Conas a dhéantar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh?  

Ó eagraíodh na chéad toghcháin dhíreacha i 1979, bíonn toghcháin Eorpacha ar siúl gach cúig bliana.

Tá 720 FPEnna ann i ndiaidh toghcháin 2024 agus bíonn dáileadh na suíochán bunaithe ar chonarthaí AE. Toghann gach Ballstát líon socraithe Feisirí de Pharlaimint na hEorpa; ó sheisear ag ballstáit bheaga amhail Málta, Lucsamburg agus an Chipir go 96 ag an nGearmáin, an líon is mó.

Tá leithdháileadh na suíochán leagtha síos i gconarthaí AE. Tá líon níos mó suíochán ag tíortha móra ná mar atá ag tíortha beaga, ach mar gheall ar phrionsabal na “comhréireachta céimlaghdaithí” tá níos mó suíochán ag na tíortha beaga per capita ná atá ag tíortha atá níos mó.

Tá toghcháin Pharlaimint na hEorpa rialaithe d’fhormhór ag dlíthe agus traidisiúin náisiúnta toghcháin, ach tá rialacha comhchoiteanna AE ann freisin, atá leagtha síos in Acht Toghcháin 1976.