Mná i bParlaimint na hEorpa (grafaicí faisnéise)
Is léir nach mór ról suntasach a bheith ag mná sa pholaitíocht, ach conas mar atá cúrsaí i bParlaimint na hEorpa? Gach eolas inár ngrafaicí faisnéise.
Fiú agus Parlaimint na hEorpa ag seasamh ar son an chomhionannais, tá mná fós faoi ghannionadaíocht sa pholaitíocht agus sa saol poiblí ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach, mar is léir ó na sonraí is déanaí.
Tá méadú tagtha ar sciar na bhfeisirí baineanna i gcomparáid le laethanta lua an lánpháirtithe Eorpaigh. Ní raibh ach 31 bhean mar bhaill ón mbliain 1952 go dtí na chéad toghcháin in 1979. B’fhiú sciar na mban sa chéad Pharlaimint a bhí tofa go díreach ag na daoine agus 15.9%.
B'fhiú sciar na mban a toghadh ina bhfeisirí i mí an Mheithimh 2024 agus 38.5%, atá rud beag níos íslé ná an 39.8% a bhí i gcumhacht díreach roimh thús na dtoghchán Eorpach.
Tá leibhéal ionadaíochta na mban i bParlaimint na hEorpa níos airde ná an meán domhanda do pharlaimintí náisiúnta agus níos airde ná meán AE do pharlaimintí náisiúnta freisin.
Tá bean i gceannas ar Pharlaimint na hEorpa ó mhí Eanáir 2022 ar aghaidh: Roberta Metsola, atá ina feisire de chuid Mhálta. Atoghadh í ar ar feadh dhá bhliain go leith eile in Iúil 2024.
I dtéarma parlaiminteach 2024-2029, is mná iad seachtar de na 14 leas-uachtarán, níos mó ná an téarma roimhe sin nuair a bhí seisear ann.
Mná i bpoist ardbhainistíochta
In 2019, bhris dhá institiúid de chuid an Aontais an tsíleáil ghloine agus d’fháiltigh siad roimh a gcéad uachtarán baineann riamh.
Ceapadh Ursula von der Leyen ina hUachtarán ar an gCoimisiún Eorpach agus sa bhliain chéanna, rinneadh Uachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpach de Christine Lagarde, le tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa.
I mí Iúil 2024, thug Parlaimint a cuid tacaíochta d'Ursula von der Leyen arís, ag atoghadh í mar Uachtarán an Choimisiúin ar feadh cúig bliana eile.
Ainmníodh Kaja Kallas do phost Ardionadaí AE don chomhbheartas eachtrach agus slándála. Toisc go mbeidh sí ina ball den Choimisiún Eorpach nua, beidh a post ag brath ar an gcaoi a vótálann feisirí i bpróiseas deimhniúcháin san fhómhar, ina dhéanfar an Coimisiún nua a fhormheas nó gan é a fhormheas