Fostaíocht don aos óg: bearta AE ina thaobh

Is ábhar mór imní don Eoraip i gcónaí í an dífhostaíocht i measc na hóige. Faigh amach cé na bearta atá curtha i gcrích ag an Aontas Eorpach chun cúnamh a chur ar fáil.

Daoine óga ag obair i spásanna oibre comhionaid. Grianghraf glactha ag CoWomen ar Unsplash.
Daoine óga ag obair i spásanna oibre comhionaid. Grianghraf glactha ag CoWomen ar Unsplash

Tagann na beartais fostaíochta agus na beartais don óige faoi inniúlacht na mballstát. Tá roinnt tionscnamh lena ndéantar comhlánú ar na beartais náisiúnta seolta ag an Aontas Eorpach, áfach, mar chuid dá bhearta chun Eoraip níos sóisialta a chothú.


Tá an tacaíocht sin dírithe ar chistiú do chláir fostaíochta le haghaidh daoine óga a chur ar fáil, ar chaighdeán na bprintíseachtaí agus na sealanna oiliúna a fheabhsú, ar oideachas idirnáisiúnta agus deiseanna fostaíochta a chur ar fáil agus ar é a dhéanamh níos fusa do dhaoine óga páirt a ghlacadh i dtionscadail ina ndéantar obair dheonach.

Dífhostaíocht i measc na hóige i bhfigiúirí

Cruthaítear mothúcháin eisiaimh, spleáchas agus neamhúsáide i measc daoine óga nuair nach féidir leo post a fháil. Seachas sin, tá éifeachtaí diúltacha ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí atá ag dul in aois.


Bhí daoine óga i measc na ndaoine is mó a bhuail an ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais 2008 agus bhí ráta dífhostaíochta daoine faoi 25 bliain d'aois san Aontas ag ardú beagnach 25% go luath in 2013 agus ag éirí níos airde ná 50% sa Ghréig agus sa Spáinn. Thit sé sin go dtí an leibhéal is ísle ar taifeadadh riamh de thart ar 14% in 2019, ach chuir paindéim an choróinvíris é suas go 19.1% in 2020. Mar sin féin, tá comharthaí feabhsaithe le feiscint le déanaí le dífhostaíocht i measc daoine óga tite go go 14.4% i mí Aibreáin 2024.

Tionscnaimh fhostaíochta don ógra a mhaoiniú

Mar chuid den Phacáiste Tacaíochta Fostaíochta don Aos Óg níos leithne, is tionscnamh AE é an Scéim Ráthaíochta neartaithe don Aos Óg chun tairiscint dea-chaighdeán fostaíochta, oideachais leanúnach, ceachtanna nó oiliúna a thabhairt do gach duine faoi 30 bliain d'aois laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis dó bheith dífhostaithe nó deireadh a chur le hoideachas foirmiúil.


Is é an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg príomh-uirlis an Aontais chun cabhrú le bearta agus cláir na mBallstát chun scéimeanna Ráthaíochta don Aos Óg a chur i bhfeidhm a mhaoiniú, amhail oiliúint agus cúnamh do dhaoine óga chun a gcéad phost a fháil, mar aon le dreasachtaí d'fhostóirí. Tacaíonn an tionscnamh go háirithe le réigiúin san AE a bhfuil ráta dífhostaíochta óige os cionn 25%.


Cuireadh an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg i bhfeidhm taobh leis an gCiste Sóisialta Eorpach Plus (CSE+), don tréimhse 2021-2027. Ba cheart do thíortha AE a bhfuil ráta daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEET) atá os cionn meán AE acu 12.5% ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ a chaitheamh ar dhaoine óga.

Printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna ar ardchaighdeán


Bunaíodh an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí chun tacú leis an Scéim Ráthaíochta agus chun caighdeán na bprintíseachtaí san Eoraip a fheabhsú.

I mí an Mhárta 2024, mhol an Coimisiún rialacha nua chun dúshaothrú oiliúnaithe a sheachaint ar fud an Aontais. Roimhe sin, i Meitheamh 2023, d'iarr an Pharlaimint reachtaíocht a chinntiú go mbeidh tréimhsí oiliúna ar ardchaighdeán ar fud AE.

Deiseanna idirnáisiúnta


San Aontas Eorpach, is ar na ballstáit atá cúram na mbeartas ardoideachais agus na gcóras oiliúna. Is é an ról atá ag AE dá bhrí sin ná comhordú a dhéanamh ar acmhainn na mballstát agus tacú lena gcuid iarrachtaí tríd an gcomhar beartais agus trí ionstraimí cistithe, amhail clár Erasmus+ nó cistí eile AE.


Mar gheall ar Phróiseas Bologna idir-rialtasach, ar cuireadh tús leis in 1999, tá sé níos éasca anois aitheantas frithpháirteach a fháil do dhioplómaí ardoideachais in 48 dtír. Is ann do phróiseas Eorpach anois ina dtugtar aitheantas frithpháirteach neamhcheangailteach do chéimeanna baitsiléara, máistreachta agus dochtúireachta.


In 2018, chun an próiseas aitheantais a chur chun cinn tuilleadh, ghlac tíortha AE moladh maidir le haitheantas frithpháirteach a chur chun cinn i ndáil le dioplómaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh trasna teorainneacha. Sa mholadh, iarrtar ar thíortha an Aontais bearta a dhéanamh chun aitheantas uathoibríoch do dhioplómaí a thabhairt isteach faoi 2025.


Is ann cheana féin d’uirlisí éagsúla ar féidir leo cabhrú le haitheantas a fháil do cháilíochtaí agus éascaíocht a dhéanamh ar fhíorú trasteorann na dteastas foghlama fadsaoil. Ina measc tá:

  • an Creat Eorpach um Cháilíochtaí – uirlis a bunaíodh in 2018 nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí a chuireann cúnamh ar fáil chun comparáid a dhéanamh idir na córais cáilíochtaí san Eoraip;
  • Europass – sraith príomhdhoiciméad, lena n-áirítear teimpléad caighdeánaithe CV don Eoraip ar fad agus pas teanga, a chiallaíonn go mbeidh do chuid oideachais agus an taithí oibre atá déanta agat intuigthe go hidirnáisiúnta;
  • an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachais agus don Ghairmoiliúint a bunaíodh chun é a dhéanamh níos éasca scileanna agus eolas a bhaineann leis an obair a fuarthas i gcórais agus i dtíortha éagsúla a fhíorú agus aitheantas a thabhairt dóibh.

Tá sé d’aidhm ag AE Limistéar Eorpach Oideachais a thógáil chun gur féidir le gach duine óg oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán a fháil agus poist a fháil ar fud na mór-roinne.


Is é Erasmus+ clár an Aontais sna réimsí a bhaineann le hoideachais, le hoiliúint, le daoine óga agus le spórt agus tá sé dírithe ar shoghluaisteacht agus ar chomhar trasnáisiúnta. Bunaíodh é mar chlár malartaithe mac léinn in 1987 agus is scáthchlár anois é ina gcumhdaítear an t-oideachas scoile agus an t-ardoideachas (idirnáisiúnta), an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, an fhoghlaim aosach, an fhoghlaim neamhfhoirmiúil i measc daoine óga, agus spórt.


Cuireann Erasmus+ deis ar fáil do mhic léinn staidéar a dhéanamh thar lear, cuireann sé deiseanna múinteoireachta agus oiliúna ar fáil do dhaoine atá ag obair in earnáil an oideachais agus tacaíonn sé le sealanna oiliúna agus malartuithe daoine óga. Is féidir le heagraíochtaí (amhail scoileanna, ollscoileanna, eagraíochtaí óige srl.) cistiú a fháil freisin chun comhpháirtíochtaí agus comhaontais straitéiseacha a thógáil le heagraíochtaí ó thíortha eile.


An 18 Bealtaine 2021, d’fhormheas feisirí Eorpacha eagrán nua, níos ionchuimsithí den chlár Erasmus+ don tréimhse 2021-2027. Beidh beagnach dúbailt ar mhaoiniú an chláir (os cionn €28 mbilliún ó fhoinsí éagsúla) i gcomparáid leis an tréimhse seacht mbliana roimhe seo (€14.7 billiún). D’éirigh leis na feisirí €1.7 billiún breise a chinntiú don chlár le linn na gcéimeanna deiridh den chaibidlíocht leis an gComhairle. Cuirfear deiseanna soghluaisteachta ar fáil do thart ar 10 milliún duine (mar shampla mic léinn, ollaimh, múinteoirí, traenálaithe) sa tréimhse 2021-2027.

Buiséad nua don chlár Erasmus+ chun borradh a chur faoi shoghluaiseacht agus deiseanna don ógra

Deiseanna oibre deonaí

Déanann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, a seoladh go hoifigiúil ag deireadh 2016, maoiniú ar ghníomhaíochtaí oibre deonaí, ar shealanna oiliúna agus ar phoist do dhaoine óga i dtionscadail dlúthpháirtíochta a théann chun tairbhe do phobail agus do dhaoine ar fud na hEorpa go dtí deireadh 2020. Bhí níos mó ná 161,000 duine óg cláraithe faoi Mheán Fómhair 2019 chun páirt a ghlacadh ann.


I mí na Bealtaine 2021, d’fhormheas feisirí Pharlaimint na hEorpa na tosaíochtaí don chlár nua don tréimhse 2021-2027. Áirítear leis na tosaíochtaí seo cabhair dhaonnúil agus beidh an clár ag feidhmiú mar chlár neamhspleách lena bhuiséad féin den chéad uair.