Denis Mukwege - 2014, Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Rugadh in Bukavu in 1955 é, rinne sé staidéar ar an leigheas agus bhunaigh sé an tseirbhís gínéiceolaíochta in ospidéal Lemera in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, a scriosadh nuair a bhris cogadh amach in 1996. Theith Mukwege ar ais go Bukavu, áit ar bhunaigh sé ospidéal i bpubaill agus inar thóg sé barda máithreachais agus obrádlann, ach scriosadh iad sin go léir i nDara Cogadh an Chongó in 1998. Níor choisc sin Mukwege ar a ospidéal a atógáil in Panzi, inar chaith sé uaireanta fada ag obair agus ag cur oiliúint ar an bhfoireann chun cóir leighis a chur ar mhná ar ar imir na comhraiceoirí ansmacht a 'dhearbhaigh gurbh iad na mná a namhaid coiteann'. Tá cóir leighis curtha ar na mílte ban aige ó athosclaíodh an t-ospidéal in 1999 agus ghlac sé leis an gcéad íospartach éignithe a raibh créachtaí piléar ina baill ghiniúna agus ina leasracha aici. Laistigh de roinnt seachtainí, chuaigh na scórtha ban go dtí an t-ospidéal agus scéalta éignithe agus céasta á n-insint acu.
Tá clú idirnáisiúnta ar Mukwege mar shaineolaí maidir le biseach a chur ar dhaoine a ndearnadh damáiste paiteolaíoch agus síceasóisialta dóibh mar thoradh ar fhoréigean gnéasach. Tugann an t-ospidéal a riarann sé in Panzi cúram síceolaíoch agus fisiciúil agus cabhraítear le mná freisin scileanna nua a fhorbairt chun a mbeatha a shaothrú, ó rud é gur tugadh droim láimhe do go leor díobh ina bpobail féin. Tugtar tacaíocht freisin do chailíní chun filleadh ar an scoil agus tá cúnamh dlíthiúil ar fáil dóibh siúd a lorgaíonn sásamh dlí.
Tá Mukwege i mbun feachtais ar son na mban íospartha gan stad ná cónaí ó d'aithin sé bean óg ar a bhord obrádlainne ar chabhraigh sé lena tabhairt ar an saol in ospidéal Panzi. Mheas Mukwege gur pointe cinniúnach a bhí anseo a mhúscail chun gnímh é toisc gur mhó a bhí i gceist leis ná cúrsaí leighis amháin agus thosaigh sé ag labhairt amach sa bhaile agus thar lear chun deireadh a chur leis an bhforéigean arb iad acmhainní nádúrtha an Chongó is siocair leis. Tharla sé go raibh sé féin ina íospartach in 2012 nuair a d'ionraigh fir armtha a theach agus aghaidh an ghunna á díriú ar a iníonacha acu. Maraíodh a gharda cosanta agus a chara, ach d'éalaigh sé agus theith lena mhuintir go dtí an tSualainn agus ina dhiaidh sin go dtí an Bheilg. D'fhill sé ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó in 2013 nuair a tháinig grúpa ban, a mhaireann ar níos lú ná dollar sa ló, le chéile chun a thicéad abhaile a cheannach dó.
Tá cónaí anois ar Mukwege ag an ospidéal in Panzi d'ainneoin bagairtí leanúnacha ar a shaol. Bhunaigh sé freisin Fondúireacht Dr. Denis Mukwege, a thugann tacaíocht do líonra domhanda de dhaoine a d'fhulaing foréigean gnéasúil. Bhí dlúthpháirt aige i bpróiseas reachtach na Parlaiminte, próiseas ar as a d'eascair rialachán 2017 ó AE maidir le mianraí coinbhleachta, a bhfuil mar aidhm aige cosc a chur le mianraí agus miotal coinbhleachta áirithe a bheith á n-onnmhairiú go dtí an Eoraip.
Ó 2008, bronnadh líon mór duaiseanna ar Mukwege mar aitheantas ar a shaothar, lena n-áirítear Duais Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe (2008), Duais Síochána Shúl (2016).agus Duais Síochána Nobel (2008). Bronnadh céimeanna oinigh ó Ollscoileanna Dhún Éideann agus Harvard air freisin. Tugtar léargas ar a shaol agus a chuid oibre sa scannán faisnéise ó 2015 'The man who mends women - the wrath of Hippocrates'. Fotheidealaíodh an scannán i dteangacha oifigiúla Bhallstáit uile AE le tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa. I mí an Mhárta 2020, ceapadh an Dr. Mukwege chun obair Choiste Réigiúnach Sláinte Kivu Theas a chomhordú mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19.