Troid Pharlaimint na hEorpa ar son comhionannas inscne san Aontas Eorpach

Foghlaim faoin méid a dhéanann an tAontas Eorpach agus Parlaimint na hEorpa chun cearta na mban agus comhionannas inscne a chur chun cinn san obair, sa pholaitíocht agus i réimsí eile.

Oibrí sonasach i gcaifé. Griangraf tógtha ag Brooke Cagle ar Unsplash.
Griangraf tógtha ag Brooke Cagle ar Unsplash

Bearta AE chun neamhionannais inscne a chomhrac


Ó bunaíodh é, tá comhionannas inscne curtha chun cinn ag an Aontas Eorpach, mar aon le hEoraip níos sóisialta a chruthú. Tá reachtaíocht thábhachtach glactha ag AE ina thaobh agus cabhraíonn maoiniú AE leis na ballstáit dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla atá acu.


Tá reachtaíocht nua curtha i bhfeidhm ag Parlaimint na hEorpa, in éineacht leis an gComhairle, chun cearta na mban a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, glactar tuairiscí reachtacha ar bhonn rialta chun iarracht níos mó a dhéanamh comhionannas inscne a fheabhsú.

Ina theannta sin, is sa Chúirt Bhreithiúnais a cuireadh le coincheapanna bheartas comhionannais inscne AE.

buanchoiste ag Parlaimint na hEorpa a dhíríonn ar chearta na mban agus comhionannas inscne. Is ócáid í Lá Idirnáisiúnta na mBan a bhíonn á comóradh an 8ú Márta gach bliain, a mbíonn aird á tharraingt ag an bParlaimint air trí himeachtaí a eagrú.


Le blianta beaga anuas, tá a n-imní curtha in iúl ag feisirí faoin bhfrithfhreagairt i dtíortha áirithe AE ó thaobh chearta na mban agus na dúshláin atá os ár gcomhair amach.


Ina theannta sin, tá sé éilithe ag an bParlaimint ar gCoimisiún Eorpach cinnte a dhéanamh go gcuirtear cearta na mban san áireamh i ngach togra a ghlactar. Cabhróidh sé seo le pleananna coincréiteacha a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an ráta bochtaineachta i measc na mban agus iarrachtaí chun an bearna pá idir na hinscní a dhúnadh.

An tSeachtain um Chomhionannas Inscne sa Pharlaimint


D’fhógair an Pharlaimint an tSeachtain um Chomhionannas Inscne i 2020, rud a tharlaíonn chuile bhliain agus agus a dhéanann comóradh ar an tábhacht a bhaineann le comhionannas inscne don institiúid. Le linn na seachtaine, tugtar deis do choistí na Parlaiminte machnamh a dhéanamh ar fhadhbanna atá ann ó thaobh inscne de.

Reachtaíocht glactha

Tá sé mar aidhm ag AE comhionannas inscne a chinntiú san obair, sa pholaitíocht agus i réimsí eile. Clúdaíonn reachtaíocht glactha réimse leathan fadhbanna: ag cuidiú le deireadh a chur le pá neamhionann, leithcheal atá bunaithe ar inscne a dhíothú, líon na mban ar bhoird chorporáideacha a mhéadú agus foréigean in aghaidh na mban a chomhrac.

Foréigean in aghaidh na mban a chomhrac


Ghlac an Pharlaimint na chéad rialacha AE riamh ar fhoréigean in aghaidh na mban a chomhrac i mí Aibreán 2024. Is é is aidhm do na rialacha seo foréigean inscnebhunaithe a chosc agus cosaint a thabhairt d'íospartaigh, mná agus íospartaigh den fhoréigean baile ach go háirithe. Éilíonn an treoir dlíthe níos láidre in aghaidh an chibearfhoréigin, cabhair níos fearr d'íospartaigh, céimeanna chun éigniú a chosc agus sainmhíniú níos fearr ar thoiliú gnéasach.


Áirítear leis na rialacha seo sábháilteacht agus agus dea-bhail íospartaigh, a chinntítear trí rochtain ar scáthchóiríocht a chur ar fáil dóibh.

Ar fud an Aontais, tá eagraíochtaí ag obair chun cearta na mban a chosaint agus a chur chun cinn.

Rialacha nua chun an bhearna phá a dhúnadh

Tá an  Pharlaimint ag éileamh bearta praiticiúla chun an bhearna phá idir fir agus mná – na héagsúlachtaí idir an méid a thuilleann fir agus mná – a bhí thart ar 12.7% in 2022 -  a ghiorrú -  chomh maith leis an mbearna phinsin a thaispeán go raibh difríocht de 29% idir phinsin na mban agus na bhfear i 2019. Is mian leis an bParlaimint go dtéitear i ngleic le bochtaineacht na mban chomh maith, toisc gur mó an tseans mná a bheith beo beocht ná fir.


I mí an Mhárta 2023, ghlac an Pharlaimint na rialacha nua seo a chuireann ceangal ar chuideachtaí eolas maidir le tuarastail a chur ar fáil chun comparáid níos éasca a dhéanamh idir íocaíochtaí agus chun béim a leaghadh ar aon bhearna phá idir na hinscní. Más léir go bhfuil bearna phá de 5%, ar a laghad, idir fhostaithe, beidh sé de dhualgas ar fhostóirí measúnú íocaíochta a dhéanamh i gcomhpháirt le hionadaithe ón gceardchumann. Beidh ceangal ar thíortha AE pionóis a ghearradh, cosúil le fíneálacha do fhostóirí nach gcloínn leis na rialacha nua. Ina theannta sin, beidh gach teideal poist agus fógraí do fholúntais neodrach ó thaobh inscne.

“Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d’oibrithe fireanna agus d’oibrithe baineanna.”
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
Airteagal 157, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU)
Foinse "“Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d’oibrithe fireanna agus d’oibrithe baineanna.”" osclaítear i bhfuinneog nua é

Mná ar bhoird chorparáideacha


I mí Dheireadh Fómhair 2022, d'fhormheas an Pharlaimint rialacha chun borradh a chur faoi chomhionannas inscne ar bhoird chorporáideacha. Is é is aidhm don treoir próisis earcaíochta oscailte a chur chun cinn i gcuideachtaí chun go mbeidh ar a laghad 40% de stiúrthóirí neamhfheidhmeannacha ina mná nó 33%, ar a laghad, de rólanna stiúrthóra á gcomhlíonadh ag an ngnéas atá faoi ghannionadaíocht faoi dheireadh Mheitheamh 2026.


Cuirtear an reachtaíocht seo i bhfeidhm do bhoird chuideachtaí a liostáiltear san Aontas Eorpach. Ní hionann na rialacha seo i ngnóthais bheaga agus mheánmhéide, áfach, a bhfuil níos lú ná 250 fostaí acu.

Saoire mháithreachais, atharthachta agus thuismitheoireachta

Chun borradh a chur faoi líon na bhfear a ghlacann saoire teaghlaigh agus chun cur le ráta fostaíochta na mban, sa bhliain 2019, ghlac an tAontas le rialacha úra maidir le saoire teaghlaigh agus saoire cúramóirí, agus maidir le coinníollacha oibre solúbtha.

Reachtaíocht an AE ó thaobh an chomhionannas inscne san ionad oibre

  • rialacha ó thaobh na fostaíochta de (pá cothrom, slándáil shóisialach, coinníollacha oibre agus ciapadh)
  • rialacha ó thaobh na féinfhostaíochta de
  • cearta chun saoire mháithreachais, atharthacha agus thuismitheoireachta

Tionscnaimh eile arna tacú ag Parlaimint na hEorpa

Cearta gnéasacha agus atáirgthe na mban


I rún a glacadh i mí Aibreán 2024, chuir feisirí brú ar an gComhairle cúram sláinte gnéasach agus atáirgthe agus an ceart chun ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil a chur le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais - rud atá siad tar éis a lorg arís agus arís eile. Tugann an tuarascáil cuireadh do thíortha AE ginmhilleadh a dhíchóiriú go hiomlán i gcomhréir le treoirlínte 2022 na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Éilíonn feisirí ar an gCoimisiún Eorpach cinnte a dhéanamh nach bhfaigheann eagraíochtaí atá ag obair i gcoinne comhionannas inscne maoiniú ar bith ón Aontas Eorpach.

I mí an Mhárta 2022, ghlac an Pharlaimint le Plean Gníomhaíochta Inscne III a bhfuil sé mar aidhm aige sláinte gnéasach agus atáirgthe, chomh maith leis na cearta a bhaineann leo siúd, a chur chun cinn. Tá baint ag na spriocanna seo le tíortha lasmuigh den Aontas chomh maith, ach tá sé mar phríomhaidhm ag an bplean go mbeadh rochtain ar na seirbhísí seo i ngach tír in AE.

Mná sa pholaitíocht


Creideann an Pharlaimint go bhfuil tábhacht mhór ag comhionannas inscne sa pholaitíocht, agus le rannpháirtíocht chothrom na mban i bpróisis cinnteoireachta ag gach leibhéal.


Sheas sciar na mban a fostaíodh le bheith ina feisirí i dtoghcháin Eorpacha Mheitheamh 2024 ag 38.5%, laghdú beag i gcomparáid leis an 39.8% a bhí á bhfostú díreach roimh na dtoghchán.


I dtuarascáil a glacadh in Eanáir 2019, d'iarr an Pharlaimint ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha cinnte a dhéanamh go n-ainmnítear mná agus fir araon do phostanna sna comhlachtaí a rialaíonn Parlaimint na hEorpa sa naoú téarma parlaiminteach

Níos mó mná ag obair sa theicneolaíocht faisnéise is cumarsáide (ICT) agus sna heolaíchtaí


Tá mná faoi ghannionadaíocht in earnáil dhigiteach na hEorpa toisc níos lú acu ag dul i mbun staidéir air nó ag cur isteach ar phostanna san earnáil seo. I rún sa bhliain 2018 d’iarr feisirí ar na ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun lánphairtíocht ó mhná in earnálacha teicneolaíochta a chinntiú. Cinnteodh na bearta seo go mbeadh oideachas agus oiliúint curtha ar fáil do mhná maidir le eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic.