Parlaimint na hEorpa: Cúlra stairiúil

Téann bunús Pharlaimint na hEorpa siar go dtí Comhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), as a ndearnadh comhthionól na dtrí chomhphobal Eorpacha fhornáisiúnta a bhí ann ag an am. Tugadh an t-ainm ‘Parlaimint na hEorpa’ ar an tionól ina dhiaidh sin. Le himeacht ama, tá athruithe móra tagtha ar an institiúid, a bhfuil a Feisirí á dtoghadh go díreach ó 1979: d’athraigh sí ó thionól le comhaltaí ceaptha go dtí parlaimint thofa a aithnítear mar an comhlacht a shocraíonn clár oibre an Aontais Eorpaigh.

Bunús dlí

  • Na Conarthaí bunaidh(1.1.1, 1.1.2, 1.1.3, 1.1.4, 1.1.5);
  • Cinneadh agus Ionstraim maidir le toghadh ionadaithe an Tionóil trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (20 Meán Fómhair 1976), mar a leasaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 25 Meitheamh agus an 23 Meán Fómhair 2002.
  • Airteagail 14(2) agus 17(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Trí chomhphobal, tionól amháin

Tar éis bhunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, cuireadh le Comhthionól CEGC chun na trí Chomhphobal le chéile a chumhdach. Le 142 Fheisire, tháinig an tionól nua le chéile den chéad uair in Strasbourg an 19 Márta 1958 mar ‘Thionól Parlaiminteach na hEorpa’, agus d’athraigh sé a ainm go ‘Parlaimint na hEorpa’ an 30 Márta 1962.

Ó thionól ceaptha go dtí parlaimint thofa

Sular tugadh isteach na toghcháin dhíreacha, cheap gach Parlaimint náisiúnta de chuid na mBallstát Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna). Dá bhrí sin, bhí dé-shainordú ag gach Feisire.

Agus toghcháin dhíreacha á bplé, ag an gcruinniú mullaigh a reáchtáladh i bPáras an 9 agus an 10 Nollaig 1974, cinneadh ‘gur cheart iad a reáchtáil in 1978 nó níos déanaí’ agus iarradh ar an bParlaimint tograí nua a thíolacadh a thiocfadh in ionad a dréacht-choinbhinsiúin bunaidh ó 1960. I mí Eanáir 1975, ghlac an Pharlaimint dréacht-choinbhinsiún nua, agus tháinig na Cinn Stáit nó Rialtais ar chomhaontú ar a bhonn sin, tar éis dóibh difríochtaí tuairime a réiteach, ag a gcruinniú an 12 agus an 13 Iúil 1976.

Síníodh an Cinneadh agus Ionstraim maidir le toghadh chomhaltaí an Tionóil trí vótáil chomhchoiteann dhíreach sa Bhruiséil an 20 Meán Fómhair 1976. Nuair a dhaingnigh na Ballstáit uile í, tháinig an ionstraim i bhfeidhm i mí Iúil 1978 agus reáchtáladh na chéad toghcháin an 7 agus an 10 Meitheamh 1979.

Méaduithe

Nuair a tháinig an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach sna Comhphobail Eorpacha an 1 Eanáir 1973 (an chéad mhéadú), cuireadh 198 nduine le líon na bhFeisirí.

Don dara méadú, le haontachas na Gréige an 1 Eanáir 1981, cheap Parlaimint na Gréige 24 Fheisire Ghréagacha chuig an bParlaimint, ar cuireadh Feisirí a bhí tofa go díreach ina n-áit i mí Dheireadh Fómhair 1981. Reáchtáladh na dara toghcháin dhíreacha an 14 agus an 17 Meitheamh 1984.

An 1 Eanáir 1986, leis an tríú méadú, mhéadaigh líon na suíochán ó 434 go dtí 518 nuair a tháinig 60 Feisire Spáinneach agus 24 Fheisire Phortaingéalacha, arna gceapadh ag a bParlaimintí náisiúnta agus ar cuireadh Feisirí a toghadh go díreach ina n-áit ina dhiaidh sin.

Tar éis athaontú na Gearmáine, oiriúnaíodh comhdhéanamh na Parlaiminte chun an t-athrú déimeagrafach a léiriú. I gcomhréir leis na moltaí arna leagan amach ag an bParlaimint i rún an 10 Meitheamh 1992 uaithi dar teideal ‘nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach: scéim chun suíocháin Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a leithdháileadh’, méadaíodh líon na bhFeisirí ó 518 go dtí 567 do thoghcháin mhí an Mheithimh 1994. Tar éis cheathrú méadú AE, mhéadaigh líon na bhFeisirí go dtí 626, le leithdháileadh suíochán cothrom do na Ballstáit nua i gcomhréir leis an rún thuasluaite.

Leis an gComhdháil Idir-Rialtasach, a tháinig le chéile i rith 2000 in Nice (an Fhrainc), tugadh isteach dáileadh nua suíochán sa Pharlaimint, a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na toghcháin Eorpacha in 2004. Méadaíodh líon uasta na bhFeisirí (a socraíodh ag 700 roimhe sin) go dtí 732. Tháinig laghdú 91 suíochán ar leithdháileadh na suíochán ar na Ballstáit a bhí ann cheana (ó 626 go dtí 535). Dáileadh an 197 suíochán a bhí fágtha idir na Ballstáit uile idir shean agus nua ar bhonn pro rata.

Le haontachas na Bulgáire agus na Rómáine an 1 Eanáir 2007, méadaíodh líon na suíochán sa Pharlaimint go sealadach go dtí 785 chun fáiltiú roimh Fheisirí ó na tíortha sin. Tar éis thoghcháin 2009, a reáchtáladh ón 4 go dtí an 7 Meitheamh, laghdaíodh líon na suíochán go dtí 736. Ós rud é go raibh líon uasta de 751 Fheisire, a mhéadófaí go sealadach go dtí 754 go dtí na chéad toghcháin eile, socraithe le Conradh Liospóin de bhun Airteagal 14(2) CAE, cuireadh 18 bhFeisire leis an 736 a toghadh i Meitheamh 2009 le linn théarma 2009-2014, tar éis do na Ballstáit prótacal leasaitheach a dhaingniú, a glacadh ag gComhdháil Idir-Rialtasach, an 23 Meitheamh 2010. Le haontachas na Cróite an 1 Iúil 2013, méadaíodh líon uasta na suíochán go sealadach go dtí 766, chun fáiltiú roimh 12 Fheisire ón gCróit, a toghadh i mí Aibreáin 2013 (i gcomhréir le hAirteagal 19 den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite).

Laghdaíodh líon na suíochán go dtí 751 do thoghcháin 2014. Rinneadh athbhreithniú ar dháileadh na suíochán arís (le 705 Feisire) mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, a raibh éifeacht aici ón 1 Feabhra 2020 (1.3.3). Agus athruithe déimeagrafacha sna Ballstáit ó thoghcháin 2019 á léiriú, leithdháileadh 11 shuíochán bhreise de réir togra ón bParlaimint ina rún an 15 Meitheamh 2023, de bhun Airteagal 14(2) CAE. Leis an gcinneadh críochnaitheach uaithi an 22 Meán Fómhair 2023, chuir an Chomhairle Eorpach ceithre shuíochán eile leis sin, rud a fhágann gur 720 an líon iomlán Feisirí atá le toghadh do théarma parlaiminteach 2024-2029.

Méadú cumhachtaí de réir a chéile

Nuair a tháinig acmhainní dílse an Chomhphobail in áit ranníocaíochtaí na mBallstát (1.4.1) méadaíodh cumhachtaí buiséadacha na Parlaiminte faoi Chonradh Lucsamburg, a síníodh an 22 Aibreán 1970. Síníodh an dara conradh ar an ábhar céanna, eadhon cumhachtaí na Parlaiminte a neartú, sa Bhruiséil an 22 Iúil 1975 (1.1.2).

Le hIonstraim Eorpach Aonair an 17 Feabhra 1986 cuireadh le ról na Parlaiminte i réimsí reachtacha áirithe (nós imeachta comhair) agus chuir sí conarthaí aontachais agus comhlachais faoi réir a aontaithe.

Le Conradh ar an Aontas Eorpach an 7 Feabhra 1992, lenar cruthaíodh an tAontas Eorpach (AE), agus mar a ndearnadh nós imeachta comhchinnteoireachta i réimsí áirithe reachtaíochta a thabhairt isteach agus an nós imeachta comhair a leathnú chuig réimsí eile, chonacthas mar a d’aistrigh an Pharlaimint isteach i ról an chomhreachtóra. Thug an Conradh an chumhacht don Pharlaimint formheas críochnaitheach a bheith aici maidir le ballraíocht an Choimisiúin: ba chéim thábhachtach é seo i gcomhthéacs chumhacht rialaithe pholaitiúil na Parlaiminte ar fheidhmeannas AE (1.1.3).

Le Conradh Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997, leathnaíodh an nós imeachta comhchinnteoireachta go dtí formhór na réimsí reachtaíochta agus rinneadh athchóiriú air, agus rinneadh comhreachtóir ar chomhchéim leis an gComhairle den Pharlaimint. Cuireadh ceapadh Uachtarán an Choimisiúin faoi réir fhormheas na Parlaiminte, ag cur lena cumhachtaí rialaithe ar an bhFeidhmeannas. Le Conradh Nice, leathnaíodh raon feidhme an nós imeachta comhchinnteoireachta tuilleadh.

An 26 Feabhra 2001 síníodh Conradh Nice, lenar leasaíodh CAE, na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach (CCE) agus ionstraimí gaolmhara áirithe, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2003. Bhí sé mar aidhm leis an gconradh nua sin athchóiriú a dhéanamh ar struchtúr institiúideach an Aontais Eorpaigh chun go mbeadh sé in ann dul i ngleic leis na dúshláin a bhain le méadú todhchaíoch. Méadaíodh cumhachtaí reachtacha agus faireacháin na Parlaiminte agus cuireadh síneadh le vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle chun tuilleadh réimsí a chumhdach (1.1.4).

Ba leathnú tábhachtach eile é Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (1.1.5) an 13 Nollaig 2007 ar vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle a chur i bhfeidhm (ag baint úsáid as bealach nua ón 1 Samhain 2014 – Airteagal 16 CAE) agus ar an nós imeachta comhchinnteoireachta a chur i bhfeidhm (atá leathnaithe anois go dtí thart ar 45 réimse reachtacha nua). Rinneadh an nós imeachta cinnteoireachta is mó a úsáidtear den ‘ghnáthnós imeachta reachtach’ sin, lena gcumhdaítear gach réimse tábhachtach beartais de CFAE (Airteagal 294 – sean-Airteagal 250 CCE). D’éirigh ról na Parlaiminte i dtaca le leasuithe conartha a bheidh ann amach anseo a ullmhú i bhfad níos suntasaí freisin (Airteagal 48 CAE). Thairis sin, mar chuid de Chonradh Liospóin (agus, ar dtús, mar chuid den dréacht-chonradh ag bunú bunreachta don Eoraip), rinneadh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a shínigh Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa, an Choimisiúin agus na Comhairle ag an gComhairle Eorpach in Nice an 7 Nollaig 2000, ceangailteach ó thaobh dlí (4.1.2).

Ba léir ó thoghcháin Eorpacha an 23-26 Bealtaine 2019, go raibh lán-úsáid bainte ag an bParlaimint as forálacha Airteagal 14 CAE, a deir go ‘[ndéanfaidh] Parlaimint na hEorpa i gcomhpháirt leis an gComhairle, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha a fheidhmiú. Feidhmeoidh sé feidhmeanna maidir le rialú polaitiúil ... Toghfaidh sí Uachtarán an Choimisiúin’. Thairis sin, de réir Airteagal 17(7) CAE, tá comhaltaí eile an Choimisiúin, ina n-iomláine, faoi réir vóta um thoiliú ag Parlaimint na hEorpa.

Léiríonn taighde a rinneadh le déanaí ar a mhéid a chuireann an Pharlaimint le fás go gcuireann an reachtaíocht a ullmhaíonn sí os cionn trilliún euro in aghaidh na bliana le OTI AE, trí chearta chónaitheoirí agus ghnólachtaí AE a neartú[1]. Déantar rannchuidiú suntasach eile le buiséad AE (1.4.3)[2]. Tacaítear le reachtaíocht atá bunaithe ar fhianaise agus ar shaineolas le staidéir agus ceardlanna arna soláthar ag cúig roinn beartais a chuireann saineolas, anailís agus comhairle beartais ardleibhéil neamhspleách ar fáil arna iarraidh sin do choistí, do thoscaireachtaí, don Uachtarán, don Bhiúró agus don Ardrúnaí.

Ó thoghcháin 2014, tá príomhiarrthóirí curtha i láthair ag páirtithe polaitiúla Eorpacha (1.3.3) d'oifig Uachtarán an Choimisiúin, agus é mar aidhm acu rannpháirtíocht vótálaithe sna toghcháin Eorpacha a mhéadú.

Tar éis shíniú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, an 24 Eanáir 2020, thug an Pharlaimint a toiliú don chinneadh ón gComhairle an comhaontú um tharraingt siar sin a thabhairt i gcrích (Airteagal 50(2) CAE). Chomh maith leis sin, ba é an vóta (621-49) an 29 Eanáir 2020, an uair dheireanach a shuigh Feisirí ón Ríocht Aontaithe sa Pharlaimint, ós rud é go raibh éifeacht ag an tarraingt siar an 1 Feabhra 2020.

An 28 Aibreán 2021, thug an Pharlaimint a toiliú (Airteagal 218(6)a CFAE) do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.

Beidh na chéad toghcháin eile don Pharlaimint ar siúl an 6-9 Meitheamh 2024.

Is í an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla i bParlaimint na hEorpa a ullmhaíonn an bhileog eolais seo.

 

[1]Maciejewski M., Contribution to Growth: Delivering economic benefits for citizens and businesses [Rannchuidiú leis an bhfás: Tairbhí eacnamaíocha a bhaint amach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2019.
[2]Stehrer R. et al., How EU funds tackle economic divide in the European Union [An chaoi ina dtéann cistí AE i ngleic leis an deighilt eacnamaíoch san Aontas Eorpach], Foilseachán don Choiste um Buiséid, an Roinn Beartais um Ghnóthaí Buiséadacha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020.

Udo Bux / Mariusz Maciejewski