Deireadh le heaspa dídine san Aontas: bearta na Parlaiminte
Teastaíonn ó Pharlaimint na hEorpa deireadh a chur le heaspa dídine san Aontas Eorpach faoi 2030. Foghlaim faoi na bearta atá á lorg aici.
I rún arna glacadh i mí na Samhna 2020, d'iarr feisirí ar an Aontas Eorpach agus ar a bhallstáit deireadh a chur leis an easpa dídine faoin mbliain 2030. Labhair siad ar son chreat AE le haghaidh straitéisí náisiúnta agus d'iarr siad ar thíortha an Aontais an easpa dídine a dhíchóiríú agus leanúint ar aghaidh le hairgead a bhailiú chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
An tábhacht a bhaineann le fadhb na heaspa dídine
Tá aitheantas tugtha ag an bParlaimint don tithíocht mar bhuncheart daonna, ach tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine atá ina gcodladh lasmuigh ar shráideanna Eorpacha gach oíche.
Tá cúrsaí éirithe níos measa mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, an cúlú geilleagrach agus caillteanais poist.
Tá an easpa dídine [...] ar cheann de na cineálacha bochtaineachta agus díothachta is déine dá bhfuil ann nach mór deireadh a chur léi trí bheartais spriocdhírithe agus chomhtháite
Is minic a bhíonn daoine gan dídean thíos le fuathchoireanna agus foréigean, lena n-áirítear an stiogmatú sóisialta. Tá próifíl na ndaoine gan dídean san Eoraip ag athrú agus tá níos mó daoine óga agus leanaí, imirceach, ban, teaghlaigh agus mionlaigh eile amuigh ar na sráideanna anois.
Réitigh na Parlaiminte ar an easpa dídine
Iarrann an Pharlaimint ar thíortha AE:
- rochtain chomhionann a sholáthar ar sheirbhísí poiblí amhail cúram sláinte, oideachas agus seirbhísí sóisialta
- tacú le himeascadh daoine gan dídean i margadh an tsaothair, trí chláir fostaíochta, oiliúint agus scéimeanna eile atá saincheaptha agus spriocdhírithe
- rochtain leanúnach ar dhídean éigeandála a sholáthar ar fud an Aontais (mar aon le bearta coisctheacha agus tacaíochta)
- sainmhíniú comónta a chruthú trí shonraí a bhailiú le tuiscint níos fearr a fháil ar an bhfadhb
Iarrann feisirí ar na ballstáit freisin an prionsabal ‘Tithíocht ar dTús’ a ghlacadh, ar phrionsabal é atá bunaithe ar dhea-chleachtais de chuid roinnt ballstát a chabhraíonn le ráta na heaspa dídine a laghdú go suntasach trí phleananna gníomhaíochta daingne agus cineálacha nuálacha cur chuige a thabhairt isteach.
Tá fadhb an easpa tithíochta inacmhainne ag éirí níos measa
Tá fadhb an easpa tithíochta inacmhainne ag éirí níos measa san Eoraip, le méadú 47% ar an meán tagtha ar phraghsanna tithe san Aontas Eorpach in 2023 i gcomparáid le 2015.
Is údar an-mhór imní é seo d'úinéirí ar ioncam íseal nó do chíosaithe: chaith 10.6% de theaghlaigh i gcathracha agus 7% de theaghlaigh i gceantair thuaithe níos mó ná 40% dá n-ioncam indiúscartha ar thithíocht in 2023.