Cad é sciar na Parlaiminte de bhuiséad AE?
Tá an Pharlaimint in ann tacú le hobair a 720 Fheisire agus feidhmiú i 24 theanga éagsúla a bhuí lena buiséad bliantúil. Is ionann sin agus an cúigiú cuid de chaiteachas iomlán institiúidí an Aontais go léir ar riarachán, nó 1.2% de bhuiséad ginearálta an Aontais.
Faigheann na Ballstáit formhór mór an chistithe ón Aontas.
Conas a chinntear an buiséad?
I mí Feabhra gach bliain de ghnáth a chuirtear tús leis an nós imeachta chun buiséad a dhréachtú. Cuireann Ard-Rúnaí PE togra i dtoll a chéile ina sainmhínítear na tosaíochtaí agus na hacmhainní i gcomhair na chéad bhliana eile. Baineann an Biúró, atá comhdhéanta den Uachtarán agus de na 14 Leas-Uachtaráin, úsáid as sin mar bhunús chun glacadh le réamhdhréacht de na meastacháin, agus cuireann sé faoi bhráid an choiste um buiséid é.
Ceaptar comhalta amháin den choiste - ar a dtugtar rapóirtéir an bhuiséid - chun tuarascáil a dhréachtú lena léirítear tosaíochtaí oibre na Parlaiminte agus lena moltar an méid airgid ba cheart a chaitheamh orthu. Ar an gcéad dul síos caitheann an coiste um buiséid vóta ar an tuarascáil agus ansin caitheann gach Feisire vóta air le linn seisiún iomlánach, i mí na Bealtaine go hiondúil. Ansin, déantar na meastacháin sin a ionchorprú i ndréachtbhuiséid AE i gcomhair na chéad bhliana eile, agus déanann na Feisirí é a leasú agus glacann siad leis le linn seisiún iomlánach i mí na Nollag ar a dhéanaí.