Cad is Idirghrúpaí ann agus conas a bhunaítear iad? 

Is é atá in idirghrúpaígrúpálacha d’Fheisirí a bhfuil spéis acu i dtopaic faoi leith nach i gcónaí a thagann siad faoi raon feidhme ghnáthobair Pharlaimint na hEorpa ach a d’fhéadfadh a bheith ina ndíol spéise don tsochaí i gcoitinne. Déanann idirghrúpaí plé neamhfhoirmiúil a reáchtáil agus malartuithe idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.

Ós rud é nach comhlachtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte iad idirghrúpaí, ní féidir leo tuairimí na Parlaiminte a chur in iúl. Ní fhéadfaidh siad gabháil d’aon ghníomhaíochtaí a bhféadfaí a cheapadh gur gníomhaíochtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte iad nuair nach ea.

Tá coinníollacha leagtha síos ag Praesidium na Parlaiminte maidir le hidirghrúpaí a bhunú agus is ag tús gach téarma pharlaimintigh a bhunaítear iad (chuige sin, ní mó do thrí ghrúpa pholaitiúla ar a laghad iarratas a shíniú agus is gá dearbhú maidir le leasanna airgeadais a chur ar fáil). Féadfaidh grúpaí polaitiúla tacaíocht lóistíochta a sholáthar d’idirghrúpaí má chomhlíonann siad na coinníollacha sin.

Ní mór do chathaoirligh idirghrúpaí aon tacaíocht a fhaigheann siad in airgead tirim nó i gcomhchineál a dhearbhú. Ní mór na dearbhuithe sin a thabhairt cothrom le dáta gach bliain agus ní mór iad a chur ar fáil go poiblí.