Tuilte, falscaithe agus stoirmeacha: conas a théann AE i ngleic le tubaistí?

Foghlaim faoin méid a dhéanann AE chun cabhair a thabhairt d'Eorpaigh teacht chucu féin ó héifeachtaí tubaistí nádúrtha.

Tugann oibrithe deonacha agus comhraiceoirí dóiteán tarrtháil do dhaoine atá ag fulaingt i gcathair  Larissa, an Ghréig, a bhí faoi uisce.
Tugann oibrithe deonacha agus comhraiceoirí dóiteán tarrtháil do dhaoine atá ag fulaingt i gcathair Larissa, an Ghréig, bhí faoi uisce.

Faoi láthair, tá tubaistí nádúrtha ag tarlú níos minice ná riamh san Eoraip, agus tádar ag éirí níos measa. Le blianta beaga anuas, tá adhaimsir ag imirt tionchar níos mó ar dhaoine Eorpacha agus athrú na haeráide is cúis leis den chuid is mó. Is i bhfoirm thonnta teasa, triomaigh, falscaithe, tuilte agus stoirmeacha a bhfeictear an iarmhairt atá aige.

Tubaistí nádúrtha san Eoraip


Mar a sainíodh ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tá méadú tagtha ar theochtaí ar fud an domhain, le 2023 ar an mbliain is teo le breis agus 100,000 bliain. Ina theannta sin, is í an Eoraip an ilchríoch atá ag téamhadh suas ag an ráta is tapúla agus meastar go dtiocfaidh méadú eile ar theochtaí fós.

Is minic a bhíonn coinníollacha adhaimsire ann dá bharr, amhail triomaigh agus falscaithe. Mar shampla, chuir falscaithe a scrios thart ar 900,000 heictéar de thalamh i ndeisceart na hEorpa go mór le triomach 2022 - achar atá ann atá chomh mór leis an gCorsaic. Dhóigh falscaithe 500,000 hectéar sa bhreis in 2023, leis an tionchar is mó le féachaint acu ar an nGréig, an Iodáil, an Spáinn agus ar an bPortaingéil.

Ní hamháin teocht an-ard a thagann le hathrú na haeráide, ach tuilte tromchúiseacha freisin, atá tar éis tarlú ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas. Le 30 bliain anuas, tá tuilte tar éis tionchar a imirt ar 5.5 milliún duine in AE, 3,000 duine a mharú agus níos mó ná €170 billiún de dhochar eacnamaíoch a chruthú.


Maraíodh breis agus 200 duine de dheasca tuilte sa Ghearmáin agus sa Bheilg in 2021 agus chosnaigh sé €44 billiún chun dul i ngleic leis an damáiste a tháinig leo. Measadh gurb ionann an damáiste a tharla sa tSlóivéin in 2023 agus 16% dá holltáirgeacht intíre agus gur chruthaigh stoirm Daniel sa Ghréig na billiúin i ndamáiste eacnamaíoch. Bhuail tuilte tromhchúiseacha an Ostair, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic i mí Mheán Fómhair 2024.

Ní hamháin go gcruthaíonn na tubaistí nádúrtha seo damáiste ábharach agus bás, ach bíonn tionchar acu ar éiceachórais, talmhaíocht, soláthairtí uisce, sláinte, slándáil fuinnimh, slándáil bia, bonneagar agus turasóireacht freisin. Ina theannta sin, is bagairtí atá iontu ar an ngeilleagar agus ar mhargaí airgeadais.

Cad is féidir le AE a dhéanamh chun dul i ngleic le agus teacht chuici féin ó thubaistí nádúrtha?


Sásra um Chosaint Shibhialta


I gcás éigeandála, is féidir le AE a Shásra um Chosaint Shibhialta a chur i bhfeidhm. Bealach atá ann chun dul i ngleic le héigeandáil i mbealach eagraithe agus chun cabhair a thabhairt do na tíortha cuí aghaidh a thabhairt air le chéile, lena n-áirítear gach tír AE chomh maith le 10 dtír eile san Eoraip (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin).

Cuireann an Sásra um Chosaint Shibhialta tacaíocht lóistíochtúil agus oibríochtúil ar fáil chun feabhas a chur ar chosc, ar ullmhacht agus ar mar a dtéitear i ngleic le tubaistí.


Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála


Ó 2021 ar aghaidh, comhcheanglaíonn an Cúlchiste um Dhlúthpáirtíocht agus Cabhair Éigeandála dhá mheicníocht chun éifeachtúlacht agus solúbthacht an phróisis cúnaimh a fheabhsú agus chun tacú le téarnamh fadtéarmach: an t-iar-Chúlchiste um Chabhair Éigeandála agus Ciste Dlúthpháirtíochta an AE.


Le linn leasuithe ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais do 2021-2027, a formheasadh in 2024, mhéadaigh uasbhuiséad an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála ó €1.2 billiún go €1.5 billiún.

Cuireann an Cúlchiste cúnamh airgeadais ar fáil go tapa i gcás cineálacha éagsúla tubaistí amhail cinn nádúrtha nó i ngéarchéimeanna daonnúla i dtíortha AE nó ina gcomharsana. Mar shampla, tugadh cabhair don Tuirc tar éis di dhá chrith talún a fhulaingt in 2020 agus in 2023. A bhuí leis an gCiste, is féidir tacaíocht a thabhairt i bhfoirm cúnamh daonnúil agus sna pleananna chun daoine a tharrtháil, trí bhia, foscadh, cúnamh leighis agus iompar a sholáthar chomh maith le hiarracht a dhéanamh an tír a athógáil.

Mar chuid den Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, cuireann Ciste Dlúthpháirtíochta an AE tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí ar fáil do thíortha an Aontais nó do thíortha is iarrthóirí i gcás mórthubaistí nádurtha amhail tuileadh, dóiteán foraoise, crith talún, stoirm nó triomach, nó i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar nós phaindéim COVID-19.

Beartas Comhtháthaithe AE

Uirlis eile chun téarnamh fadtéarmach agus atógáil a chur chun cinn ná cistí de chuid Bheartas Comhtháthaithe AE, a chabhraíonn le bonneagar a hatógáil, seirbhísí poiblí damáistithe a dheisiú agus ullmhacht a fheabhsú do ghéarchéimeanna nó d'éigeandála sa todhchaí.

Faoin mbeartas Comhtháthaithe, is féidir le Ciste Forbaíochta Réigiúnaí na hEorpa tacú leis an mbonneagar agus Ciste Sóisialta na hEorpa le téarnamh sóisialta amhail oiliúint nó tacaíocht shíceolaíoch. Is minic a bhaintear leas as an mBeartas Comhtháthaithe chun infheistíocht a dhéanamh san iompar agus sa chomhshaol i dtíortha AE nach bhfuil chomh rachmasach céanna le tíortha eile an Aontais, ach is féidir leas a bhaint as freisin chun cosc tubaistí, téarnamh agus atógáil a mhaoiniú sna hearnálacha a chlúdaítear.

Ullmhacht a fheabhsú


Cé gur féidir le tubaistí nádúrtha tarlú in áit agus ag am ar bith, bíonn tábhacht an-mhór ag leibhéal ullmhachta tír i dtionchar tubaiste a mhaolú.


Tá iliomad bearta agus tionscnamh ag an Aontas chun seasmhacht in aghaidh an cineál seo eachtra a mhéadú. Faoin gComhaontú Glas don Eoraip, tá sé mar aidhm ag AE neodracht aeráide a bhaint amach faoin mbliain 2050 agus dul i ngleic le téamh domhanda, a bhfuil baint díreach aige le han-chuid tubaistí nádúrtha. Bainfear leas as uirlisí cosúil le Sraitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú chun sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach.

Feisirí ag éileamh tuilleadh maoinithe agus freagairt níos tapúla ar thubaistí nádúrtha


I mí Dheireadh Fómhair 2024, d'fhormheas an Pharlaimint togra an Choimisiúin Eorpaigh chun leas a bhaint as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh ar mhaithe le cabhair a thabhairt don Iodáil, an tSlóivéin, an Ostair, an Ghréig agus an Fhrainc déileáil leis an damáiste a chruthaigh tuilte tromchúiseacha agus cioclóin ina dtíortha in 2023.

Mí roimhe sin, d'éiligh feisirí go ndéanfar tuilleadh airgid a chaitheamh ar ullmhacht an Aontais chun dul i ngleic le tubaistí nádúrtha a fheabhsú agus leag siad béim ar an ngéarghá le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i mbainistíocht tuilte agus cosc a chur leo ar an gcéad dul síos.

Ina theannta sin, d'éiligh an Pharlaimint go ndéanfar airgead ón gCiste Dlúthpháirtíochta a thabhairt do thíortha a bhfuil gá acu leo níos tapúla. Tá feisirí faoi leith den tuairim nach mór béim a leagadh ar dheireadh a chur le hathrú aeráide i mBeartas Comhtháthaithe AE, nó conas dul i ngleic leis, agus go bhfuil dualgas ar an gCoimisiún Plean Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide a chur i láthair. Is féidir leas solúbtha a bhaint as cistí eile an Aontais chun faoiseamh a thabhairt i ndiaidh tubaistí nádúrtha chomh maith. I mí na Nollag 2024, d'fhormheas an Pharlaimint rialacha chun úsáid Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Bheartas Chomhtháthaithe AE agus Chiste Sóisialta na hEorpa Plus a cheadú chun téarnamh tapa agus solúbtha a mhaoiniú do thíortha in am an gháthair.


Chomh maith leis sin, cheadaigh an Pharlaimint airgead a úsáid a lonnaíodh don fhorbairt uirbeach agus nár caitheadh ar deireadh chun cúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí, do dhaoine a bhfuil foraoisí acu agus do ghnóthaí beaga atá ag obair sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht.

An Ciste Dlúthpháirtíochta