Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach - Iúil 2024
EPUB 161kPDF 852k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 2 : AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE

Riail 52 : Nós imeachta simplithe

1.   Tar éis an chéad phlé ar thogra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go bhformheasfar é gan aon leasú. Mura rud é go gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste ina aghaidh, measfar gur formheasadh an nós imeachta beartaithe. Tíolacfaidh an Cathaoirleach, nó an rapóirtéir, má ceapadh rapóirtéir, tuarascáil lena bhformheastar an togra don Pharlaimint. Beidh feidhm ag an dara fomhír de Riail 165(1) agus ag Riail 165(2) agus (4).

2.   Mar mhalairt air sin, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go socrófar sprioc-am chun leasuithe a chur síos gan dréacht-tuarascáil a bheith tarraingthe suas ar dtús. Mura gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste ina aghaidh, measfar gur formheasadh an nós imeachta beartaithe.

Déanfar vótáil ar na leasuithe a chuirtear síos ag an gcruinniú is luaithe is féidir den choiste tar éis sprioc-am na leasuithe a bheith rite, agus cuirfear dréachtrún reachtach agus leasuithe faoi bhráid na Parlaiminte ina dhiaidh sin.

3.   Seachas na forálacha a bhaineann leis an aighneacht chun na Parlaiminte, beidh feidhm ag an Riail seo, mutatis mutandis, maidir le tuairimí an choiste de réir bhrí Riail 57.

An nuashonrú is déanaí: 12 Iúil 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais