2001 - 2010
Bunaíodh an eagraíocht ‘Memorial’ chun nach ligfí an chos ar bolg oll a imríodh ar dhaoine faoi riail Stalin i ndíchuimhne. Molann sé go dtabharfaí urraim do chearta an duine agus cosnaíonn sé daoine sa Rúis agus i stáit an Iar-Aontais Shóivéadaigh a d’fhulaing treascairtí ar chearta an duine.
Is doctúir le síceolaíocht, iriseoir agus easaontach polaitiúil é Guillermo Fariñas, a chuaigh ar stailceanna ocrais iomadúla chun athruithe polaitiúla síochánta agus saoirse cainte a chothú i gCúba.
Agus a bheatha á cur i mbaol aige trína chuid gníomhaíochais, tharraing Hu Jia aird an tsaoil ar shléacht Chearnóg Tiananmen, ar shaincheisteanna SEIF agus ar sháruithe ar chearta an duine sa tSín.
Cosnaíonn an dlíodóir Súdánach Salih Mahmoud Mohamed Osman iad siúd ar ghabh na húdaráis iad gan chúis, ar chéas na húdaráis iad nó ar chuir na húdaráis drochbhail orthu, in ainneoin go raibh sé féin ar dhuine a gabhadh ar an gcaoi sin.
Agus é ina cheannaire ar an nGluaiseacht ar son na Saoirse, is é sin gluaiseacht dhaonlathach an fhreasúra sa Bhealarúis, cháin sé cionta réimeas na tíre in aghaidh an daonlathais agus in aghaidh chearta an duine.
In ainneoin cos ar bholg leanúnach, déanann na Mná Bánghléasta (Damas de Blanco), ar a ngairtear Damas freisin, mórshiúlta agóide seachtainiúla, chun daonlathas agus saoradh na n-easaontach polaitíochta i gCúba a éileamh.
Is dlíodóir um chearta an duine í Hauwa Ibrahim a chosnaíonn mná agus leanaí a ngearrann cúirteanna Sharia pianbhreith orthu sa Nigéir. Molann sí go mbeadh an t-oideachas do chailíní ina bhunús le sochaí shíochánta.
Is eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta é Tuairisceoirí gan Teorainneacha (TGT) a bhíonn ag troid ar son saoráil faisnéise agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh, agus tacaíocht á tabhairt aici freisin d’iriseoirí ar fud an domhain a bhfuil géarleanúint á déanamh orthu.
Bunaíodh Comhlachas Iriseoirí na Bealarúise (CIB) in 1995 chun cosaint a thabhairt do gach iriseoir a oibríonn faoi bhagairt an chiaptha, an imeaglaithe agus na géarleanúna.
Agus é ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe, stiúir Kofi Annan an eagraíocht chun naisc níos láidre a chothú leis an tsochaí shibhialta ar mhaithe leis an tsíocháin, an ceartas agus cearta an duine.
Mar bhunaitheoir Thionscadal Varela, throid Oswaldo Payá ar son cearta sibhialta, toghcháin iolraíocha shaora, shaoradh na bpríosúnach polaitíochta, agus athchóiriú eacnamaíoch agus sóisialta i gCúba.
Ceannaire sibhialta agus reiligiúnach is ea Dom Zacarias Kamwenho a thug spreagadh do mhuintir Angóla seasamh a ghlacadh ar son a gceart agus a raibh ról lárnach aige sa phróiseas síochána lenar cuireadh deireadh le cogadh cathartha na tíre.
In ainneoin é a bheith curtha i bpríosún, cinsireachta a bheith déanta air agus bhás a mhic, sheas Izzat Ghazzawi go cróga ar son idirphlé síochánta agus comhpháirtíocht idir na hIosraelaigh agus na Palaistínigh a chur chun cinn.
Léachtóir ollscoile agus údar, tá Nurit Peled-Elhanan tiomanta do thuairimí shochaí Iosrael i leith na Palaistíne a athrú. Déantar an chaoinfhulaingt, an éagsúlacht agus an ceart chun oideachais a chur chun cinn ina cuid scríbhneoireachta.
Teagmhálacha
Rue Wiertz 60
B-1047 - Brussels
An Bheilg / Belgium