Oswaldo José Payá Sardiñas - 2002, Cúba
Bhí sé ina leasaitheoir gníomhach ó bhí sé óg agus imríodh géarleanúint air agus cáineadh go minic é toisc gur labhair sé amach i gcoinne bheartais agus éagóir Fidel Castro. Níor chosc sé sin é Gluaiseacht Chríostaí na Saoirse a bhunú in 1988, a d'éirigh léi bheith ar cheann de na gluaiseachtaí freasúra is mó i gCúba.
In 1997 cheap Payá tionscadal uaillmhianach Varela ina raibh na chéad chéimeanna ionsar saor-rannpháirtíocht d'áitritheoirí Chúba i saol polaitiúil agus eacnamaíoch trí shaoirse cainte agus tionóil agus trí na príosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor. Cé go bhfuair Tionscadal Varela de chuid Payá tacaíocht ó na mílte Cúbach, cuireadh bac leis le fritionscnamh de chuid údaráis Chúba a bhuanaigh stádas sóisialach Chúba, tionscnamh ar mhaígh na húdaráis go raibh sé faofa le pobalbhreith. Cuireadh go leor de lucht feachtais Thionscadal Varela sa phríosún le linn Earrach Dubh na bliana 2003 ach níor ghéill Payá.
Sa bhliain 2008, chuir sé dréachtdlí maidir le hollmhaithiúnas do na príosúnaigh pholaitiúla go léir faoi bhráid an tionóil náisiúnta, agus sa bhliain 2010 sheol sé Foro Todos Cubanos.
Níor cuireadh Payá sa phríosún riamh, ach deir a mhuintir go ndearnadh mórán bagairtí báis air. Maraíodh é i dtimpiste bhóthair ar bhain conspóid leis i gCúba an 22 Iúil 2012. Mar ómós dó, dúirt Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an trátha sin, Martin Schulz, gur chreid sé go 'mairfidh smaointe Payá toisc gur spreag a shaothar agus a dhíograis glúin de ghníomhaithe Cúbacha, a bhfuil cearta an duine agus saoirse pholaitiúil á gcur chun cinn acu mar a rinne seisean rompu'.
Tá Gluaiseacht Chríostaí na Saoirse fós ag éileamh go ndéanfar soiléiriú ar na cúinsí ina bhfuair Payá bás. Diúltaíonn a mhuintir don chuntas oifigiúil gur timpiste bhóthair a bhí freagrach as a bhás. Tá a iníon, Rosa Maria, tar éis impí os comhair Chomhairle um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear Parlaimint na hEorpa, go ndéanfaí fiosrúchán idirnáisiúnta neamhchlaonta i leith bhás a hathar agus cháin sí an ghéarleanúint agus na bagairtí atá déanta ag gníomhairí na slándála stáit ar an teaghlach. Bhog teaghlach Payá go SAM in 2013 agus dúirt siad gurbh aistriú sealadach é.
Rinne iníon Payá ionadaíocht air ag an gComhdháil in 2013 ag ceiliúradh cothrom 25 bliana de Dhuais Sakharov ag Parlaimint na hEorpa. I ndearbhú críochnaitheach na comhdhála, éilíodh go ndéanfaí 'fiosrúchán maidir le bás Bhuaiteoir Dhuais Sakharov na bliana 2002, Oswaldo Payá'.