2021 - 2030

María Corina Machado, ceannaire na bhfórsaí daonlathacha i Veiniséala agus an tUachtarán toghaí Edmundo González Urrutia - Buaiteoirí Dhuais Sakharov 2024

Maria-Corina-Machado-2024 Sakharov Prize
María Corina Machado and Edmundo González Urrutia, from Venezuela, win the 2024 Sakharov Prize © Miguel Gutierrez / EFE
Tá Duais Sakharov ainmnithe as an easaontóir Sóivéadach Andrei Sakharov agus bronntar gach bliain í ar dhaoine aonair nó ar ghrúpaí a léirigh misneach iontach maidir le cearta an duine agus saoirse smaointeoireachta a chosaint. Agus Machado agus González Urrutia á roghnú aici, mar bhuaiteoirí na duaise, tá Parlaimint na hEorpa ag aithint ní hamháin a gcuid oibre, ach na ndúshlán tromchúiseach freisin atá roimh institiúidí daonlathacha Veiniséala.

Tá Duais mór le rá Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, 2024, de chuid Pharlaimint na hEorpa bronnta aici ar María Corina Machado, ceannaire na bhfórsaí daonlathacha i Veiniséala, agus ar an Uachtarán toghaí Edmundo González Urrutia, a ghníomhaíonn ar son gach Veiniséalaigh laistigh den tír agus lasmuigh di agus atá ag troid ar son athbhunú na saoirse agus an daonlathais. Ar an dóigh sin, aithníonn sí a dtiomantais bhuanseasmhaigh don tsaoirse, do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha, agus tacaíonn sí lena streachailt ar son todhchaí dhaonlathach i Veiniséala.

Tá María Corina Machado, iarpharlaiminteoir de chuid an fhreasúra agus ceannaire na bhfórsaí daonlathacha, ina pearsa lárnach anois sa ghluaiseacht ar son an daonlathais i Veiniséala. Tá cáil uirthi mar gheall ar an gcáineadh neamhbhalbh a dhéanann sí ar réimeas Maduro, agus tá tacaíocht tugtha aici d'athchóiriú daonlathach, don trédhearcacht agus don chuntasacht i rialachas Veiniséala. Mar thoradh ar a seasamh i gcoinne an éillithe agus mhí-úsáid na cumhachta, d'éirigh idir í féin agus na húdaráis roinnt uaireanta.

Edmundo González Urrutia, arb é an tUachtarán toghaí é chomh maith le bheith ina thaidhleoir, bhí sé tiomanta freisin do chúis dhaonlathas agus shaoirse Veiniséala, ag gníomhú ar son na Veiniséalach laistigh den tír agus lasmuigh di. Mar cheannaire ar an tsochaí shibhialta a bhfuil meas an phobail air, d'oibrigh González Urrutia chun sochaí Veiniséalach a aontú agus chun dlúthpháirtíocht a chothú i measc na saoránach, go háirithe i bhfianaise an bhrú faoi chois ón rialtais. D'oibrigh sé chun tacaíocht agus comhghuaillíochtaí idirnáisiúnta a fhorbairt a d'fhéadfadh an bealach a réiteach d'aistriú daonlathach i Veiniséala. Bhí ról lárnach ag ceannaireacht González Urrutia, go háirithe le linn corraíl shibhialta fhorleathan, chun muintir Veiniséala a aontú i dtreo comhsprice.

Leis an gcinneadh aird ar leith a dhíriú ar an dá phearsa sin trí Dhuais Sakharov 2024 a bhronnadh orthu, leagtar béim ar thiomantas Pharlaimint na hEorpa do luachanna daonlathacha a chur chun cinn ar fud an domhain. Thug an tUachtarán Metsola aitheantas do chrógacht Machado agus González, agus an méid seo á rá aici: "Agus iad ag iarraidh aistriú cothrom, saor agus síochánta cumhachta a bhaint amach, sheas siad gan scáth gan eagla le luachanna ar mór iad an oiread sin leis na milliúin Veiniséalach agus le Parlaimint na hEorpa: an ceartas, an daonlathas agus an smacht reachta. Seasann Parlaimint na hEorpa le muintir Veiniséala agus le María Corina Machado agus leis an Uachtarán toghaí Edmundo González Urrutia agus iad ag streachailt chun todhchaí dhaonlathach a bhaint amach dá dtír. Is dóibhsean atá an gradam seo." Do mhuintir Veiniséala atá ag fulaingt dianchruatan eacnamaíoch, treascairtí ar chearta an duine, agus brú faoi chois polaitiúil, is ábhar dóchais é an t‑aitheantas sin, agus tacaíocht an phobail idirnáisiúnta dá n-iarrachtaí á léiriú leis.

Jina Mahsa Amini agus an Ghluaiseacht ‘Mná, Saol agus Saoirse’ san Iaráin - buaiteoir dhuais Sakharov 2023

Seasann an Pharlaimint go bródúil leis na daoine cróga a sheasann an fód agus a leanann den troid ar son an chomhionannais, na dínite agus na saoirse san Iaráin.

Bronnadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2023 ar Jina Mahsa Amini agus ar an nGluaiseacht Mná, Saol agus Saoirse san Iaráin. Is meabhrú brónach é scéal tragóideach Jina Mahsa Amini, bean óg de chuid na hIaráine a bhí 22 bhliain d'aois, ar an streachailt leanúnach atá san Iaráin ar son chearta an duine agus shaoirse na mban.

Ghabh póilíní na hIaráine Amini in Tehran an 13 Meán Fómhair 2022, mar líomhnaíodh gur sháraigh sí dlíthe caille na tíre agus cailleadh í trí lá ina dhiaidh sin agus í faoi choimeád. Mhúscail bás Amini agóidí móra ar fud na hIaráine, go háirithe agóidí faoi stiúir na mban, faoin mana cumhachtach 'Mná, Saol, Saoirse.' Ba é cuspóir na n-agóidí sin ná dúshlán dhlí leatromach an hidseab a thabhairt agus cearta an duine a éileamh, chun stop a chur leis an leatrom, leis an idirdhealú, leis an tíorántacht agus an deachtóireacht atá rompu ón réimeas.

Bliain tar éis bhás Amini, bás a mhúscail an-chuid léirsithe i gcoinne an réimis, thuairiscigh grúpaí um chearta an duine gur mharaigh na fórsaí slándála os cionn 500 agóideoir, agus gur gabhadh níos mó ná 19,700 duine. Cé gur chuir an rialtas na hagóidí faoi chois den chuid is mó, bhí tionchar láidir marthanach ag bás Amini ar ghnáthmhuintir na hIaráine.

Léirigh na hagóidí forleathana, ar scála nach bhfacthas ó Réabhlóid Ghlas 2009, athléimneacht agus dúthracht dhochreidte mhná na hIaráine. Chuaigh an misneach iontach a bhí acu go mór i bhfeidhm ar na milliúin daoine agus tharraing siad aird idirnáisiúnta ar staid uafásach chearta an duine san Iaráin.

Is duais é Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta a thugann aitheantas cumhachtach do na híobairtí arna ndéanamh ag go leor daoine agus ag gluaiseachtaí ar son ceartais agus chearta an duine. Agus an gradam á fhógairt aici, chuir an tUachtarán Metsola béim ar thábhacht na duaise tríd an méid seo a leanas a lua,

'Tá bliain caite anois ó dúnmharaíodh Jina Mahsa Amini san Iaráin an 16 Meán Fómhair. Seasann an Pharlaimint go bródúil leis na daoine cróga a sheasann an fód agus a leanann den troid ar son an chomhionannais, na dínite agus na saoirse san Iaráin. Seasann muid leo siúd a leanann den ghluaiseacht Mná, Saol agus Saoirse a choimeád beo, fiú ón bpríosún. Agus na buaiteoirí á roghnú againn do Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2023, cuimhníonn an Pharlaimint seo ar a gcuid dúshláin uile agus leanann sé d'onóir a thabhairt dóibh siúd go léir atá tar éis a mbeatha a thabhairt ar son na saoirse.'

Muintir chróga na hÚcráine, á n-ionadú ag a nUachtarán, a gceannairí tofa agus an tsochaí shibhialta

Ón 24 Feabhra 2022, sheas muintir na hÚcráine go cróga in aghaidh an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis fúthu.

Ó mhí Feabhra 2014 tar éis Euromaidan, inar éiligh muintir na hÚcráine go leanfadh a dtír conair i dtreo na hEorpa, tá an Rúis ag fearadh cogadh ar an Úcráin agus is cuid den chogadh sin é an t-ionsaí reatha. Tá muintir na hÚcráine ag fulaingt go mór de bharr an fhogha seo gan chúis atá á thabhairt ag an Rúis fúthu. Ní hamháin go bhfuil siad ag troid chun a dtithe, a gceannasacht, a neamhspleáchas agus a n-iomláine chríochach a chosaint, ach chomh maith leis sin, ar na machairí catha féin, tá siad ag cosaint na saoirse, an daonlathais, an smachta reachta agus luachanna na hEorpa 'ar an réimeas brúidiúil a fhéachann leis an mbonn a bhaint ónár ndaonlathas, agus ár nAontas a lagú agus a dheighilt'.

Gach lá, tá muintir na hÚcráine ag fulaingt ó ainghníomhartha na Rúise, slad, léirscrios, bás, meath sóisialta agus eacnamaíoch, agus cruatan eile. Tá níos mó ná 10 milliún Úcránach ag maireachtáil mar dhaoine easáitithe ina dtír féin, agus bhí ar bhreis is 6 mhilliún duine, mná a bhfuil leanaí acu agus daoine scothaosta den chuid is mó, teitheadh óna dtír dhúchais.

In 2022, is ar mhuintir na hÚcráine atá an Pharlaimint ag bronnadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta. Leagtar béim ar iarrachtaí Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, in éineacht le ról daoine aonair, ionadaithe ó thionscnaimh na sochaí sibhialta, agus institiúidí Stáit agus poiblí, lena n-áirítear Státseirbhísí Éigeandála na hÚcráine, Yulia Pajevska, bunaitheoir an aonaid aslonnaithe leighis Angels of Taira, Oleksandra Matviychuk, dlíodóir chearta an duine agus cathaoirleach an Ionaid um Shaoirsí Sibhialta, an Ghluaiseacht Frithbheartaíochta Sibhialta 'Ribín Buí', agus Ivan Fedorov, méara chathair Melitopol na hÚcráine, atá faoi fhorghabháil na Rúise faoi láthair.

An tUachtarán Zelenskyy - eiseamláir de mhisneach mhuintir na hÚcráine. Leagtar béim ar a chrógacht, a bhuanseasmhacht agus a dhílseacht dá mhuintir agus do luachanna na hEorpa.

Seirbhísí Éigeandála Stáit (SES) na hÚcráine - freagrach as daoine a tharrtháil, smionagar agus ordanás neamhphléasctha a ghlanadh, agus daoine a aslonnú chuig áiteanna níos sábháilte. Go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2022, d'éirigh le SES 10 078 ndóiteán a mhúchadh, 1 861 000 duine a aslonnú, 1 487 nduine a tharrtháil, agus 620 km cearnach de limistéir mhianadóireachta a ghlanadh.

Yulia Pajevska ('Taira') - oibrí deonach Úcránach, paraimhíochaineoir. Bunaitheoir an aonaid aslonnaithe leighis 'Aingil Taira'. Ó 2014 i leith, tá lucht an airm agus sibhialtaigh á sábháil aici in Donbass. I mí an Mhárta 2022, le linn aslonnú na sibhialtach ó Mariupol, ghabh fórsaí na Rúise í. Chaith sí 3 mhí i ngéibheann.

Oleksandra Matviychuk - dlíodóir chearta an duine, cathaoirleach na heagraíochta neamhrialtasaí an tIonad um Shaoirsí Sibhialta. Tá coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna a rinne arm na Rúise san Úcráin á dtaifeadadh aici.

An Ghluaiseacht Frithbheartaíochta Sibhialta 'Ribín Buí' - gluaiseacht a bunaíodh i gcathair Kherson a forgabhadh go sealadach. Tá ról tábhachtach aici i gcosaint na saoirse cainte agus na frithbheartaíochta i gcoinne pleananna na Rúise do limistéir faoi fhorghabháil.

Ivan Fedorov - méara tofa Melitopol go dtí an 11 Márta 2022, nuair a rinne fórsaí na Rúise é a fhuadach agus méara eatramhach ar son na Rúise a chur ina ionad. I measc mhuintir na hÚcráine, bhí Fedorov ina shiombail den chos ar bolg agus den fhrithbheartaíocht agus bhí sé ina eiseamláir den mhisneach in aghaidh an ionraidh.

