An geilleagar ciorclach: sainmhíniú, tábhacht agus buntáistí
An geilleagar ciorclach: foghlaim cad is brí leis, conas a théann sé chun do leasa, chun leasa na timpeallachta agus chun leasa an gheilleagair.
Táirgeann an tAontas Eorpach níos mó ná 2.1 billiún tonna dramhaíola gach bliain. Trína reachtaíocht maidir le bainistíocht dramhaíola a nuashonrú, ba mhaith leis an Aontas aistriú chuig samhail níos inbhuanaithe ar a dtugtar an geilleagar ciorclach a chur chun cinn.
Ach cad a chiallaíonn an geilleagar ciorclach go díreach? Agus cad iad na buntáistí a bheadh ann?
Céard atá i gceist leis an ngeilleagar ciorclach?
Is samhail táirgthe agus tomhaltais é an geilleagar ciorclach, a chuimsíonn comhroinnt, léasáil, athúsáid, deisiú, athchóiriú agus athchúrsáil ábhair agus táirgí atá ann cheana chomh fada agus is féidir. Ar an mbealach seo, leathnaítearsaolré na dtáirgí.
I gcleachtas, ciallaíonn sé go laghdófar dramhaíl go dtí an t-íosmhéid is féidir. Nuair a shroicheann táirge deireadh a shaolré, coinnítear a chuid ábhair laistigh den gheilleagar nuair is féidir a bhuíochas le hathchúrsáil. Is féidir iad seo a úsáid go táirgiúil arís agus arís eile, rud a chruthaíonn breis luach.
Tá sé seo ag imeacht ón tsamhail eacnamaíoch thraidisiúnta, líneach, atá bunaithe ar mhúnla "tógáil, déantúsaíocht, tomhaltas agus caitheamh as". Tá an tsamhail seo ag brath ar chainníochtaí móra ábhair agus fuinnimh atá saor agus inrochtana go héasca.
Cuid den tsamhail seo freisin is ea dífheidhmeacht phleanáilte, nuair a dhéantar táirge a dhearadh le saolré teoranta a bheith aige chun tomhaltóirí a spreagadh chun é a cheannach arís. D'iarr Parlaimint na hEorpa bearta chun dul i ngleic leis an gcleachtas seo.
Buntáistí: cén fáth nach mór dúinn aistriú chuig geilleagar ciorclach?
An timpeallacht a chosaint
Bheadh níos lú acmhainní nádúrtha á úsáid, níos lú cur iseach ar thírdhreach agus ar ghnáthóga agus srian ar an méid bithéagsúlachta a chailltear dá ndéanfaimis níos mó táirgí a athúsáid agus a athchúrsáil.
Buntáiste eile a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach ná laghdú ar líon iomlán na ngásanna ceaptha teasa a úsáidtear in aghaidh na bliana.
Déanfar níos lú fuinnimh agus acmhainní a thomhailt dá ndéanfaí táirgí níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúlaí a chruthú ón dtús. Meastar gur féidir níos mó ná 80% de thionchar táirge ar an timpeallacht a ríomh agus é i mbun deartha.
Tá ceist na pacáistíochta i mbéal an phobail le tamall anuas. Gineann an gnáthduine Eorpach thart ar 190 cileagram de dhramhaíl ó phacáistíocht in aghaidh na bliana. An aidhm anois ná dul i ngleic le pacáistíocht iomarcach agus béim a leagadh ar athchúrsáil chomh maith le hathúsáid táirgí.
Spleáchas ar amhábhair a laghdú
Tá daonra an domhain ag fás agus leis sin, an t-éileamh ar amhábhair. Áfach, tá srian leis an méid amhábhar criticiúil ar féidir a sholáthar.
Toisc go bhfuil teorainn ar líon na n-acmhainní ar féidir iad a sholáthar, bíonn tíortha faoi leith san Aontas ag brath ar thíortha eile dá n-amhábhair. De réir Eurostat, thomhail gach duine Eorpach 14.9 tonna d'amhábhair in 2022.
Sa bhliain 2023, b'fhiú an luach trádála iomlán (allmhairí móide onnmhairí) idir thíortha an Aontais agus an chuid eile den domhan agus €165 billiún. Bhí onnmhairí níos lú ná allmhairí agus bhí easnamh de €29 billiún ann dá bharr.
Laghdaítear na rioscaí a bhaineann le soláthar, amhail luaineacht praghsanna, infhaighteacht agus spleachas ar allmhairí.
Tá baint dhíreach aige seo le hamhábhair chriticiúla, a bhfuil gá leo do tháirgeadh teicneolaíochtaí atá bunriachtanach chun spriocanna aeráide a bhaint amach, amhail cadhnraí agus innill leictreacha.
Fostaíocht a chur chun cinn agus airgead tomhaltóirí a shábháil
Leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach trí athchúrsáil agus athúsáid níos mó, d’fhéadfaí borradh a chur faoin iomaíochas, fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus nuálaíocht a chothú, fostaíocht nua a ghiniúint agus astaíochtaí a laghdú. Meastar go bhféadfadh an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach borradh 0.5% a chur faoi olltáirgeacht intíre an Aontais agus 700,000 post a chruthú in AE faoi 2030.
Le borradh faoin inniúlacht in earnálacha éagsúla sa gheilleagar tríd ábhair agus táirgí a athdhearadh ó bhonn, cuirfear go mór leis an ngeilleagar ciorclach.
Cuirfear táirgí níos inbhuanaithí agus níos nuálaí ar fáil do thomhaltóirí a rachaidh chun tairbhe dá gcaighdeán saoil agus a gcabhróidh leo airgead a shábháil go fadtéarmach.
Cad atá á dhéanamh ag AE chun geilleagar ciorclach a bhaint amach?
Teastaíonn ón Aontas Eorpach geilleagar ciorclach agus aeráidneodrach a bhaint amach faoin mbliain 2050. Tá go leor bearta nua curtha i bhfeidhm ag AE le blianta beaga anuas chun an líon dramhaíola a laghdú agus chun táirgí níos inbhunaithe a chur ar an margadh.
Clúdaíonn an reáchtaíocht is déanaí éicidhearthóireacht, pacáistíocht, glas-snasú, an ceart chun deisiúcháin, bainistíocht dramhaíola agus réimsí tábhachtacha eile.