ón gCoimisiún.

    1. Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach, ní mór do Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus don Chomhairle an téacs a fhormheas i dtríú léamh. Vótálann an dá institiúid go leithleach ar an téacs comhpháirteach. Ní féidir é a leasú tuilleadh.

    2. Tar éis an nós imeachta idir-réitigh a thabhairt chun críche go rathúil, ullmhaítear dréacht-téacs comhpháirteach bunaithe ar an doiciméad oibre comhpháirteach agus ar aon mhodhnuithe a comhaontaíodh san idir-réiteach. Déantar é a leagan síos i dteanga amháin ar dtús ansin aistrítear é go dtí na teangacha oifigiúla eile. Déantar an leagan den dréacht-téacs comhpháirteach atá sa teanga bhunaidh a sheoladh chuig comhaltaí na toscaireachta.

    3. Déantar an téacs comhpháirteach críochnaitheach, a bhfuil fíorú dlítheangeolaíoch déanta air sa Pharlaimint agus sa Chomhairle araon, a chur ar aghaidh go foirmiúil chuig comhchathaoirligh an Choiste Idir-réitigh agus chuig Uachtarán na Parlaiminte agus chuig Uachtarán-in-oifig na Comhairle. Bíonn aon dearbhuithe ó na hinstitiúidí ag gabháil mar iarscríbhinn lena litir.

    4. Déantar an tríú léamh a sheoladh in imeacht tréimhse sé seachtaine ó dháta na litreach sin. Féadtar an teorainn ama a fhadú dhá sheachtain ar a mhéad ar thionscnamh na Parlaiminte nó na Comhairle agus de chomhthoil a chéile.

    An Pharlaimint
    1. Le linn na tréimhse sé seachtaine (a bhféadfaí é a fhadú go hocht seachtaine), faigheann comhaltaí thoscaireacht Pharlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach ina dteanga féin, mar aon le tuarascáil ina dtugtar cuntas ar na céimeanna éagsúla agus ar thorthaí an nós imeachta idir-réitigh, lena n-áirítear taifead den vótáil ag an toscaireacht ag deireadh an nós imeachta. Déantar an téacs comhpháirteach críochnaitheach, an tuarascáil arna tarraingt suas ag an rapóirtéir agus ag cathaoirleach na toscaireachta, an litir chumhdaigh, agus aon dearbhuithe institiúideacha a sheoladh chuig an tseirbhís um an suí iomlánach sa Pharlaimint. Ag an tráth seo, foilsítear na leaganacha den chomhaontú sna teangacha éagsúla ar láithreán gréasáin na Parlaiminte.

    2. Sula gcaitear vóta ar an téacs comhpháirteach, bíonn díospóireacht sa suí iomlánach ar thoradh na gcaibidlíochtaí agus ar an gcomhaontú ar thángthas air (nó nár thángthas air) leis an gComhairle. Is iondúil go gcuirtear tús leis an díospóireacht le ráiteas ón leas-uachtarán a bhí ina chathaoirleach ar an toscaireacht agus le ráiteas ón rapóirtéir. Ansin, caitear vóta sa suí iomlánach ar an téacs comhpháirteach. Déantar é a fhormheas le tromlach simplí de na vótaí a chaitear; sin nó diúltaítear don téacs comhpháirteach.

    3. Amhail ó mhí Eanáir 2020, dhiúltaigh an Pharlaimint do théacsanna comhpháirteacha 3 huaire:

    An Chomhairle
    1. Bíonn ar an gComhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas freisin, agus is iondúil gur fearr léi vótáil air sin tar éis an tríú léamh ag an bParlaimint. Déanann an Chomhairle a cinneadh trí thromlach cáilithe.

    2. I gcleachtas, ní chothaíonn formheas an téacs chomhpháirtigh ag an gComhairle fadhb ar bith, ós rud é go mbíonn toscaireacht na Comhairle ar an gCoiste Idir-réitigh comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát. Go dtí seo, níor dhiúltaigh an Chomhairle riamh do chomhaontú ar thángthas air in idir-réiteach.

    3. Má theipeann ar cheachtar institiúid an téacs comhpháirteach a fhormheas, tagann deireadh leis an nós imeachta reachtach: ní féidir é a atosú ach amháin le togra nua ón gCoimisiún.

    4. Má ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle araon an téacs, déantar é a thíolacadh i gcomhair a shínithe d’Uachtaráin agus d’Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus ina dhiaidh sin foilsítear é san Iris Oifigiúil.

    Na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann:

Na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann

  • Tá an togra glactha

    Déanann Parlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach a scrúdú, agus vótáil air, sa suí iomlánach. Ní féidir léi an fhoclaíocht sa téacs comhpháirteach a athrú. Má dhiúltaíonn sí dó, nó má mhainníonn sí gníomhú ar an téacs, ní ghlactar an gníomh agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Má dhéanann an Pharlaimint agus an Chomhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas, glactar an gníomh.

    • Tá rialacháin ceangailteach go díreach ar fud AE amhail ón dáta a leagtar síos san Iris Oifigiúil.

    • Leagtar síos i dtreoracha na torthaí deiridh atá le baint amach i ngach Ballstát, ach fágtar faoi na rialtais náisiúnta é a chinneadh cén chaoi a ndéanfaidh siad a gcuid dlíthe a oiriúnú chun na spriocanna sin a bhaint amach. I ngach Treoir, sonraítear an dáta faoina gcaithfidh na dlíthe náisiúnta a bheith oiriúnaithe.

    • Tá feidhm ag cinntí maidir le cásanna sonracha, lena mbaineann údaráis ar leith nó daoine aonair agus tá siad láncheangailteach.

  • Níl an togra glactha

    Má dhiúltaítear do thogra reachtach ag aon chéim den nós imeachta, nó mura féidir leis an bParlaimint agus leis an gComhairle teacht ar chomhréiteach, ní ghlactar an togra agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Ní féidir nós imeachta nua a thosú ach amháin le togra nua ón gCoimisiún.