Institiúidí daonlathacha agus ionracas PE a chosaint ar chur isteach urchóideach 

Preasráiteas 
 
 

Roinn an leathanach seo: 

  • Níos mó trédhearcachta, ionracais agus cuntasachta á n-iarraidh  
  • Ba cheart go bhfágfadh na hathchóirithe go bhféadfaí idirphlé daonlathach a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta 
  • Imní faoi ghníomhaíochtaí brústocaireachta Chatar, Mharacó, na Síne, na Rúise agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha sa Bhruiséil 

I dtuarascáil a glacadh Déardaoin, iarrann an Pharlaimint córais faireacháin agus faireachais éifeachtacha chun trasnaíocht eachtrach ina cuid oibre a bhrath.

Is ‘feiniméan forleathan nach mór cur ina choinne chomh bríomhar agus is féidir iad iarrachtaí chun cur isteach ar an daonlathas. Is é sin an rabhadh a thug na Feisirí Eorpacha ina gcuid moltaí maidir le hathchóiriú rialacha Pharlaimint na hEorpa ar thrédhearcacht, ionracas, cuntasacht agus frith-éilliú. D’athdhearbhaigh siad an ‘suaitheadh a baineadh astu agus rinne siad géarcháineadh arís ar na líomhaintí maidir le héilliú, sciúradh airgid agus rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil’ i gcoinne triúr Feisirí, iar-Fheisire amháin agus cúntóir parlaiminteach amháin, agus dá bhrí sin, éilíonn siad bearta a neartódh institiúidí an Aontais i gcoinne iarrachtaí ar thrasnaíocht ón gcoigríoch. Díríonn siad ar ‘an iliomad lúba ar lár i rialacha ionracais agus trédhearcachta na Parlaiminte’ agus iarrann siad go gcuirfí moladh 14 phointe an Uachtaráin Metsola chun athchóiriú a dhéanamh ar rialacha na Parlaiminte i ngníomh go nithiúil a luaithe is féidir.

Sceithirí a chosaint ar bhealach níos láidre agus rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a shoiléiriú

I dtuarascáil a glacadh Déardaoin le 441 vóta i bhfabhar, 70 vóta i gcoinne agus 71 staonadh, éilíonn na Feisirí Eorpacha go ndéanfaí athbhreithniú tapa ar chód iompair na bhFeisirí, lena n-áirítear smachtbhannaí éifeachtacha. Ba cheart go gcosnódh an Cód sceithirí ar bhealach níos éifeachtaí agus go neartófaí na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, dearbhuithe sócmhainní agus nochtadh fo-ioncaim chomh maith le cosc a chur ar an taobh-obair d'eintitis atá clúdaithe ag an gClár Trédhearcachta.

Cé go bhfuil an t-idirphlé idir ionadaithe grúpaí sainleasa agus cinnteoirí fós ina ‘chuid ríthábhachtach de dhaonlathas na hEorpa’, ní féidir glacadh le modhanna míchuí chun tionchar a imirt, breabaireacht ná cionta coiriúla eile, a dúirt siad.

Ba cheart go mbeadh iarmhairtí ann don trasnaíocht eachtrach

Tugann na Feisirí dá n-aire go bhfuil infheistíocht mhór déanta ag tíortha amhail ‘Catar, Maracó, an tSín, an Rúis, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (UAE), an tSeirbia agus an Tuirc in iarrachtaí brústocaireachta sa Bhruiséil’. Cuireann siad i bhfios go láidir nach féidir trasnaíocht eachtrach a ‘fhágáil gan iarmhairtí’ agus iarrann siad go gcuirfí ar fionraí gach togra reachtach agus neamhreachtach maidir le comhar le húdaráis stáit atá ag iarraidh trasnaíocht a dhéanamh, lena n-áirítear tograí faoi chistiú ón Aontas Eorpach. Ba cheart cistí d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do na meáin neamhspleácha, chomh maith le cúnamh daonnúil a chaomhnú.

Ba cheart raon feidhme agus faireachán an Chláir Trédhearcachtaa leathnú agus ba cheart do na Feisirí uile cruinnithe sceidealaithe le hionadaithe sainleasa a fhógairt, lena n-áirítear ionadaithe taidhleoireachta ó thíortha nach bhfuil san Aontas.

Gníomhaíochtaí iar-Fheisirí a rialú

Ba cheart do chomhlacht eitice nua an Aontais a chinntiú go gcomhlíonann iar-Fheisirí an tréimhse mharana sé mhí agus gur cheart a rochtain ar an bParlaimint a chúlghairm má dhéanann siad brústocaireacht ar an bParlaimint thar ceann tíortha ardriosca. Is oth leis na Feisirí freisin gur ghlac an Coimisiún chomh fada lena thogra a thíolacadh agus nach bhfuil uaillmhian aige go mbunófaí comhlacht neamhspleách eitice de chuid an AE.

Athluanna

Tar éis na vótála, dúirt Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola: “Leis na tograí athchóirithe a glacadh inniu, tairgfear réitigh fhadtéarmacha chun cabhrú lenár gcumas a neartú chun cosc a chur ar ghníomhaithe seachtracha cur isteach ar ár gcuid oibre. Beidh siad mar líne chosanta againn i gcoinne tríú tíortha uathlathacha atá ag iarraidh cinnteoireacht Eorpach a cheannsú agus cabhróidh siad linn ár sochaithe oscailte agus saora a chosaint. Comhlánóidh siad na bearta láithreacha go léir a cuireadh i bhfeidhm cheana féin chun sláine a mhéadú."

Dúirt an comhrapóirtéir Vladimír Bilčík (PPE, an tSlóvaic): ‘Ní mór don Pharlaimint fanacht ina hinstitiúid oscailte, agus í féin a chosaint ar éilliú agus ar thrasnaíocht eachtrach urchóideach. Chun é sin a bhaint amach, molaimid gur cheart go dtabharfaí imréiteach slándála do na baill foirne a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna íogaire, gur cheart gach cruinniú le tríú páirtithe a nochtadh go poiblí agus nár cheart caidreamh polaitiúil le tríú tíortha a dhéanamh ach amháin trí chainéil pharlaiminteacha sheanbhunaithe.’

Dúirt an comhrapóirtéir Nathalie Loiseau (Renew, an Fhrainc): ‘Leis an suaitheadh a tharla mar gheall ar Qatargate, agus tráth a bhfuil an Rúis, an tSín agus tíortha eile ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an bParlaimint chun tionchar a imirt orainn, tá tograí láidre glactha ag an gcoiste speisialta um thrasnaíocht eachtrach chun trédhearcacht níos fearr a fhorchur ar an bParlaimint agus chun cosaint níos fearr a chinntiú dár gcuid oibre ar naimhde an daonlathais Eorpaigh.’

Cúlra

Cuireadh de chúram ar Choiste Speisialta PE um thrasnaíocht eachtrach, trédhearcacht agus cuntasacht an tuarascáil seo a scríobh, tar éis rún iomlánach an 15 Nollaig 2022. Comhlánaíonn sé an tacar beart a ghlac agus atá á n-ullmhú i gcomhlachtaí eile de chuid Pharlaimint na hEorpa.