Andrei Sakharov

Andrei Sakharov – Inspioráid don Duais

Bhí alladh ar an bhfisiceoir Rúiseach Andrei Dmitrievich Sakharov (1921-1989), a bhuaigh Duais Nobel na Síochána i 1975, mar chruthaitheoir an bhuama hidrigine Shóivéadaigh.

Agus imní air faoi na himpleachtaí a bhí ag a chuid oibre do thodhchaí an chine dhaonna, rinne sé iarracht aird a tharraingt ar dháinséir na hiomaíochta armála núicléiche. D'éirigh go sách maith lena iarrachtaí agus síníodh an conradh coiscthe trialacha núicléacha i 1963.

Ba é an dearcadh san APPS gur easaontach treascrach a bhí i Sakharov. I 1970, bhunaigh sé coiste chun cosaint a thabhairt do chearta an duine agus do dhaoine a bhí ag fulaingt de bharr trialacha polaitiúla. D'ainneoin brú méadaithe ón rialtas, ní hamháin gur iarr Sakharov go scaoilfí saor easaontaigh ina thír ach bhí sé ar dhuine de lucht cáinte is misniúla an réimis, agus é ina phearsantú ar an gcomhrac i gcoinne shéanadh na gceart bunúsach. Dámhadh Duais Nobel na Síochána dó i 1975 ar son a iarrachtaí.

Dhíbir na hÚdaráis Shóivéadacha Andrei Sakharov chuig Gorky ionas nach bhféadfadh sé teagmháil a dhéanamh le heachtrannaigh. D'fhoghlaim sé ansin gur bheartaigh Parlaimint na hEorpa duais um shaoirse smaointeoireachta a chruthú lena mbeadh a ainm. Sheol sé teachtaireacht ón áit ina raibh sé ar deoraíocht chuig Parlaimint na hEorpa i 1987, chun cead a thabhairt di a ainm a úsáid don duais agus á rá go raibh tocht mór air. D'aithin sé, agus an ceart aige, an duais mar spreagadh dóibh sin uile, a dhála féin, a bhí tiomanta do chearta an duine a chur chun tosaigh.

Sáraíonn an Duais lena bhfuil a ainm teorainneacha, fiú amháin teorainneacha na réimeas leatromach, chun aitheantas a thabhairt do ghníomhaígh ar son chearta an duine agus d'easaontaigh ar fud an domhain.