Cén fáth a mbogann an Pharlaimint idir an Bhruiséil agus Strasbourg? 

Chinn rialtais náisiúnta an Aontais d’aon toil in 1992 suíomhanna oifigiúla institiúidí an Aontais a leagan síos i gconradh AE.

Nuair a bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) in 1952, cúpla bliain tar éis an Dara Cogadh Domhanda, agus sa chaoi sin, nuair a bunaíodh comhbhainistiú ar chúltaiscí cruach agus guail de chuid sé thír, an Ghearmáin agus an Fhrainc ina measc, bhí a institiúidí lonnaithe i Lucsamburg. Cuireadh Comhairle na hEorpa (ar chomhlacht idir-rialtasach í de 46 thír ag tacú go láidir le cearta an duine agus leis an gcultúr, ar bun díreach tar éis an Dara Cogadh Domhanda). Bhí sí lonnaithe i Strasbourg cheana agus chuir sí a seomra tionóil ar fáil do chruinnithe de ‘Chomhthionól’ CEGC, agus ba as sin a tháinig Parlaimint na hEorpa ní b'fhaide anonn. De réir a chéile, rinneadh príomháit na seisiún iomlánach de Strasbourg, cé go mbíodh seisiúin bhreise ar siúl i Lucsamburg freisin i rith na 1960idí agus na 1970idí.

Tar éis chruthú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa in 1958, thosaigh cuid mhaith den obair a dhéanadh an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na nAirí a bheith lonnaithe go príomha sa Bhruiséil. De bhrí go mbíonn dlúthfhaireachán agus caidreamh leis an dá institiúid sin mar chuid d’obair na Parlaiminte, le himeacht ama, chinn na Feisirí níos mó dá gcuid oibre a eagrú sa Bhruiséil. Go luath sna nóchaidí, bhí an socrú atá ann faoi láthair i bhfeidhm, a bheag nó a mhór, le cruinnithe na gcoistí agus na ngrúpaí polaitiúla sa Bhruiséil agus leis na príomhsheisiúin iomlánacha in Strasbourg. Tá cuid mhór d’fhoireann na Parlaiminte i Lucsamburg.

Bhí iarmhairtí tábhachtacha ag cinneadh 1992 ar na socruithe oibre don Pharlaimint: rinneadh Strasbourg a cheapadh go hoifigiúil mar a suíomh oifigiúil agus mar an t-ionad don chuid is mó de na seisiúin iomlánacha; bhí cruinnithe na gcoistí parlaiminteacha le bheith sa Bhruiséil; agus bhí Rúnaíocht na Parlaiminte (a foireann) lonnaithe go hoifigiúil i Lucsamburg. In 1997, rinneadh an socrú sin ar fad a ionchorprú sa Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Bheadh athrú sa chonradh ag teastáil chun aon athrú a dhéanamh ar an gcóras atá ann faoi láthair, rud lena gceanglaítear aontoilíocht i measc rialtais na mBallstát ar fad agus daingniú ag gach ceann dá bparlaimintí náisiúnta.