An dífhostaíocht a laghdú: beartais an Aontais Eorpaigh
Tá paindéim an choróinvíris tar éis bheith ina cúis le méadú ar an ráta dífhostaíochta san Eoraip. Faigh amach cén chaoi a n-oibríonn an tAontas chun an dífhostaíocht a laghdú.
Cé go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar dhálaí an mhargaidh saothair agus ar chearta oibrithe le blianta beaga anuas, tá an comhrac i gcoinne na dífhostaíochta ar cheann de na príomhdhúshláin atá ag an Aontas agus é ar a bhealach i dtreo poist ar ardchaighdeáin agus i dtreo na hEorpa atá cuimsitheach ar bhonn sóisialta.
Tá iarrachtaí déanta i roinnt réimsí, lena n-áirítear cuidiú le daoine óga dul isteach sa mhargadh saothair, an dífhostaíocht fhadtéarmach a chomhrac, scileanna a uasghrádú, agus soghluaisteacht oibrithe san Aontas a éascú. Tá bearta curtha ar bun ag an Aontas freisin chun fostaíocht a chosaint le linn na paindéime.
Ráta dífhostaíochta AE
I mBealtaine 2019, thit an ráta dífhostaíochta san Aontas Eorpach go 6.3%, an leibhéal is ísle riamh ó Eanáir 2000, nuair a cuireadh tús le foilseachán míosúil ar staitisticí dífhostaíochta san Aontas Eorpach. In Éirinn, ba é 4.4% an ráta dífhostaíochta i mí na Bealtaine 2019. Tá méadú tagtha ar an ráta dífhostaíochta mar gheall ar iarmhairtí na paindéime áfach: i Meitheamh 2021, ba é an ráta dífhostaíochta san Aontas Eorpach ná 7.1% agus 7.6% in Éirinn.
Inniúlachtaí AE i gcomparáid le hinniúlachtaí na mballstát
Tá an phríomhfhreagracht fós ar thíortha AE ó thaobh beartais fostaíochta agus shóisialta de. Mar sin féin, déanann an tAontas gníomhaíochtaí na mballstát a chomhlánú agus a chomhordú agus déanann sé comhroinnt na ndea-chleachtas a chur chun cinn.
De réir Airteagal a Naoi den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Aontas a mhachnamh a dhéanamh ar chuspóir an ardleibhéil fostaíochta agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí go léir á sainmhíniú agus á gcur chun feidhme aige.
Straitéis fostaíochta na hEorpa
Sa bhliain 1997, bhunaigh tíortha an Aontais sraith cuspóirí agus spriocanna comhchoiteanna le haghaidh beartas fostaíochta chun an dífhostaíocht a chomhrac agus chun níos mó post agus poist níos fearr a chruthú san Aontas. Tugtar Straitéis fostaíochta na hEorpa ar an mbeartas sin freisin.
Déanann an Coimisiún Eorpach faireachán ar an straitéis agus cuireann sé í chun feidhme tríd an Seimeastar Eorpach, timthriall bliantúil de chomhordú na mbeartas eacnamaíoch agus fostaíochta ar leibhéal an Aontais.
Déantar an staid shóisialta agus fostaíochta san Eoraip a mheasúnú i gcomhthéacs Sheimeastar AE agus tá sé bunaithe ar na Treoirlínte Fostaíochta, na tosaíochtaí agus spriocanna coiteanna do na beartais fostaíochta náisiúnta. Chun cabhrú le tíortha AE dul ar aghaidh, eisíonn an Coimisiún moltaí tírshonracha bunaithe ar a ndul chun cinn i dtreo gach sprice.
An chaoi a maoinítear é
Is é Ciste Sóisialta na hEorpa príomhionstraim na hEorpa chun deiseanna fostaíochta níos cothroime a chinntiú do gach duine a bhfuil cónaí orthu san Aontas: oibrithe, daoine óga agus gach duine a bhfuil post á lorg acu.
D'éiligh Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí an maoiniú a mhéadú sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile don tréimhse 2021-2027. Leis an leagan nua den chiste, ar a dtugtar Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, cuirfidh maoiniú €88 mbilliún borradh faoin gcáilíocht oibre, déanfar é níos éasca do dhaoine obair a aimsiú i dtír eile san Aontas, déanfar an t-oideachas a fheabhsú, mar aon leis an gcuimsiú sóisialta agus an tsláinte a chur chun cinn.
Tá sé mar aidhm leis an gClár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta beartais fostaíochta agus shóisialta a nuachóiriú, rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú d’fhiontair shóisialta nó do dhaoine leochaileacha ar mian leo micrea-chuideachta a chur ar bun nó soghluaisteacht an lucht saothair a chur chun cinn trí líonra EURES. Le Líonra Post na hEorpa, éascaítear an tsoghluaisteacht trí fhaisnéis a chur ar fáil d’fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist. Tá bunachar sonraí le folúntais poist agus iarratais ar fud na hEorpa mar chuid den Líonra freisin.
Leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, tacaítear le hoibrithe post nua a fháil nó a ngnólachtaí féin a chur ar bun, ar oibrithe iad a bhfuil a bpost á gcailleadh acu mar gheall ar an domhandú, ós rud é go bhféadfaí cuideachtaí a dhúnadh nó a dtáirgeacht a bhogadh go tíortha nach ballstáit den Aontas iad, nó mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais.
Leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, tacaítear le tionscnaimh na mballstát chun bia, cúnamh ábhartha bunúsach agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcuimsiú sóisialta a chur ar fáil do na daoine is díothaí.
Leis an leagan nuachóirithe de CSE+, déanfar líon na gcistí agus na gclár atá cheana ann a chumasc, rud a dhéanfadh a n-acmhainní a chomhthiomsú agus tacaíocht níos comhtháite agus níos spriocdhírithe a chur ar fáil do dhaoine.
Dífhostaíocht i measc na hóige a chomhrac
Tá an Ráthaíocht don Aos Óg i measc bheartais AE chun dífhostaíocht i measc na hóige a chomhrac, is gealltanas é ó na ballstáit chun a áirithiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 25 bliana d’aois tairscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna laistigh de cheithre mhí tar éis dó nó di a bheith dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil. Le hinfheistíocht AE, tugtar tacaíocht do chur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg, tríd an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg.
Leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach cuirtear ar chumas daoine óga obair dheonach a dhéanamh nó oibriú i dtionscadail a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht ar fud na hEorpa. Leis an ardán ‘Do chéad phost EURES’, cabhraítear le daoine óga idir 18 agus 35 bliana d’aois, agus a bhfuil suim acu taithí ghairmiúil a fháil thar lear, socrúchán oibre, tréimhse oiliúna nó printíseacht a fháil.
Scileanna cearta, post ceart
Trí ghnóthú scileanna a chur chun cinn agus a fheabhsú, cáilíochtaí a dhéanamh níos inchomparáide agus faisnéis faoin éilimh ar scileanna agus poist a chur ar fáil, tacaíonn an tAontas Eorpach le daoine poist ar ardchaighdeán a aimsiú agus roghanna gairme níos fearr a dhéanamh.
Is éard atá sa Chlár Oibre Nua Scileanna don Eoraip, a seoladh in 2016, ná 10 mbeart chun an oiliúint agus an tacaíocht cheart a chur ar fáil do dhaoine agus chun roinnt uirlisí atá cheana ann a athbhreithniú (amhail Europass, an fhormáid Eorpach do CVanna).
Dúshlán na dífhostaíochta fadtéarmaí
Is í an dífhostaíocht fhadtéarmach, nuair a bhíonn daoine dífhostaithe le breis is bliain, ceann de na cúiseanna leis an mbochtaineacht mharthanach. Tá an dífhostaíocht fhadtéarmach fós an-ard i roinnt tíortha de chuid AE agus is ionann í agus beagnach 50% den dífhostaíocht iomlán.
Chun daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a imeascadh níos fearr i margadh an tsaothair, ghlac tíortha AE moltaí lena ndéantar an méid seo a leanas: clárú daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach le seirbhís fostaíochta a spreagadh, measúnú cuimsitheach aonair a dhéanamh chun a riachtanais a aithint, mar aon le plean saincheaptha chun iad a thabhairt ar ais ag obair (comhaontú maidir le himeascadh i bpost). Bheadh sé ar fáil d’aon duine dífhostaithe le 18 mí nó níos mó.
Bíonn an neamhláithreacht fhadtéarmach ón obair ina cúis le dífhostaíocht agus le hoibrithe ag fágáil mhargadh an tsaothair go buan. In 2018, chun oibrithe a fhulaingíonn mar gheall ar ghortuithe nó fadhbanna ainsealacha sláinte a choimeád agus a athimeascadh san áit oibre, cheap Parlaimint na hEorpa sraith de bhearta ionas gur féidir leis na ballstáit obair a dhéanamh orthu, amhail áiteanna oibre a dhéanamh níos solúbtha trí chláir um fhorbairt scileanna, dálaí oibre solúbtha a áirithiú agus tacaíocht a chur ar fáil d’oibrithe (lena n-áirítear oiliúint, rochtain ar shíceolaí nó ar theiripeoir).
Soghluaisteacht oibrithe a chur chun cinn
Trí é a dhéanamh níos éasca do dhaoine dul ag obair i dtír eile, is féidir cabhrú le dul i ngleic leis an dífhostaíocht. Tá sraith de rialacha coiteanna curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun na cearta sóisialta a bhaineann le sochair dhífhostaíochta, bhreoiteachta, mháithreachais/atharthachta, theaghlaigh srl. a chosaint nuair a bhíonn daoine ag bogadh laistigh den Eoraip. Leis na rialacha maidir le hoibrithe a phostú, bunaítear an prionsabal ‘an pá céanna as an obair chéanna san áit oibre chéanna’.