Obair na bhFeisirí 

Toghann saoránaigh na hEorpa FPEnna chun ionadaíocht a dhéanamh orthu. Is reachtóirí de chuid an Aontais iad agus tugann siad an Coimisiún agus na Ballstáit chun cuntais. Tá ról lárnach ag FPEnna maidir le mórcheisteanna ár linne amhail, mar shampla, an t-athrú aeráide, an imirce, cearta an duine agus an bealach ina rialáiltear na margaí airgeadais.

Roinntear ualach oibre laethúil na FPEnna idir obair do na toghthóirí, díospóireachtaí i ngrúpaí polaitiúla, caibidlíocht agus vótaí i gcoistí agus le linn seisiúin iomlánacha.

Ag obair i gcoistí

Tá roinnt coistí speisialaithe sa Pharlaimint a chumhdaíonn raon leathan réimsí beartais. Déanann siad grinnscrúdú ar thograí reachtacha trí thuarascálacha a leasú agus a ghlacadh. Ceapann na coistí foireann de FPEanna freisin chun caibidlíocht a dhéanamh leis an gComhairle maidir le reachtaíocht AE. Ina theannta sin, déanann siad tuarascálacha féintionscnaimh a ghlacadh agus éisteachtaí le saineolaithe a eagrú, agus déanann siad imscrúdú ar chomhlachtaí agus ar insititiúidí eile AE.

Is idir 25 agus 90 lánchomhalta agus líon coibhéiseach d’ionadaithe a bhíonn ar choiste.

Toghann gach coiste cathaoirleach agus suas le ceathrar leaschathaoirleach as measc a lánchomhaltaí, arb é atá iontu le chéile an ‘Biúró Coiste’, go ceann téarma dhá bhliain go leith.

Is féidir leis an bParlaimint freisin fochoistí agus coistí speisialta sealadacha a chur ar bun chun déileáil le saincheisteanna sainiúla, agus féadfaidh sí freisin coistí fiosrúcháin a chur ar bun chun sáruithe líomhnaithe nó drochriarachán i dtaca le dlí AE a imscrúdú. Is gnách gur sa Bhruiséil a thagann na coistí parlaiminteacha le chéile. Bíonn a ndíospóireachtaí oscailte don phobal agus, i bprionsabal, bíonn siad ar fáil ar líne i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.