Alexei Navalny - 2021, an Rúis

 © Grigory Dukor/Reuters
Is ceannaire freasúra Rúiseach, dlíodóir agus gníomhaí frith-éillithe é Alexei Navalny, a bhain cáil amach trí léirsithe frithrialtais a eagrú agus ós rud é gurb é an t-iarrthóir freasúra is mó i gcoinne an pháirtí rialaithe sa Rúis.

Bhí Navalny ina chomhalta de Chomhairle um Chomhordú Fhreasúra na Rúise agus tá sé ina cheannaire ar pháirtí Rúis na Todhchaí chomh maith le bunaitheoir na Fondúireachta um Fhrith-Éilliú (FBK). D'fhoilsigh FBK imscrúduithe ar éilliú líomhnaithe arna dhéanamh ag ardoifigigh na Rúise, lena n-áirítear dhá chlár faisnéise: He Is Not Dimon to You (2017), faoin iar-Phríomh-Aire agus iar-Uachtarán Dmitry Medvedev, agus Putin's Palace (2021), faoi phálas a mhaítear gur tógadh d'Uachtarán na Rúise é, líomhaintí a shéan an tUachtarán.

Ghabh údaráis na Rúise Navalny roinnt uaireanta. Fuair sé pianbhreitheanna ar fionraí as claonchasadh in dá chás, ceann i mí Iúil 2013 agus ceann eile i mí na Nollag 2014. De réir rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, sháraigh na cásanna an ceart atá ag Navalny chun trialach córa. In 2013, rinne an eagraíocht Memorial, atá bunaithe sa Rúis agus a bronnadh Duais Sakharov uirthi in 2009, Navalny a aithint mar phríosúnach polaitiúil. I mí Feabhra 2014, cuireadh Navalny faoi bhraighdeanas baile agus cuireadh cosc air cumarsáid a dhéanamh le duine ar bith seachas a theaghlach.

Rinne Navalny iarracht seasamh d'Uachtaránacht na Rúise le linn thoghchán 2018 ach chuir Coimisiún Lárnach Toghcháin na Rúise toirmeasc air i mí na Nollag 2017. Dhiúltaigh Cúirt Uachtarach na Rúise dá achomharc agus sheas sí leis an toirmeasc.

An 20 Lúnasa 2020, cuireadh Navalny san ospidéal agus fágadh i riocht tromchúiseach é tar éis gur nimhíodh é le hoibreán nearóg Novichok. Dhá lá ina dhiaidh sin, cuireadh go Beirlín é ar eitilt aslonnaithe taismeach, agus ba í an eagraíocht neamhrialtasach Gearmánach, Cinema for Peace, a d'íoc as an eitilt. In imscrúdu luadh gníomhairí ó Sheirbhís Slándála na Cónaidhme de chuid na Rúise leis an nimhiú. D'fhreagair an tAontas, an Ríocht Aontaithe agus SAM trí smachtbhannaí a fhorchur ar oifigigh shinsearacha na Rúise. Tháinig Navalny chuige féin ó chóma cúig mhí ina dhiaidh sin agus d'fhill sé ar Mhoscó an 17 Eanáir 2021, áit ar gabhadh láithreach é ag an aerfort. An 2 Feabhra 2021, ghearr cúirt i Moscó téarma príosúnachta dhá bhliain go leith air as an sárú líomhnaithe ar a phromhadh don phianbhreith ar fionraí a gearradh air in 2014 as claonchasadh, toisc gur theip air é féin a chur in iúl do Sheirbhís Príosúnachta Cónaidhme na Rúise faoi dhó sa mhí fad a bhí sé ag teacht chuige féin sa Ghearmáin. An 31 Márta 2021, nuair a theip ar údaráis phríosúin cúram leighis leormhaith a chur ar fáil dó ná cead a thabhairt dá dhochtúirí féin cuairt a thabhairt air, chuir Navalny tús le stailc ocrais a mhair 23 lá mar agóid.

Faoi láthair, tá Alexei Navalny i bpríosún in áitreabh pionóis ardslándála. D'iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile go scaoilfí saor láithreach é gan choinníoll agus d'iarr sí ar Bhallstáit AE méadú suntasach a dhéanamh ar smachtbhannaí i gcoinne daoine aonair agus eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach sa chinneadh chun é a ghabhadh agus a chur i bpríosún.