TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 6 : NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA
Riail 99 : Córas na ndóú codanna déag sealadacha
1. Déanfar aon chinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear caiteachas is mó ná an dóú cuid déag sealadach de na leithreasaí buiséadacha don bhliain airgeadais roimhe sin a tharchur chuig an gcoiste freagrach.
2. Féadfaidh an coiste freagrach dréachtchinneadh a chur síos chun an caiteachas dá dtagraítear i mír 1 a laghdú. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ina leith laistigh de 30 lá tar éis ghlacadh chinneadh na Comhairle.
3. Gníomhóidh an Pharlaimint trí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í.