Eitic agus trédhearcacht
Áirithíonn an Pharlaimint, a thoghtar go díreach, go mbíonn raon leathan bearta trédhearcachta i bhfeidhm maidir leis na Feisirí, leis an obair pharlaiminteach agus leis an riarachán ionas go mbeidh saoránaigh in ann na díospóireachtaí agus na cinntí a dhéanann sí a leanúint.
Creideann Parlaimint na hEorpa go mbaineann fíorthábhacht le hionracas, trédhearcacht agus cuntasacht ghníomhaíochtaí polaitiúla a Feisirí. Chun é sin a áirithiú, tá líon suntasach rialacha agus beart curtha i bhfeidhm ag an bParlaimint, ar rialacha agus bearta iad atá á neartú tuilleadh in 2023 mar chuid de phróiseas cuimsitheach athbhreithnithe.
Is féidir forléargas ar na rialacha atá i bhfeidhm a fháil anseo: https://www.europarl.europa.eu/meps/ga/about/meps#fourthanchor
Le linn na chéad míonna de 2023 glacadh sraith d’athchóirithe fadréimseacha chun ionracas, neamhspleáchas agus cuntasacht na Parlaiminte a neartú, agus sainordú saor na bhFeisirí á chosaint ag an am céanna.
Tá forléargas ar na bearta sin ar fáil ar an leathanach gréasáin tiomnaithe seo de chuid PE: https://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/eu-affairs/20230713STO02832/parliament-strengthens-integrity-independence-and-accountability
Clár Trédhearcachta Coiteann an Aontais
Tá an Clár Tréadhearcachta oscailte do na hionadaithe sainleasa uile a dhéanann iarracht tionchar a imirt ar phróiseas reachtóireachta agus ar phróiseas chur chun feidhme bheartas institiúidí AE. Taispeánann sé go sofheicthe cad iad na leasanna atá á saothrú, cé atá á saothrú agus cén duine a bhfuil na leasanna á saothrú thar a cheann, agus na hacmhainní a chuirtear ar fáil do na gníomhaíochtaí sin. Ar an gcaoi sin, fágann an clár gur féidir grinnscrúdú poiblí a dhéanamh, a thugann deis do shaoránaigh agus do ghrúpaí leasmhara gníomhaíochtaí gach cineáil brústocaire a rianú.
Ní fhéadfadh ach ionadaithe sainleasa cláraithe labhairt ag éisteachtaí poiblí na gcoistí, tacú le gníomhaíochtaí idirghrúpaí Feisirí agus páirt a ghlacadh iontu, foláirimh ríomhphoist a fháil maidir le gnó na gcoistí, comh-óstáil a dhéanamh ar imeachtaí agus pátrúnacht a lorg ón Uachtarán. Ní mór dóibh an Cód Iompair do chláraithe a urramú.
Tháinig Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le rialacha a thabhairt isteach chun tuilleadh trédhearcachta a thabhairt do ghníomhaíochtaí ionadaithe leasaithe ar leibhéal AE. Is é aidhm an chomhaontaithe idirinstitiúidigh nua atá beartaithe an Chomhairle a chur san áireamh freisin i raon feidhme an chláir brústocaireachta. Tá sé mar aidhm ag an bParlaimint, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún le chéile clárú a dhéanamh éigeantach de facto, mar réamhchoinníoll le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe brústocaireachta.
Tuilleadh eolais faoi na rialacha a comhaontaíodh: Formheasann an Pharlaimint rialacha nua maidir le Clár Trédhearcachta éigeantach coiteann | Nuacht | Parlaimint na hEorpa (europa.eu)
Trédhearcacht maidir le teagmhálacha le hionadaithe sainleasa do na Feisirí
Faoi Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa ceanglaítear ar rapóirtéirí, scath-rapóirtéirí agus cathaoirligh choiste, le haghaidh gach tuarascála, faisnéis a fhoilsiú ar líne faoi na cruinnithe atá sceidealaithe acu le hionadaithe sainleasa a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe idirinstitiúidigh maidir leis an gClár Trédhearcachta. Iarrtar ar gach Feisire eile déanamh amhlaidh ar bhonn deonach. Foilsítear an fhaisnéis ar chruinnithe ar leathanaigh phróifíle na bhFeisirí.
Tá sé de rogha ag Feisirí a bhíonn ag dréachtú tuarascálacha nó tuairimí lorg reachtach a chur i gceangal lena dtuarascálacha. Is féidir léiriú a thabhairt i liosta den sórt sin ar an raon de shaineolas seachtrach agus tuairimí seachtracha atá faighte ag an Rapóirtéir. Ansin foilsítear in éineacht leis an tuarascáil é tar éis a ghlactha i gcoiste.
Cód iompair do na Feisirí/ dearbhú maidir le leasanna airgeadais
Tá Feisirí de Pharlaimint na hEorpa faoi réir Cód Iompair, a chuireann oibleagáid orthu dearbhú mionsonraithe maidir lena leasanna airgeadais a chur isteach, i.e. aon tacaíocht (airgeadas, foireann, ábhar) a dheonaítear i ndáil lena ngníomhaíochtaí polaitiúla. Ní mór do na Feisirí a dhearbhú gur fhreastail siad ar imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe, sa chás ina gcumhdaíonn tríú páirtí aisíoc speansais taistil, cóiríochta nó cothabhála, nó íocaíocht dhíreach na speansas sin.
Thairis sin, luaitear sa Chód Iompair agus i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte nach ceadmhach do na Feisirí dul i mbun brústocaireacht ghairmiúil íoctha a bhaineann go díreach le próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn na Feisirí le fáil ar a leathanaigh próifíle aonair.
Rochtain phoiblí ar dhoiciméid
Tá ceart rochtana ag saoránaigh agus cónaitheoirí an Aontais Eorpaigh ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais (Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh). Is cuid bhunriachtanach den bheartas trédhearcachta atá á chur chun feidhme faoi láthair ag na hinstitiúidí Eorpacha é an ceart rochtana ar dhoiciméid.
Ar shuíomh gréasáin chlár poiblí Pharlaimint na hEorpa, tá tagairtí do dhoiciméid a sholáthair an institiúid nó a fuair sí ón 3 Nollaig 2001. Is féidir teacht ar fhormhór mór na ndoiciméad sin agus iad a íoslódáil go díreach ón suíomh gréasáin, saor in aisce.
Maidir le doiciméid nach féidir teacht orthu go díreach ar an gclár, féadfar iad a iarraidh.
Fiosrúcháin ó shaoránaigh
Is féidir le saoránach teagmháil a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa (Ask EP) chun faisnéis a fháil faoi Pharlaimint na hEorpa, a seasaimh agus a gníomhaíochtaí, a heagraíocht agus a rialacha, a cumhachtaí agus a nósanna imeachta. Ní féidir leis an aonad comhairle dhlíthiúil a sholáthar ná seasaimh pholaitiúla a ghlacadh.