Freasúra Daonlathach i Veiniséala - 2017, Veiniséala
Bronnadh Duais Sakharov ar an bhfreasúra daonlathach i Veiniséala, is é sin, ar an Tionól Náisiúnta (a ndearna Julio Borges ionadaíocht thar a cheann), agus na príosúnaigh pholaitiúla go léir arna liostú ag Foro Penal Venezolano (Fóram Pionósach Veiniséala), agus a ndearna Leopoldo López, Antonio Ledezma, Daniel Ceballos, Yon Goicoechea, Lorent Saleh, Alfredo Ramos agus Andrea González ionadaíocht thar a gceann.
Le blianta beaga anuas, tá Veiniséala i ngreim ag géarchéim pholaitiúil. De réir a chéile, tá teorainn curtha ag páirtí an rialtais leis an smacht reachta agus leis an ord bunreachtúil, agus i mí an Mhárta 2017 bhain an Chúirt Uachtarach a chumhacht reachtach den Tionól Náisiúnta a toghadh go daonlathach. Rinne Julio Burges, Uachtarán an Tionóil Náisiúnta, achoimre ar an staid i Veiniséala mar a leanas: 'Ní coimhlint pholaitiúil amháin an choimhlint atá i Veiniséala. Coimhlint ríthábhachtach, eiseach is ea í atá bunaithe ar luachanna.'
Agus hipearbhoilsciú, anord, agus ag corraíl ag tarlú ar feadh deich mbliana ar a laghad, rinne Rialtas Veiniséala géarleanúint agus ciapadh ar an lucht freasúra polaitiúil agus chuir sé na céadta acu faoi choinneáil. Déanann Foro Penal Venezolano céannacht agus stádas príosúnaigh pholaitiúla a thuairisciú. Is eagraíocht um chearta an duine mór le rá in Veiniséala é a thugann cúnamh dlí pro bono do dhaoine atá ar bheagán acmhainní airgeadais agus a meastar gur coinníodh go treallach iad, gur céasadh iad nó gur ionsaíodh iad le linn agóidí.
Tá ceannairí ón bhfreasúra amhail Leopoldo López, Antonio Ledezma, Daniel Ceballos, Yon Goicoechea, Lorent Saleh, Alfredo Ramos agus Andrea González gafa agus curtha faoi choinneáil ag Rialtas Veiniséala. Cé gur ligeadh saor go sealadach cuid acu i 2018, tá a lán acu fós faoi choinneáil tí nó i bpríosún, uaireanta i ndálaí gránna agus cruálacha.
Scaoileadh saor ceannaire fhreasúra Veiniséala, Leopoldo López, le linn iarracht ar coup d'état i mí na Bealtaine 2019 ach níor ceadaíodh dó filleadh ar an bpolaitíocht. Chaith López os cionn trí bliana i bpríosún agus dhá bhliain faoi bhraighdeanas baile. Ó mhí Aibreáin 2019 ann, tá sé ina dhídeanaí in Ambasáid na Spáinne in Caracas. Bhí Antonio Ledezma, polaiteoir mór le rá eile ón bhfreasúra, a bhí ina mhéara ar Caracas tráth, faoi bhraighdeanas baile ó 2015, ach d'éirigh leis teitheadh ón tír i mí na Samhna 2017, agus cuireadh i bpríosún ar feadh tréimhsí fada freisin Alfredo Ramos, iarmhéara ar Iribarren, agus Daniel Ceballos, iarmhéara ar San Cristóbal. Tá an bheirt acu scaoilte saor ó shin.
Tar éis na dtoghchán Uachtaránachta a reáchtáladh i mí na Bealtaine 2018, nár ghlac an freasúra páirt iontu agus nár thug formhór na ngníomhaithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas Eorpach, aitheantas do na torthaí a bhí orthu, rinne Rialtas Veiniséala iarracht ar mheas a tharraingt air féin trí roinnt príosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor. I mí Dheireadh Fómhair 2018, scaoileadh saor Lorent Saleh, duine de bhuaiteoirí Dhuais Sakharov, ar ceannaire de chuid na mac léinn agus gníomhaí ar son an daonlathais é, agus díbríodh chun na Spáinne é tar éis dó os cionn ceithre bliana a chaitheamh i bpríosún La Tumba agus i bpríosún Heliocide in Caracas faoi bhráca na hainnise.
I mí Eanáir 2020, chruinnigh mílístí a bhí ar thaobh an rialtais timpeall ar shaoráidí an Tionóil Náisiúnta agus rinneadar ciapadh ar Fheisirí a bhí ag déanamh iarracht ar dhul isteach san fhoirgneamh, agus bhuaileadar iad agus scaoileadar urchair lena gcaranna. Tá teannas ann i gcónaí, ós rud e gur dóigh leis an gcomhphobal idirnáisiúnta gurb é an Tionól Náisiúnta parlaimint dhlisteanach Veiniséala, agus gur ag feidhmiú i gcomhthráth leis an Tionól Bunreachta, a thacaíonn le réimeas Nicolas Maduro, atá sé.
An 6 Nollaig 2020, toghadh Tionól nua i dtoghchán a mheas an comhphobal náisiúnta gan a bheith saor ná cóir, agus is amhlaidh a bhí an Tionól úd á rialú ag an réimeas. Tá an Freasúra Daonlathach i Veiniséala fós ag troid ar son saorthoghcháin chóra a bheith ann. Chuir an Chúirt Uachtarach, atá faoi rialú an réimis, bac dlíthiúil ar phríomhiarrthóir an fhreasúra, Maria Corina Machado, seasamh i dtoghchán Uachtaránachta 2024, agus ba ghníomh é sin a cháin Parlaimint na hEorpa go géar i rún a formheasadh an 8 Feabhra 2024.