Amlíne: cearta na mban san Aontas Eorpach
Tá an-dul chun cinn déanta san Eoraip maidir le cearta na mban ach tá an baol ann go gcuirfear ar gcúl é mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Amharc ar an bhfíseán chun léargas a fháil.
Déanann géarchéim Covid-19 agus a hiarmhairtí difear do mhná agus d’fhir ar bhealaí éagsúla. Tá seans ann go mbainfidh iarmhairtí fadtéarmacha leis an víreas ó thaobh chomhionannas inscne de agus go gcuirfear ar gcúl na blianta fada de chéimeanna chun cinn a baineadh amach.
Is léir go bhfuil ionadaíocht díréireach ard ag mná i measc oibrithe túslíne in earnálacha riachtanacha le linn na paindéime, agus is mná iad tromlach na n-oibrithe a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil.
Ní mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá
Is bunluach de chuid an Aontais Eorpaigh é an comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn. D’fhéadfadh go bhfuil an Eoraip ar thús cadhnaíochta sa mhéid a bhaineann le cearta na mban, ach tuilleann mná níos lú airgid ná fir i gcónaí, agus ar fud an Aontais tá mná faoi ghannionadaíocht sa pholaitíocht agus i bpoist ceannasaíochta gnó.
Ó cuireadh an tAontas Eorpach ar bun, is iomaí beartas atá curtha i bhfeidhm aige chun comhionannas inscne a chur chun cinn, ach i rún i bhFeabhra 2021 chuir feisirí i bhfáth go bhfuil neart oibre fós le déanamh - go mór mór i bhfianaise thionchar na paindéime. De réir fhigiúirí na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, de réir an fhoráis reatha ní bhainfear comhionannas iomlán amach san Eoraip go dtí 2080 ar a laghad.
Déanaimis aois na mban den 21ú haois
Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan ar siúl an 8 Márta, faigh amach faoi chuid de na bearta is déanaí atá déanta ag an bParlaimint chun comhionannas inscne a chur chun cinn:
- bearta chun tionchar athrú aeráide ar mhná a mhaolú (2017)
- bearta chun ciapadh gnéis a chosc san ionad oibre, sa saol poiblí agus polaitiúil, agus sa saol ar líne agus as líne (2018)
- rialacha nua chun cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn (2019)
- rún le héilimh maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh (2020)
- rún le moltaí maidir le conas deireadh a chur le ciorrú ball giniúna ban (2020)
- aghaidh a thabhairt ar ghannionadaíocht na mban sa gheilleagar digiteach (2021)
- éileamh ar bhallstáit an Aontais an próiseas i dtaca le Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú a chríochnú (2021).
Is é 8 Márta Lá Idirnáisiúnta na mBan! Le blianta fada anuas, tá Parlaimint na hEorpa ag troid ar son chearta na mban. Idir phá comhionann agus chosaint ar fhoréigin teaghlaigh, tá feisirí ag obair chun mná a choinneáil i gcroílár cheapadh beartais na hEorpa. Amharc ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim.