Skip to main content
Students walking on campus

Cúrsaí Staidéir in COC


Tá an iliomad cúrsaí in COC a bhfuil léann na Gaeilge go smior iontu. Táid seo dírithe ar mhic léinn fo- agus iarchéime, orthu siúd atá ag gabháil don aosoideachas leanúnach agus ar an bpobal i gcoitinne.

Fáilte

Tá COC meáite ar an nGaeilge a chur chun cinn mar chuid lárnach de shaol na hollscoile. Tá cosáin éagsúla i gceist lenár gcuid cúrsaí. Cuir snas ar do chuid Gaeilge labhartha nó tabhair faoi chéim nó iarchéim. Féach ar na cúrsaí go léir thíos:

Spléachadh ar léann na Gaeilge in COC

Scoil Léann na Gaeilge

Trí roinn atá i Scoil Léann na Gaeilge: Roinn na Nua-Ghaeilge, Roinn na Sean- is na Meán-Ghaeilge, agus Roinn an Béaloidis.

Tuilleadh Eolais

Ionad na Gaeilge Labhartha

Spléachadh ar Ionad na Gaeilge Labhartha.

Tuilleadh Eolais

Eispéireas na Mac Léinn

Mar mhac léinn in COC, beidh an deis agat páirt a ghlacadh i bpobal spleodrach na Gaeilge. Faigh tuilleadh eolais ar eispéireas na mac léinn thíos.

Saol na Mac Léinn

An Chuallacht

Cumann Gaelach UCC. Ag cur na Gaeilge i lár an aonaigh ó 1912.

Tuilleadh Eolais

Cumann an Cheoil Thraidisiúnta

Dúchas an Cheoil Ghaelaigh in COC.

Tuilleadh Eolais

Áras Uí Thuama

Bloc árasán nua-aimseartha do mhic léinn is ea Áras Uí Thuama. Geall le Gaeltacht na hOllscoile is ea é agus é suite in aice le Goirt na Laoi.

Tuilleadh Eolais

Barr na gCnoc

Tá an tionscnamh Barr na gCnoc faoi stiúir Ionad na Gaeilge Labhartha. Tionscnamh ar mhaithe le pobalscoileanna is ea é seo arna mhaoiniú ag an ÚAO agus a fhaigheann cúnamh na hollscoile.

Tuilleadh Eolais

Bord na Gaeilge

Is coiste staitiúideach é Bord na Gaeilge, faoi choimirce an Údaráis Rialaithe, a cuireadh ar bun faoi Chaib. E, Mír 8 de Phríomh-Staitiúid Choláiste na hOllscoile Corcaigh agus tháinig i bhfeidhm i mí Meithimh 2008. Leagann an Bord polasaí síos maidir le cur chun cinn na Gaeilge i saol an Choláiste.

Tuilleadh Eolais

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Bóthar an Choláiste, Corcaigh, T12 K8AF,

Top