Réamhrá
Soláthraíonn Parlaimint na hEorpa ceann de na seirbhísí ateangaireachta is mó ar domhan. Tá ról tábhachtach ag ateangairí cumarsáid éifeachtach a áirithiú san Institiúid uathúil seo a fheidhmíonn ar bhonn laethúil i 24 theanga.
Ba iad 4 theanga na dtíortha bunaitheacha teangacha oifigiúla na gComhphobal Eorpach i dtús a ré: an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Ollainnis agus an Iodáilis, rud a d'fhág go bhféadfadh 12 chumasc teanga a bheith ann.
Na teangacha breise tar éis na méaduithe a bheith ann:
1973: an Béarla, an Danmhairgis (móide an Ghaeilge le haghaidh Ionstraim Aontachais na hÉireann agus na téacsanna bunúsacha), mar sin, 4 + 2 = 6 theanga oifigiúlaagus 30 cumasc teanga.
1981: an Ghréigis = 7 dteanga oifigiúla agus 42 chumasc teanga.
1986: an Spáinnis agus an Phortaingéilis = 9 dteanga oifigiúla agus 72 chumasc teanga.
1995: an Fhionlainnis agus an Phortaingéilis = 11 theanga oifigiúla agus 110 gcumas eteanga.
2004: an Eastóinis, an Ungáiris, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Pholainnis, an tSeicis, an tSlóvaicis agus an tSlóivéinis = 20 teanga oifigiúla agus 380 cumasc teanga.
2007: an Rómáinis, an Bhulgáiris agus an Ghaeilge = 23 theanga oifigiúla agus 506 chumasc teanga.
2013: an Chróit = 24 theanga oifigiúla agus 552 chumasc teanga.
I dteannta na dteangacha oifigiúla, úsáidtear go han-mhinic teangacha na dtíortha is iarrthóirí, mar aon leis an Rúisis, an tSínis, an Arabais, an tSeapáinis etc.
Leis an ateangaireacht, cuirtear ar chumas Feisirí PE tuiscint a bheith acu ar a chéile agus cumarsáid a dhéanamh eatarthu féin.
- Teanga ghníomhach: an teanga a ndéantar ateangaireacht isteach inti (an teanga a n-éisteann na Feisirí léi).
- Teanga fhulangach: an teanga as a ndéantar ateangaireacht (an teanga a labhraíonn na Feisirí).
- Teanga athsheachadta: ateangaireacht athsheachadta a dhéanann ateangaire sna teangacha neamhfhorleathana.
- Ateangaireacht Dhéthreo: úsáidtear í do na teangacha neamhfhorleathana; is féidir leis an ateangaire ateangaireacht a dhéanamh isteach ina theanga ghníomhach agus freisin as an teanga sin.
Tá teaglaim teangacha ateangaire comhdhéanta d'iomlán na dteangacha fulangacha agus gníomhacha a bhfuil sé cumasach ina leith.